Méid an Téacs

BA (Gaeilge Fheidhmeach) Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Bealtaine 14, 2013

Cúrsa eisceachtúil an chéim seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Is é seo an t-aon chlár in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is é aidhm na céime spéis an mhic léinn i saol agus léann na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú. Fágann modh seachadta an chúrsa go mbeidh deis ag mic léinn ar scoth an teagaisc ach nach mbeidh ualach míréasúnta taistil orthu. Tá an chéim á tairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Gaeilge.

Cé air a bhfuil an chéim seo dírithe?
Foghlaimeoirí lánfhásta is mó a bhainfidh tairbhe as an gcúrsa seo. Tabharfar aitheantas do mhic léinn a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair. Is féidir leat cáilíocht a bhaint amach anois de réir a chéile agus de réir mar a fheileann duitse.

Cáilíocht a bhainfear amach
Bronnfar céim (NQAI leibhéal 8) ar mhic léinn a chríochnaíonn na ceithre bliana den chúrsa (i.e. 180 ECTS). Bronnfar creidmheasanna in aghaidh an mhodúil freisin. Sásaíonn an cháilíocht seo bunchritéir na Comhairle Múinteoireachta i leith mhúineadh na Gaeilge mar ábhar ardteiste

Riachtanais iontrála

  • Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal)sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile.
  • Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.

Cé mar a dhéanfar an clár a sheachadadh?
Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana agus bainfear leas as foghlaim chumaiscthe lena tairiscint. Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúil. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá gcúinsí maireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile.
Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé freisin. Sa chéad agus sa dara bliain den chéim seachadfar na ranganna teanga in ionaid de chuid na hOllscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.

Cuimseoidh siollabas an chláir

  • Ceartúsáid na teanga
  • Cúrsaí litríochta
  • Béaloideas agus stair chultúrtha
  • Gnéithe den aistriúchán agus den iriseoireacht

An Córas Measúnachta
Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar líne i rith na bliana acadúla. Measúnófar na modúil uile ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnuithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an tseimeastair.

Deiseanna Fostaíochta i réimse na Gaeilge
Bíonn éileamh ar chéimithe le Gaeilge Fheidhmeach sna réimsí seo:

  • Aistriúchán
  • Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
  • Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
  • Margaíocht agus cumarsáid
  • An earnáil oideachais
  • An Státseirbhís agus
  • údaráis áitiúla
  • An earnáil phobail agus ghnó

Lacáiste Cánach
Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh cánach do tháillí teagaisc ar an gcúrsa seo. Tuilleadh eolais le fáil ar http://www.revenue.ie/ga/tax/it/leaflets/it31.html

Líon mac léinn: 60
Táille Bhliantúil: €3055
Táille in aghaidh an mhodúil (5ECTS): €340 (Beidh tobhach €56 le híoc ag mic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa seo.)
Iarratas a dhéanamh: www.oegaillimh.ie/acadamh nó www.oegaillimh.ie/gaeilge
Tús an Chúrsa: Mean Fómhair 2013
Cláraigh roimh: 23ú Lúnasa 2013