Curaidh Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2011 ag ceiliúradh!
Aibreán 1, 2011
Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Mheánscoil na Toirbhirte, Durlas, Co. Thiobraid Árann agus ó Scoil Pháirc Sandford, Raghnallacha thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh Gael Linn 2011 leo!
Is san Óstán Heritage, Portlaoise, a bhí na díospóireachtaí ar siúl Déardaoin seo caite, 31 Márta. Comórtas é seo atá á reáchtáil go náisiúnta ag Gael Linn do scoileanna dara leibhéil ó 1960 i leith agus bhí os cionn 150 foireann páirteach ann i mbliana.
Sa chraobh shóisearach, bhí neart tuairimí ag na cainteoirí óga ar an ábhar ‘Tá déagóirí na tíre seo beag beann ar an gcúlú eacnamaíochta!’ Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad Meánscoil na Toirbhirte, Durlas na buaiteoirí ! Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Coláiste Pobail Átha Luain, Co. na hIarmhí, Meánscoil na Trócaire, Trá Lí agus Coláiste Iosaif Naofa, Leamhcán. Is iad Edel Ní Mheachair agus Eibhlín de Stainléigh na múinteoirí a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo agus do na babhtaí ar fad a bhí acu ó mhí na Samhna seo caite.
Foireann ó Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach. Sa díospóireacht seo freisin bhí foirne ó Mheánscoil Mhuire, An Longfort; Coláiste na Toirbhirte, An Mhairdíog, Corcaigh agus Coláiste Íosagáin, Cúil an tSúdaire, Co. Laois. Phléadar an rún tráthúil: ‘Ba cheart fáil réidh le Seanad Éireann!’ agus labhair gach cainteoir go heolach ar an ábhar! Diarmuid Curraoin a bhí i mbun na foirne ó Scoil Pháirc Sandford agus é an-bhródúil as a
scoláirí!
Is é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill a bhí mar aoichathaoirleach ar an oíche agus stiúraigh sé na díospóireachtaí go paiteanta ! Léirigh sé spéis ar leith sa rún sinsearach, ní nach ionadh, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a léiríodar ar chúrsaí reatha!
Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach. Mar chuid den duais freisin, tugadh cuireadh do churaidh an chomórtais shóisearaigh, Meánscoil na Toirbhirte, Dúrlas, páirt a ghlacadh san fhéile ‘Ri Chéile’ san fhómhar. Féile díospóireachta is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille.
Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt: ‘Léiríonn an leibhéal rannpháirtíochta agus an t-ardchaighdeán díospóireachta go bhfuil scoileanna anois ag cur béim bhreise ar scileanna cumarsáide a fhorbairt.
Chreid Gael Linn i gcónaí gurb é labhairt na Gaeilge mórchuspóir na foghlama agus tá áthas orainn go bhfuil an córas oideachais á aithint sin sna marcanna breise a thabharfar sa bhéaltriail ó 2012 ar aghaidh.’
Coláiste Phádraig (S)
Aibreán 1, 2011