14 second-level schools to open in next three years
Lúnasa 4, 2011
Plan to increase school class sizes to save €75m
Lúnasa 4, 2011
17 new schools to open as pupil numbers soar
Lúnasa 3, 2011
Moltaí do mhúinteoirí Gaeilge
Lúnasa 3, 2011
Tá sé molta ag an gComhairle Mhúinteoireachta go mbeadh scrúdú ar leith ann ar chaighdeán Gaeilge na n- iarrthóirí a bheidh ag iarraidh tabhairt faoin mbunmhúinteoireacht.
Moltar gur cheart go mbeadh scrúdú breise sa Ghaeilge ann d’iarrthóirí atá ag iarraidh tabhairt faoin nGaeilge a mhúineadh ag an dara leibhéal freisin.
03 Lúnasa 2011
www.foinse.ie
Taighde ar shealbhú na Gaeilge i measc daoine óga
Lúnasa 2, 2011
Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) sásta scoláireacht a mhaoiniú do iar-chéimí Síceolaíochta chun dochtúireacht i Scoil na Síceolaíochta UCD a dhéanamh faoi stiúradh an Dr. Tina Hickey.
€15,000 per annum atá i gceist, ach ní mór táillí a íoc as sin. Bheadh an mac léinn seo i dteideal cur isteach (ag pointí áírithe i rith an staidéir) ar obair mar Tutor/Demonstrator i Scoil na Síceolaíochta UCD, obair a thugann lacáiste ar na táillí.
Critéir riachtanacha:
1. Céim Onóireach sa tSíceolaíocht (1 nó 2.1) nó Máistreacht
2. Gaeilge líofa (labhairt agus scríobh na Gaeilge a bheith líofa agus cruinn) chomh maith le hardchumas (scríofa agus labhartha) i mBéarla
3. Taithí le SPSS chun anailís a dhéanamh ar sonraí agus leibhéal ard inniúlachta le ríomhairí.
Chabhródh sé dá mbeadh staidéar déanta mar chuid den chéim ar shealbhú teanga, agus dá mbeadh taithí ag an mac léinn trialacha a chur ar pháistí óga, chomh maith le tuiscint éigin aige/aici ar shoctheangeolaíocht na Gaeltachta.
Tabharfar túsáite dóibh siúd le hard-cháilíochtaí oideachais agus ardchumas sa Ghaeilge.
An Staidéar: Na Meánchéimeanna i bhForbairt na Gaeilge
Taispeánann taighde idirnáisiúnta an achar a ghlacann sé chun smacht iomlán a fháil ar ghnéithe áirithe de theanga, agus scrúdóidh an tionscnamh seo na meánchéimeanna i bhforbairt na Gaeilge i measc páistí líofa (aonteangaigh agus dátheangaigh) idir 7-11 mbliana d’aois. Beidh ar an té a cheapfar léirbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht thrastheangeolaíoch faoi shealbhú teanga, trialacha a chumadh ar ghnéithe áirithe de mhorfeolaíocht na Gaeilge, na trialacha sin a chur ar pháistí agus ar daoine fásta, anailís a dhéanamh ar na sonraí le SPSS, agus na torthaí a mheas i gcomhtéacs na litríochta idirnáisiúnta agus i gcomhthéacs sochtheangeolaíoch reatha na Gaeilge.
Cabhróidh iniúchadh ar na gnéithe seo le tuiscint níos fearr a fháil ar ghnáthphátrúin forbartha gnéithe níos casta den teanga do pháistí in aoiseanna éagsúla agus ó chúlraí teanga éagsúla.
Iarratais: Ba cheart d’iarratas a chur chuig tina.hickey@ucd.ie mar chomhad amháin (i Word) agus é a bheith sábháilte faoi DoShloinneAinmCOGG.doc Sa chomhad amháin sin ba cheart go mbeadh:
1. CV suas chun dáta, agus eolas ann faoi na cúrsaí a rinne tú sa chéim, agus na grádanna a fuair tú. Bí cinnte go bhfuil seoltaí ríomhphoist agus uimhir fóin ann do bheirt mholtóir.
2. Litir as Gaeilge ag cur síos ar chonas a fhreagraíonn do chuid cháilíochta/taithí leis na tréithe agus cáilíochtaí atá de dhíth.
Ní mór d’iarratas a bheith istigh faoi 6 i.n. 10 Lúnasa.
Foilsithe ar Gaelport.com 28 Iúil 2011
Dea-Scéala do Ghaelscoil Uí Néill, Oileán an Ghuail
Lúnasa 2, 2011
Fógraíodh inné go gcuirfear síneadh le líon na ndaltaí a bheidh in ann freastal ar Ghaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail i dTír Eoghain amach anseo.
D’fhógair an tAire Oideachais John O’Dowd inné go mbeadh d’acmhainn ag an ngaelscoil glacadh le breis agus 180 dalta ón 1 Meán Fómhair i mbliana má chuirtear maoiniú breise ar fáil don chóiríocht scoile agus do na hacmhainní breise a bheadh ag teastáil dá réir sin.
Glacadh leis an togra chun cur le líon na ndaltaí bunaithe ar an éileamh a bhí ann i measc an phobail áitiúil agus dúirt an tAire go raibh sé ag súil go dtiocfadh méadú ar líon na ndaltaí sa scoil de réir a chéile
Foilsithe ar Gaelport.com 02 Lúnasa 2011