Méid an Téacs

Múinteoir Gaeilge le Fraincís nó Tíreolaíocht

Iúil 9, 2012

Cuireann Coláiste Beneavin De La Salle fáilte roimh iarratais don phost a leanas:

Múinteoir Gaeilge le Fraincís nó Tíreolaíocht Ard-leibhéil Ardteistméireachta.

Is post buan é an post seo.

Inmhianaithe:

  • Fraincís ina buntáiste
  • Taithí ag obair i scoil DEIS
  • Taithí mar chuid d’fhoireann acaíochta foghlama
  • Toilteanach a bheith bainteach i ngach gné den choláiste

Iarratais:

Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
The Secretary to the Board of Management
Beneavin De La Salle College
Beneavin Road
Finglas
Dublin 11

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir iarratais
  • Teistiméarachtaí scríofa
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Spriocdháta: 5 i.n., Dé Céadaoin, 18 Iúil 2012

Reáchtálfar na hagallaimh ag tús mhí Lúnasa.

Saving the Gaeltacht

Iúil 9, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

EU investment bank to lend State €100m for schools

Iúil 9, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

New Gaeltacht Placement – Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht

Iúil 9, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scléip 2012 ar Raidió na Gaeltachta

Iúil 6, 2012

Rinne Raven Productions 5 chlár do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus craobh Scléip 2012 agus craoladh iad ar na dátaí thíos:

  • Babhta Laighean: 9ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
  • Babhta Mumhan: 16ú  Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
  • Babhta Ulaidh: 23ú Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
  • Babhta Chonnachta: 30ú  Meitheamh 2012 @ 9.00 r.n
  • Craobh Ceannais: 7ú Iúil 2012 @ 9.00 r.n

Ar chaill tú Scléip ar Raidió na Gaeltachta? Éist leis an gclár ar líne!

Éist leis an gclár anseo

Comhghairdeas arís leis na buaiteoirí agus a gcuid scoileanna agus ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus a fhoireann as Raven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas i mbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta.

Grúpa nua tuistí agus leanaí bunaithe i gCeatharlach

Iúil 5, 2012

Tá an-áthas ar Ghlór Cheatharlach a fhógairt go gcuirfear tús le grúpa nua dátheangach Tuistí agus Leanaí dar teideal SPRAOI ar an Mháirt an 10ú Iúil.

Eagraithe faoi scath Comhluadar Teo tiocfaidh an grúpa le chéile gach maidin Mháirt ó 10-12 meánlae in Ionad Phobail New Oak.

Beidh cupán tae nó caife ar fáil do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bheidh na páistí ag súgradh. Cuirfear fíór fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraoiúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge-díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!

Tá costas €3 an chlann in aghaidh an lae i gceist agus beidh tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin.  Tá an grúpa oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.

Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus fáilte roimh cách!

http://www.carlow-nationalist.ie/

Folúntas: Iúil 2012: Oifigeach Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Post páirtaimseartha chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach

Iúil 4, 2012

Conradh ar Théarma Seasta ar bhonn Pháirtaimseartha go dtí an 21 Nollaig 2012 chun tréimhse Saoire Mháithreachais a chlúdach.

Fáiltíonn Oifig an Uachtaráin, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath roimh iarratais don fholúntas d’Oifigeach na Gaeilge, ar chonradh ar théarma seasta go dtí an 21 Nollaig 2012 ar bhonn páirtaimseartha, 19.5 uair in aghaidh na seachtaine chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach.

Beidh sé mar fhreagracht ar Oifigeach na Gaeilge:

  • Feidhmiú Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 2012-2015 agus Rialacháin agus Dualgais Dhíreacha an Achta san Institiúid a éascú.
  • Riachtanais aistriúcháin na hInstitiúide a chomhlíonadh.
  • Ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna don fhoireann agus do mhic léinn chomh maith le Scéim Scoláireachta Gaeltachta na hInstitiúide a eagrú agus a bhainistiú.
  • Scéim Cónaithe Gaeilge 2012/13 na mac léinn a eagrú agus a bhainistiú.
  • Clár imeachtaí Gaeilge san Institiúid a eagrú i gcomhpháirtíocht le cumainn agus le grúpaí éagsúla.
  • Cúraimí ginearálta oifige a chomhlíonadh lena n-áirítear bainistiú buiséid agus suíomhanna gréasáin agus obair riaracháin Oifig na Gaeilge.

Ní mór d’iarrthóirí: Cáilíocht Céime/Iarchéime i nGaeilge agus i Scileanna Aistriúcháin Ghaeilge nó cáilíocht chomhionann; ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag obair trí mheán na Gaeilge; sárchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge; taithí ar obair aistriúcháin i nGaeilge; taithí ar eagrú imeachtaí agus bainistiú tionscadal chomh maith le hard scileanna idirphearsanta, cumarsáide, eagrúcháin agus éascaithe agus spéis faoi léith i gcur chun cinn na Gaeilge in ITBÁC, a bheith acu.

Tá gach eolas le fáil agus is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag: http://www.dit.ie/hr/resourcing/resourcingandrecruitment/vacancies/

Spriocdháta d’iarratais: Dé Máirt 17 Iúil 2012.

Deireadh le samhail

Iúil 4, 2012

D’FHÓGAIR Foras na Gaeilge go raibh deireadh lena scéim chonspóideach, An tSamhail Nua Mhaoinithe, i ndiaidh chruinniú boird i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, Dé hAoine seo caite.

Dúirt an bord nach leanfaí ar aghaidh leis an tsamhail agus go raibh siad le €6.7 milliún a bhronnadh ar na heagrais dheonacha Ghaeilge idir seo agus Meitheamh 2013. Cnámh spairne idir an foras agus na heagraíochtaí Gaeilge a bhí sa tsamhail. Ba é cuspóir an phlean nua scéimeanna a mhaoiniú in áit bunmhaoiniú a thabhairt do na heagrais as obair a dhéanamh. Cháin na heagraíochtaí an tsamhail go trom.

Dúirt an foras go n-amharcfadh siad anois “ar mhúnlaí eile” maoinithe agus go mbeadh siad “ag comhoibriú leis na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna beaga romhainn lena dheimhniú go mbainfear torthaí fónta amach roimh dheireadh na tréimhse bunmhaoinithe”.

Fáilte a chuir na heagraíochtaí agus saineolaí roimh an chinneadh. Dúirt cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, gur cheap a ghrúpa riamh go raibh an tsamhail go huile in aghaidh bhunphrionsabail na pleanála teanga.

Bhí sé “dóchasach”, ámh, go mbeadh tréimhse páirtnéireachta idir an earnáil dheonach agus an foras anois.

Bhí “deis iontach” ann le plé a dhéanamh ar imeachtaí Gaeilge gach eagras agus déanamh cinnte de go mbeadh “gach dream ag obair as lámh a chéile agus i dtreo spriocanna comónta oibre ar bhonn 32 contae”.

Mhol sé don fhoras tabhairt faoi “anailís agus taighde gairmiúil” ar obair na n-eagras ar fad agus na bealtaí ab fhearr a aimsiú le tabhairt “faoi athréimiú na teanga in Éirinn agus thar lear”.

Ba thrua le ceannasaí Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, “gur cuireadh an oiread sin ama agus fuinnimh amú” leis an tsamhail ach ba chóir do lucht na teanga “a bheith dearfach agus dul ar aghaidh i spiorad na comhpháirtíochta”.

“Céim mhór chun cinn” a bhí sa chinneadh agus bhí deis ag na páirtithe uilig tosú as an nua le teacht ar mhúnla a bheadh in ann freastal “go héifeachtach ar riachtanais na Gaeilge”.

Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin de Barra, go raibh barraíocht ama caite ag plé leis an tsamhail “a bhí chomh lochtach sin gur éard a bheadh mar thoradh uirthi ná aimhleas na Gaeilge”.

Mhol sé go leanfadh gach grúpa ar aghaidh “ar bhonn comhpháirtíochta” agus comhairle a lorg ó shaineolaithe leis na seirbhísí teanga ab fhearr a chothú.

Dúirt an Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin, saineolaí ar phleanáil teanga ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go raibh seans ann “plé faoi aidhm an mhaoinithe a atosú ar bhonn níos sláintiúla agus níos oscailte”.

Ba cheart do na heagraíochtaí “plé níos misniúla a bheartú leis an bhforas d’fhonn caidreamh dinimiciúil idir na heagraíochtaí agus an pobal a chothú. Is tábhachtaí i bhfad, i ndeireadh na dála, féiniúlacht shóisialta na Gaeilge seachas a féiniúlacht theoranta eagraíochtúil”.

BLIANTA FADA achrannacha de chaint agus de cháineadh agus ansin, go tobann, tá deireadh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe. Tá an cinneadh ceart déanta ag bord an fhorais agus tá siad le moladh as sin. Tá ciall leis an chinneadh, fiú más ciall cheannaithe í. Agus, bíodh is go bhfuil siad le moladh as an socrú a dhéanamh, b’fhéidir nár mhiste do lucht an fhorais suí síos lá níos faide anonn agus machnamh fada a dhéanamh ar an iaróg a ghin an tsamhail.

Cad chuige ar lean siad di ar feadh na mblianta nuair a ba léir go raibh olc ar na heagrais leis an phlean agus nuair a ba léir nach raibh éifeacht ar bith ann ar chor ar bith?
Muna ndéanann an próiseas seo maith ar bith eile, b’fhéidir go ndéanfadh sé maith mhór amháin – go gcuirfeadh sé i gcuimhne don fhoras nach os cionn na n-eagraíochtaí eile atá sé ach páirteach san obair chéanna leo.

Is doiligh gan teacht leis na heagrais dheonacha agus iad ag caint ar chur amú fuinnimh agus ama – am agus fuinneamh nach bhfuil le spáráil. Tá an t-am ag imeacht agus an teanga leis. Ní áibhéil a rá go bhfuil drochdhóigh ar chúrsaí Gaeilge, bíodh is go bhfuil daoine maithe agus imeachtaí fiúntacha ann.

Faoin fhoras agus faoi na heagraíochtaí a bheidh sé an teanga a chur ar an chlár náisiúnta agus tábhacht na teanga sa Ghaeltacht, sa chóras oideachais, sa saol poiblí, mar shampla, a chur ar a súile do pholaiteoirí. Samhail de chineál eile – agus samhail níos fiúntaí.

IRISH TIMES

Múinteoir Gaelscoile

Iúil 4, 2012

Tá muinteoir á lorg ag Gaelscoil na Dúglaise, le  tréimhse mháithreachais a chlúdú.

Cuirfear tús leis an tréímhse oiliúna ar 29 Lúnasa 2012.

Mairfidh an saoire maithreachais seo go dtí Mí Aibreáin 2013 ar a laghad.

Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost chuig:
FAO An Cathaoirleach,
Gaelscoil na Dúglaise,
Douglas,
Cork.

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir chlúdach
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Gráid an chleachtaidh teagaisc
  • Tuairiscí cigireachta
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • An ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Is Gaelscoil tumoideachais caitliceach í seo.

Spriocdháta: 17 Iúil 2012

Cúntóir riachtanas speisialta

Iúil 4, 2012

Tá cúntóir riachtanas speisialta á lorg ag Scoil Adhamhnáin, Co. Dhún na nGall.

Cuirfear tús leis an tréímhse oiliúna ar 31 Lúnasa 2012.

Is post uaireanta Naíonáin atá sa phost seo

Iarratais:
Is post i scoil Ghaeltachta í seo agus glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin.

Seolfar iarratais tríd an bpost chuig:
FAO An Cathaoirleach,
Scoil Adhamhnáin
An Luinnigh
Doire Beaga
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir chlúdach
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
  • An ghnáth fhoirm iarratais don SNA

Spriocdháta: 9 Iúil 2012

« Previous PageNext Page »