Méid an Téacs

Scoil Muire Doireglinne (G)

Nollaig 15, 2014

Freastalaíonn Gaelcholáiste an Phiarsaigh ar Sheoladh Gmail as Gaeilge

Nollaig 15, 2014

Ba chúis mhór ríméid do scoláirí agus go deimhin d’fhoireann Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuireadh a fháil le freastal ar ócáid i gCeanncheathrú Google Déardaoin, an 11 Nollaig, nuair a seoladh Gaelmail nó gmail as Gaeilge go hoifigiúil.

Thug daltaí na scoile aghaidh ar Shráid na Bearú agus nuair a bhain siad foirgneamh Google amach cuireadh fearadh na fáilte rompu. Bhí ainm na scoile ag lonrú ar chéimeanna an staighre!

Casadh go leor daoine difriúla orthu ó dhomhan na Gaeilge agus ó dhomhan na meán cumarsáide. Nuair a chuaigh siad isteach sa léachtlann ollmhór ba léir go raibh Muintir Google iad féin chomh sceitimíneach faoin ócáid agus a bhí siad!

Labhair daoine difriúla ó Google agus iad ar fad ar a ndícheall le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge, fear Ioruach ina measc! Labhair siad ar fad faoin logánú a dtugann Google faoi. Leag siad béim ar an tábhacht a bhain le comhlacht ar nós Google ag freastal ar theangacha agus ar chultúir éagsúla ar fud an domhain.

Ba é buaicphointe an lae ná nuair a cuireadh fáilte roimh Hector Ó hEochagáin chun an seoladh oifigiúil a dhéanamh. Ba mhór an spórt é ag labhairt agus go háirithe nuair a chuir sé Tráth na gCeist ar siúl.

Baineadh stangadh ceart as lucht an Ghaelcholáiste nuair a d’fhógair Hector gur bhuaigh duine de na daltaí, Orlaith Ní Cheallaigh, comórtas na bhfocal a raibh curtha isteach acu ar fad air tamall ó shin. Bhronn Hector Chrome Cast agus duaiseanna eile ar Orlaith.

D’éirigh leo turas timpeall an fhoirgnimh a eagrú agus bhain siad an-sult as. Gheall Hector dóibh go dtabharfadh sé cuairt ar an scoil sa bhliain nua, foirgneamh atá beagán difriúil le hais Google ach chomh hiontach céanna!

Tugann Seán Kelly, FPE, cuairt ar Gaelscoil Mhuscraí

Nollaig 15, 2014

Chuir Gaelscoil Mhuscraí, Corcaigh, fáilte roimh Seán Kelly, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, chuig an scoil le déanaí. Bhronn sé dhá ghradam mór le rá ar an scoil – ‘Digital School of Distinction’ & Lipéad Eorpach eTwinning do thionscadail eTwinning na scoile: ‘Castles and History’ agus ‘Green Schools’.

Is aitheantas é an gradam digiteach d’iarrachtaí na scoile teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a nascadh tríd an gcuraclam go héifeachtach. Labhair Seán Kelly le pobal na scoile faoina obair i bParlaimint na hEorpa agus bhí deis ag na paistí ceisteanna a chur air freisin.

Scoil Náisiúnta Naoimh Breandán (G)

Nollaig 15, 2014

Scoil Náisiúnta Chláir na Gaillimhe (G)

Nollaig 15, 2014

Daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge i mbun ceoil in Ospidéal Ollscoil Phort Láirge

Nollaig 15, 2014

Ádh mór ar na daltaí ó Ghaelcholáiste Phort Láirge a bheidh i mbun ceoil in Ospidéal Ollscoil Phort Láirge amárach ag 1.30in. mar chuid den chlár ‘Healing Sounds’.

Amhráin Nollag Gaeilge le Coláiste Rath Tó agus Scoil Neasáin

Nollaig 15, 2014

Comhthionscadal le foireann na Gaeilge, Coláiste Rath Tó agus Scoil Neasáin. Amhrán Nollag – Ní Fada uainn an Nollaig.

https://www.youtube.com/watch?v=bGGDpjq-0NM#t=19

Scoil Náisiúnta Cearn Mór (G)

Nollaig 15, 2014

Scoil Bhríde,

Nollaig 15, 2014

Scoil Shéamais Naofa (G)

Nollaig 15, 2014

« Previous PageNext Page »