Méid an Téacs

Rannpháirtithe ag teastáil do shuirbhé ar leanaí ar an idirlíon

Márta 12, 2013

Tá Síle Uí Ghacháin i mbun taighde ar ghníomhaíochtaí leanaí ar Láithreáin Líonraí Shóisialta (ar nós Facebook agus Bebo) mar chuid do thráchtas atá ar siúl aici trí Ghaeilge i bhFiontar i nDCU. Sa staidéar seo tá sí ag iarraidh cruthú go bhfuil gá le treoir agus oideachas do leanaí bunscoile ar chúrsaí sábháilteachta agus príobháideachais ar an idirlíon.  Tá rannpháirtithe uaithi ó rang a sé i scoileanna lán-Ghaeilge.   Ba mhaith lei suirbhé / ceistneoir simplí a chuir amach chuig daltaí rang a sé agus an múinteoir ranga atá acu. Más suim leat go mbeidh do scoil rannpháirteach sa taighde fiúntach seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síle ar ríomhphost (sile.ui.ghachain@gmail.com) le tuilleadh eolais a fháil.