An Taispeántas ‘Pictiúr’ ar camchuairt
Aibreán 9, 2013
‘Pictiúr’ is teideal do thaispeántas nua ar scoth na léaráidí i leabhair Ghaeilge agus Bhéarla atá ar cuairt ar institiúidí Eorpacha le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an Aontas Eorpach.
Ba í Laureate na nÓg Niamh Sharkey a léirigh an taispeántas ina bhfuil léaráidí ó leabhair do pháistí le healaíontóirí móra ina measc P.J. Lynch, Marie-Louise Fitzpatrick, Olivia Golden agus Andrew Whitson.
An mhí seo, beidh an taispeántas le feiceáil i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil sula dtabharfar aghaidh ar Institiúid Leuven. Beidh sé le feiceáil san ionad ealaíne Draíocht i mBaile Bhlainséir san fhómhar agus ag féile Babaró i gCathair na Gaillimhe roimh dó cuairt a thabhairt ar IMMA, Cill Mhaighneann ag deireadh na bliana.
Foilsithe ar Gaelport.com