Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Iúil 1, 2013
Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath ar 20-21 Meán Fómhair 2013.
‘ Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn. Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine. Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’? Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.