Méid an Téacs

Oideachas sna hearnálacha eochairscíleanna le fáil ó Chláir nua Iarchéime in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Lúnasa 1, 2013

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) tar éis réimse nua de chláir iarchéime a fhorbairt in earnálacha eochairscileanna ar nós sa Mhargaíocht Dhigiteach, Infreastruchtúr Inbhuanaithe, Innealtóireacht Gheospásúil agus i mBainistíocht Imeachtaí chun dul i ngleic leis na riachtanais atá aitheanta sa mhargadh fostaíochta. 
Tá luach níos mó ná ríamh a chur ar an oideachas iarchéime san ionad oibre. Le hoideachas iarchéime, is féidir tógáil ar shaineolas bunchéime ná sin staidéar a dhéanamh i réimse iomlán éagsúil agus cur le do chuid cailíochtaí agus scíleanna.  
Tá oideachas iarchéime den chéad scoth ar fáil ó ITBÁC atá dírithe ar fhorbairt gairme agus tá cáil bainte amach ag an Institiúid as barr feabhais a bhaint amach i múineadh agus i gcúrsaí taighde. Agus mac léinn ag staidéar ar chlár Máistreachta múinte ná clár Máistreachta dírithe ar thaighde, cabhraíonn an pobal fuinniúil idirghníomhach iarchéime atá san Institiúid leis an bhfoghlaim chomhchoiteann. 
Tá an MSc i mBainistíocht Imeachtaí (an t-aon chlár Máistreachta i mBainistíocht Imeachtaí sa phoblacht) agus an clár nuálach, an MSc i Margaíocht Dhigiteach agus Anailísíocht – clár 16 mí faoi threoir cleachtóirí i saol na margaíochta dhigiteach, i measc na gcláir nua iarchéime atá ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath an fómhair seo. 
Maidir le cúrsaí innealtóireachta, tá ITBÁC ag seoladh clár nua MSc in Innealtóireacht Gheospásúil sa Scoil nua Suirbhéireachta agus Bainistíocht Foirgníochta i Sráid Bolton. Tá sé mar aidhm ag an gclár saineolais agus sainscíleanna a fhorbairt i gcéimíthe chun eolas geospásúil a thairgiú, a úsáid agus a bhainistiú. 
Tá tábhacht faoi leith ag baint anois le hinbhuanaitheacht i bhfoirgníocht agus in innealtóireacht agus tá an ME in Infreastruchtúr Inbhuanaithe ceaptha chun sainscíleanna agus eolas a thabhairt do rannpháirtithe ar an dearadh teicniúil san earnáil thábhachtach seo.
Tá liosta iomlán de na clár nua iarchéime thíos agus tá go leor de chláir iarchéime na hInstitiúide go léir ar fáil ar bhonn lánaimseartha agus ar bhonn páirtaimseartha. 

  • MSc i mBainistíocht Imeachtaí (DT9143 lánaimseartha / DT9414 páirtaimseartha )
  • MSc in Innealtóireacht Gheospásúil (DT9415 lánaimseartha / DT9416 páirtaimseartha)
  • MSc i Margaíocht Dhigiteach agus Anailísíocht – (DT9333 páirtaimseartha)
  • Réamhchúrsa Cáilíochta don MSc i Ríomhaireacht –( DT265B lánaimseartha, DT265C páirtaimseartha)
  • MSc in Eolaíocht na Faisnéise Geografaí (DT9419 lánaimseartha / DT9420 páirtaimseartha)
  • ME in Infreastruchtúr  Inbhuanaithe – (DT9147 – lánaimseartha, DT9148 páirtaimseartha)
  • Ard-Dioplóma i Ríomhaireacht – (DT265 lánaimseartha / DT265A páirtaimseartha)

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh, téigh chuig: www.dit.ie/postgrad/
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na cláir iarchéime go léir ó Oifig Gnóthaí Poiblí, ITBÁC ag 01-4027130 nó seol ríomhphost chuig lisa.jewell@dit.ie