Léachtóir Cúnta i Roinn na Gaeilge
Lúnasa 1, 2013
Fáiltíonn Coláiste Phádraig, Droim Conrach, roimh iarratais ar an bpost mar Léachtóir i Roinn na Gaeilge (ar chonradh ceithre mhí (Meán Fómhair go Nollaig 2013).
Is post lánaimseartha é seo. Níor mhór cáilíochtaí acadúla den scoth sa Nua-Ghaeilge (céim dochtúireachta san áireamh) agus taithí agus ardchumas teagaisc ar an tríú leibhéal a bheith ag iarratasóirí. Fáilteofar go háirithe roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil saineolas agus saintaithí acu sna réimsí seo: litríocht na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal.
Beidh ar na daoine a cheapfar sna poist seo cúrsaí léachta agus seimineáir theanga a mhúineadh chomh maith le páirt a ghlacadh in obair riaracháin na Roinne agus in imeachtaí agus i seirbhísí oideachasúla an Choláiste i gcoitinne.
Dualgais agus Cúraimí an Phoist
Beidh de dhualgais is de chúraimí ar an té a cheapfar in phost seo:
- Léachtaí agus cúrsaí léachta a thabhairt ar na cúrsaí atá á dtairiscint ag Roinn na Gaeilge, de réir mar a shocrófar leis an gCeann Roinne.
- Seimineáir i labhairt agus i scríobh na Gaeilge a thabhairt do mhic léinn na Roinne, de réir mar a shocrófar leis an gCeann Roinne.
- Páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí taighde na Roinne, idir sheimineáir, chomhdhálacha, fhoilseacháin agus chomhfhiontair thaighde.
- Feidhmiú mar stiúrthóir nó mar chomhstiúrthóir ar ghrúpa nó ar ghrúpaí mac léinn, de réir mar a shocrófar leis an gCeann Roinne. Baineann an stiúrthóireacht seo le freagracht a ghlacadh ar son eagrú agus bhainistiú na gcúrsaí bliana, i gcomhar le comhghleacaithe Roinne agus faoi stiúir Cheann Roinn na Gaeilge.
- Cibé cúraimí nó dualgais nó freagrachtaí eile a shamhlófaí a bheith réasúnta, a d’iarrfadh Ceann na Roinne, nó a ainmní, air/ uirthi a dhéanamh; agus cibé cúraimí nó dualgais nó freagrachtaí a shamhlófaí a bheith réasúnta a d’iarrfadh Uachtarán an Choláiste, nó a ainmní ar a shon, air/ uirthi a dhéanamh.
- Páirt a ghlacadh in imeachtaí agus i seirbhísí oideachasúla an Choláiste i gcoitinne
Scála Tuarastail: Déanfar an ceapachán ar scála an Léachtóra Chúnta nó an Léachtóra ag pointe atá de réir Pholasaí Pá reatha an Rialtais.
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar: http://www.spd.dcu.ie/site/human_resources/current_vacancies.shtml.
Iarratais
Níor mhór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh faoi 12.00 meán lae Dé hAoine, 9 Lúnasa 2013 ag:
An Roinn Acmhainní Daonna
Coláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
Ní ghlacann Coláiste Phádraig le hiarratais leictreonacha.
Táthar ag súil go mbeidh na hagallaimh don phost seo ann le linn na seachtaine dar tús 19 Lúnasa 2013.
Fostóir comhionannais is ea Coláiste Phádraig
Foilsithe ar Gaelport.com