ESG le scor
Deireadh Fómhair 1, 2013
Ag cruinniú urghnách an Satharn seo caite, chinn Bord Stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) go ndéanfaí an eagraíocht a scor.
Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Tá diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh. Ó 2007 tá €780,000 ceadaithe ag an Roinn chun cur ar chumas ESG Príomhfheidhmeannach agus Oifigeach Riaracháin a fhostú agus oifig a riarú.
Creideann Bord ESG go bhfuil ról tábhachtach agus lárnach ag ESG i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ag déanamh ionadaíochta agus stocaireachta thar ceann na hearnála oideachais Ghaeltachta go náisiúnta.
Le breis agus dhá bhliain anuas, bhí ESG agus Gaelscoileanna Teo. i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe. Tá curtha in iúl inniu ag an Roinn nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.
Ag deireadh mhí na Bealtaine, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath d’fhógair Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go bhfuil athbhreithniú iomlán le déanamh ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta go luath.
Chuir an tArd-Rúnaí in iúl gurb é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Tá cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun deireadh a chur le maoiniú ESG ag teacht roimh thorthaí an athbhreithnithe sin.
Deir Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gur “am cinniúnach é seo don oideachas Gaeltachta i bhfianaise an athbhreithnithe atá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm sna curaclaim i gceann bliana. Fágfar anois na scoileanna gan aon ghuth aontaithe don oideachas Gaeltachta chun ionchur a dhéanamh sna próiseas seo”.
Foilsithe ar Gaelport.com