Méid an Téacs

Dhá Chluiche Nua don Seomra Ranga ó Ghaelchultúr

Deireadh Fómhair 14, 2013

Tá áthas ar Ghaelchultúr dhá chluiche nua don seomra ranga, Réalta an Ranga agus Póstaer Pearsan, a fhógairt.

Réalta an Ranga
Is acmhainn spraíúil agus luachmhar é Réalta an Ranga atá oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon. Cuireann an cluiche deis ar fáil do lucht a imeartha cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, tuiscint a fháil ar an difear atá idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach, agus stór focal úsáideach agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim.

Tá trí théama éagsúla i gceist in Réalta an Ranga: gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe. Tá 12 chárta ann do gach téama agus go leor cóipeanna de na cártaí ar fáil chun gur féidir le 32 dhalta an cluiche a imirt ag an am céanna.

Tá na nithe seo a leanas le fáil in Réalta an Ranga:
• 288 cárta álainn ildaite do chluiche tomhais taitneamhach
• leabhrán ina bhfuil treoracha imeartha don chluiche tomhais agus eolas maidir leis an ngramadach atá ag teastáil chun é a imirt.

Póstaer Pearsan
Tá na forainmneacha réamhfhoclacha ar cheann de na gnéithe is deacra de ghramadach na Gaeilge le foghlaim – agus le múineadh. Is gné lárnach den teanga iad, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidís ar eolas ag daltaí chun gur féidir leo cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is minic a fhoghlaimítear na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair ach nach mbítear ábalta iad a úsáid go cruinn in abairtí. Cabhróidh Póstaer Pearsan le daltaí agus le múinteoirí dul i ngleic leis an deacracht seo agus éascóidh an cluiche idirghníomhach próiseas na foghlama.

Tá na nithe seo a leanas le fáil sa phacáiste:

• breis is 100 cárta daite a bhfuil na forainmneacha réamhfhoclacha priontáilte orthu
• póstaer mór ar a bhfuil pictiúir tharraingteacha agus spásanna leis na cártaí a ghreamú iontu
• leabhrán ina bhfuil treoracha do chluiche spreagúil a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí na forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gceart
• réimse frásaí a bheidh foghlaimeoirí ábalta a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla agus a chuirfidh go mór lena saibhreas Gaeilge.

Tá Póstaer Pearsan oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon.

Tá siad ar fáil ó oifig Ghaelchultúr www.gaelchultur.com (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó trínár siopa ar líne, www.siopa.ie.