Méid an Téacs

Fáilte isteach i mo Shaol

Samhain 14, 2013

Tá pacáiste acmhainní nua i nGaeilge dar teideal ‘Fáilte isteach i mo shaol’ seolta ag Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le Gaelscoileanna sa cheantar feasacht ar éagsúlacht chultúrtha a mhúscailt i measc páistí. Tá an áis dírithe ar pháistí in Eochairchéim 1 agus 2 agus tá sé de chuspóir aici tacú le múinteoirí in earnáil an Ghaeloideachais an t-ábhar seo a mhúineadh. Cuireann an pacáiste acmhainní le réimsí foghlama: ‘An Domhan Thart Orainn’ agus ‘Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint’.

Cuimsíonn an pacáiste treoirleabhar do mhúinteoirí mar aon le scéalta faoi pháistí ó chúlraí eitneacha éagsúla; foghlaimeoidh na páistí faoi chreideamh, theanga, bhia agus shaol laethúil na gcarachtar trí scéaltaí, chluichí agus ghníomhaíochtaí idirghníomhacha.

Mar aon leis sin, tá seacht mbabóg gleoite ar fáil ar iasacht ón chomhairle a léiríonn na carachtair ar fad. Is féidir leis an mhúinteoir feidhm a bhaint as na babógaí le scéalaíocht a dhéanamh sa seomra ranga agus le spreagadh a thabhairt do na daltaí labhairt faoi théamaí ar nós mothúcháin agus le cuidiú leis na páistí saol na gcarachtar a shamhlú.

Más suim leat an pacáiste a ordú nó na babógaí a fháil ar iasacht gabh i dteagmháil leis an Oifigeach Comhionannnais ar T: 028 71 365151 folíne 6705 nó seol ríomhphost chuig kay.mcivor@derrycity.gov.uk.

Fáilte Isteach i mo Shaol