Méid an Téacs

Scrúdú TEG C1 (Ardleibhéal)

Nollaig 3, 2013

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair le haghaidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge a bheidh ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 24 agus 25 agus Eanáir 2014. Is é leibhéal C1 amháin a bheidh á thástáil.

Déanann an córas scrúdaithe seo atá ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1), tástáil ar chumas scríbhneoireachta, cluastuisceana agus léamhthuisceana fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá an scrúdú C1 feiliúnach do dhaoine atá ag feidhmiú go laethúil trí mheán na Gaeilge agus ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcuid ardscileanna cumarsáide. Deimhníonn an teastas gur féidir le duine feidhmiú trí mheán na Gaeilge go líofa, spontáineach agus neamhspleách.

I measc na ndaoine gairmiúla a bhaineann teastas amach, bíonn oifigigh Ghaeilge ón earnáil phoiblí, múinteoirí bunscoile agus meánscoile, teagascóirí Gaeilge ar an tríú leibhéal, iriseoirí Gaeilge agus daoine ó ghairmeacha beatha eile.

Cuireadh gné sa bhreis i bhfeidhm sa scrúdú C1 i 2013 agus is é sin gur féidir le hiarrthóirí an scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirt chreidiúint TEG a bhaint amach a bhaineann le scileanna cainte amháin.

Bain triail as na páipéir shamplacha anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/paipeir_shamplacha.htm

Eolas maidir le hiarratais anseo: http://www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm

Le tuilleadh eolais a fháil,cuir glaoch ar 01 7086417 nó seol ríomhphost chuig teanga@nuim.ie

Foilsithe ar Gaelport.com