Dátaí Scléip 2014!
Nollaig 12, 2013
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.
Beidh réamhbhabhtaí Scléip ar siúl ar na dátaí seo a leanas:
5 agus 6 Feabhra 2014 – Firkin Crane, Corcaigh
10 Feabhra 2014 – Axis, Baile Átha Cliath
12 Feabhra 2014 – Riverbank, Cill Dara
14 Feabhra 2014 – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
Bíonn deis ag gach scoil iomaitheoirí a chur chun cinn i ngach rannóg sna réamhbhabhtaí agus roghnóidh na moltóirí iomaitheoirí na craoibhe ag na himeachtaí sin. Beidh an craobh ar siúl in amharclann an Axis, Baile Átha Cliath ar an 1 Márta 2014. Tá gach eolas maidir le hiontráil a dhéanamh ar an gcomórtas ar fáil thíos:
Seo thíos Eoin agus Sorcha ó Ghael-Choláiste Chill Dara, a ghlac páirt i Scléip 2013 agus a chas ceol den scoth d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. & Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar an 22 Samhain 2013. Bhí an tUachtarán an-tógtha leo agus thug sé ardmholadh dóibh!