Méid an Téacs

Dúil Dúigh na ndéagóirí

Iúil 16, 2014

Tá Pléaráca Teo ag reachtáil Cúrsa Samhraidh do Dhéagóirí – “Dúil Dúigh” – idir an Luan 21ú go dtí an Satharn 26ú Iúil. Beidh an cúrsa ar siúl i Seanscoil Sailearna Indreabhán, Co na Gaillimhe, agus tá sé dírithe ar dhéagóirí idir 14 agus 17 bliain d’aois.

Beidh deis ag na rannpháirtithe amharc ar conas scripteanna a scríobh agus ar bhealaí lena gcumas cruthaitheach féin a fhorbairt. Beidh na daoine óga a ghlacann páirt ag obair le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus daoine aitheanta i saol na n-ealaíon a bheidh in ann comhairle a thabhairt dóibh ar an chineál seo oibre.

I measc na ndaoine a bheidh ag cuidiú leo: beidh an scríbhneoir Máire Holmes; na stiúrthóirí Darach Mac Con Iomaire agus Louise Ní Fhiannachta; an t-aisteoir Greg Ó Braonáin agus fear cumtha lúibíní, Fearghas Mac Lochlainn.

Eolas: oifigeachealaiona@gmail.com

www.irishtimes.com