Cuireadh chun do thuairim a chur in iúl i dtaobh Oideachais i Limistéir Ghaeltachta
Bealtaine 20, 2015
Moltaí Polasaí Oideachas Gaeltachta
Mar chuid den Straitéis Fiche bliain don Ghaeilge tá réimse moltaí polasaí forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, a bhfuil sé mar aidhm leo an soláthar oideachais lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú. Is iad taithí scoileanna Gaeltachta agus mórstaidéir thaighde áirithe atá mar bhonn eolais leis na moltaí. Tá achoimre ar na moltaí polasaí seo le fáil in ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta.
Cuirfear fáilte roimh thuairimí na bpáirtithe leasmhara ar fad, lena n-áirítear scoileanna Gaeltachta agus pobail Ghaeltachta, ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi pholasaí náisiúnta ar sholáthar oideachais sa Ghaeltacht a fhorbairt.
Tugtar cuireadh duit do thuairim a chur in iúl i dtaobh an fhoilseacháin chomhairliúcháin: ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta’.
– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Imeachta%C3%AD/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta/Molta%C3%AD-Polasa%C3%AD-Oideachas-Gaeltachta.html#sthash.DfsuKEqO.dpuf
Aighneachtaí
Tá na sonraí mar a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin agus an suirbhé a bheidh le comhlánú le fáil in ‘Cuireadh chun Comhairliúcháin agus Suirbhé: Moltaí Polasaí don SolátharOideachais i Limistéir Ghaeltachta’
Iarrtar ort, le do thoil, an suirbhé a chomhlánú agus a chur ar ais:
ar ríomhphost chuig: moltai_oideachasgaeltachta@education.gov.ie nó
sa phost chuig: Moltaí Polasaí don Oideachas Gaeltachta, Rannóg Pholasaí, Churaclaim agus Mheasúnachta, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1
Chomh maith leis sin, tugtar cuireadh dóibh siúd a fhreagraíonn an suirbhé aighneachtaí ar leith a chur isteach ar ríomhphost nó sa phost.
Beidh an próiseas comhairliúchain ar oscailt ó 5 Bealtaine 2015 go 15 Meitheamh 2015.