Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge léirithe ag an bpobal i dtuarascáil taighde nuafhoilsithe
Lúnasa 7, 2015
Léiríonn tuarascáil taighde uile-oileáin, a d’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta inniu, an 7 Lúnasa 2015, dearcadh dearfach an phobail i leith na Gaeilge. Tá an tuarascáil bunaithe ar an bhfaisnéis a bailíodh mar chuid de dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge in 2001 (Research and Evaluation Services) agus in 2013 (Amárach Research).
Léiríonn faisnéis mhionsonraithe na tuarascála an tionchar atá ag tosca éagsúla ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge agus ar úsáid na Gaeilge, ina n-áirítear an córas oideachais agus iompar i leith na Gaeilge sa bhaile. Ag labhairt dó inniu, d’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh, roimh an tuarascáil mar an ‘píosa is cuimsithí taighde faoin Ghaeilge le fiche bliain anuas mar gheall ar an léargas a thugann sé dúinn ar dhearcadh an phobail, ar chumas agus úsáid na Gaeilge ar bhonn uile-oileáin’.
Thuairiscigh 57% de fhreagróirí ó dheas agus 17% de fhreagróirí ó thuaidh go raibh líofacht sa Ghaeilge acu agus bhí tromlach na bhfreagróirí a raibh líofacht acu i measc an aosa óig ó dheas agus i measc na gCaitliceach ó thuaidh in 2013.
Léiríonn an tuarascáil gur tháinig ardú suntasach 18% ar líon na bhfreagróirí atá i bhfách leis an nGaeilge ó dheas (ó 49% in 2001 go 67% in 2013) agus 16% ó thuaidh (ó 29% in 2001 go 45% in 2013). Tháinig méadú 16% ó dheas (ó 36% in 2001 go 52% in 2013) agus 7% ó thuaidh (ó 14% in 2001 go 21% in 2013) ar líon na bhfreagróirí a thuairiscigh go raibh fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil.
Tá athruithe ar inspreagadh i leith fhoghlaim na Gaeilge i measc na dtreochtaí ar tugadh suntas dóibh sa tuarascáil. Cé gur léiríodh gurbh iad torthaí scrúduithe an t-inspreagadh atá ag 48% dóibh siúd a raibh fonn orthu an Ghaeilge a fhoghlaim ó dheas, tá an céatadán sin laghdaithe 11% (ó 59%) ó 2001. Tháinig méadú ar líon na bhfreagróirí in 2013 ar theastaigh uathu an teanga a fhoghlaim ar mhaithe le tairbhe; ardú 10% ó dheas (ó 29% in 2001 go 39% in 2013) agus 15% ó thuaidh (ó 71% in 2001 go 86% in 2013).
Cé go léiríonn an tuarascáil dea-thoil an phobail i leith na teanga, tugann an tátal le fios go bhfuil deiseanna úsáide de dhíth ar an bpobal chun an Ghaeilge a úsáid níos minice mar theanga theaghlaigh agus phobail. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge: “Aithníonn An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 nach ionann cumas a bheith ag duine sa teanga agus í a úsáid agus treoróidh an taighde seo Foras na Gaeilge agus é ag tabhairt faoina chuid freagrachtaí reachtúla ag cur comhairle ar na rialtais ó thuaidh agus ó dheas maidir lena bpolasaithe Gaeilge. Daingníonn an dearcadh atá léirithe ag an bpobal sa tuarascáil seo ár dtaithí féin ar an fhíoréileamh atá ar an Ghaeloideachas agus ar scéimeanna tacaíochta teanga.”