Comórtas scoláireachta €1,000 ag Coláiste Samhraidh Theilinn
Aibreán 5, 2016
Tá Coláiste Aoidh Mhich Bhricne i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ag tairiscint €1,000 de scoláireachtaí do mhic léinn mhéanscoile le freastal ar chúrsa Gaeltachta s’acu le linn mhí Iúil. Tá 10 scoláireacht ar luach €100 ar fáil.
Tá na scoláireachtaí ar fáil do chúrsa B, a ritheann ón 16-30 Iúil. Is cúrsa é atá dírithe ar dhaltaí 13 – 16 bliana d’aois. Cosnaíonn an cúrsa €495 go hiondúil, ach leis na scoláireachtaí seo, beidh buaiteoirí ábalta freastal ar chúrsa coicíse ar €395.
Le cur isteach ar an chomórtas, seol ríomhphost chuig colaisteaoidhteileannn@gmail.com agus cuir ceist fá choinne fhoirm iarratas. Is féidir glaoch ar Shane Ó Curraighín (087 7667853) nó Gearóid Ó Deoráin (087 2701200) le haghaidh tuilleadh eolais. Is é Dé hAoine, 29ú Aibreán, spriocdháta d’iontrálaithe. Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas ar Dé Céadaoin, 4ú Bealtaine.
Dúirt Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne, Teileann:
Is ábhar ceiliúrtha é do Choiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne gur féidir linn na scoláireachtaí seo a chur ar fáil i mbliana. Tá sé mar sprioc againn i dTeileann eispéireas iomlán Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí óga i gCúige Uladh agus ar fud na tíre. Cuidíonn na scoláireachtaí seo, a bhuí le Comhaltas Uladh, le daoine cuid de na costais a chlúdach. Cuireann muid béim ar thrí rud i dTeileann: An Teanga, Cairdeas agus an Spraoi. Bígí linn.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán, Comhaltas Uladh:
Is deis mhaith atá sna scoláireachtaí seo do dhaoine óga tabhairt faoin Ghaeilge a fhoghlaim i gceann na Coláistí Samhraidh sa tír. Gheobhaidh an scoláire a bhfuil dúil aige nó aici sa teanga taithí agus eispéireas iontach i dTeileann. Tréaslaíonn Comhaltas Uladh le Coláiste Aoidh Mhic Bhricne agus molann a gcuid oibre ar son na Gaeilge sa Ghaeltacht seo. Go raibh gach ráth ar na cúrsaí i mbliana agus amach anseo.
Nóta: Tá na scoláireachtaí seo á gcur ar fáil le freastail ar chontaetha Dhún na nGall, an Chabháin, Muineacháin agus Lú (i bhfolús roinnt scéimeanna scoláireachtaí sna sé chontae) a thiteann faoi limistéar Chomhaltas Uladh.
Cúlra: Coláiste Samhraidh Gaeltachta is ea Coláiste Aoidh Mhic Bhricne atá suite i dTeileann, iardheisceart Thír Chonaill, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bunaíodh an coláiste sa bhliain 1956. Rinne sé 60 bliain bunaithe a cheiliúradh anuraidh. Beidh dhá chúrsa samhraidh i dTeileann i mbliana.
Tuilleadh eolais:
Shane Ó Curraighín
Oifigeach Caidreamh Poiblí, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
087 7667853 (00 44)75 16251036 | colaisteaoidhteileann@gmail.com
Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh
Cathaoirleach, Coláiste Aoidh Mhic Bhricne
(00 44) 77 16690237 | padraig@cnag.ie
Lean sinn:
https://twitter.com/Teileann1955
https://www.facebook.com/Colaiste-Aoidh-Mhic-Bhricne-Teelin-202868921997/