Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!
Meitheamh 28, 2017
-Gaelscoil Chill Dara: Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Chill Dara tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan. Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin 17/Déardaoin 18 Bealtaine 2017.
-S.N. Fionnán: An-bhua ag an fhoireann baile, S.N. Fionnán, ag Féile Uladh ar an bhFál Carrach ar an 18/19 Bealtaine!
-Scoil Iognáid: Foireann Scoil Iognáid ag ceiliúradh a mbua ag Féile Peile Chonnacht in Indreabhán ar an 23/24 Bealtaine lena múinteoirí bródúla
-Gaelscoil Mhic Easmainn: Seaimpíní Fhéile Peile Gael Linn na Mumhan, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua ar Pháirc Ghallurais, Corca Dhuibhne ar an 1 Meitheamh in éineacht lena gcuid múinteoirí ( ar chúl, ó chlé ) Déaglán Ó Cuill, Cáit Uí Churráin agus Colm Ó hAiniféin
Bhí lúchair ar fhoireann Ghaelscoil Chluain Meala Corn Gael Linn a thabhairt leo ag an Féile Peile Gael Linn a bhí ar bun i gColáiste na Rinne ar an 6/7 Meitheamh.
Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.
Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!
D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:
Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara
Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh
Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí
Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann
Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!