Folúntas Oibrí Cúram Leanaí
Lúnasa 3, 2017
Tá an Crann Taca (Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo) ag lorg iarrthóirí do phoist lánaimseartha agus páirt aimseartha mar Oibrí Cúram Leanaí.
Is Naíolann/Naíonra agus seirbhís iar/réamhscoile lán aimseartha é An Crann Taca a chuireann Seirbhís Cúraim agus Réamhoideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil do pháistí óga ó 5 mhí go 12 bliain d’aois.
Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 nó níos airde i gCúram Leanaí riachtanach. Ní mhór do iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Roghnófar iarrthóirí freisin a bheadh sásta a bheith ar phainéal don Ionad do aon phost/folúntais sa todhchaí agus i gcóir clúdach tinnis, saoire agus srl.
Ní mhór iarratas agus Curriculum Vitae a sheoladh roimh an Aoine 18 Lúnasa 2017 chuig:
An Rúnaí,
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Teo
An Cnoc
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ittt@eircom.net nó glaoch a chur ar 593132
Is fostóir comhionannas deiseanna é an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh Teo.