Méid an Téacs

Cómórtas Aiste Staire trí mheán na Gaeilge

Márta 5, 2012

Mar chuid den iarracht chun Stair trí Ghaeilge a spreagadh in iar-bhunscoileanna, beidh comórtas aiste á reachtáil ag Cumann Múinteoirí Staire na hÉireann arís i mbliana. Tá an spriocdháta le haghaidh seo ar an 16ú Márta.

Glacfar le hiarrtais ó dhaltaí a mbeidh scrúdú na hArdteistiméireachta sa Stair á dhéanamh acu i 2012 nó 2013.

Treoir agus Coinníollacha:
•    Scríobh aiste i nGaeilge (ar nós an TST san Ardteistiméireacht) ina mbeidh na heilimintí seo  a leanas:

– teideal cruinn soiléir le fócas cúng

– ábhar suntasach stairiúil atá sainmhínithe go soiléir

–  struchtúr cuí, le réamhrá agus conclúid

– líne forbartha loighciúil

– dhá bhunfhoinse ar a laghad

•    Bíodh an aiste idir 800 agus 1200 focal, í cló-scríofa ar thaobh amháin de leathanach

•    Spriocdháta: 16ú Márta 2012

•    Seol an fhoirm iarratais in éineacht leis an aiste

•    Iarrfar ar an mbuaiteoir an aiste a sheoladh le ríomhphost  níos déanaí

Scéim Marcála:

Marcálfar an aiste sa tslí chéanna is a ndéantar i gcás an TST i scrúdú na hArdteiste ach amháin na hathruithe seo a leanas:

Eolas Stairiúil                                     50

Scileanna Taighde                            30

Cur i láthair                                         10

Foinsí                                                   10

Duaiseanna:
An chéad duais: €200
An dara duais: €100

  • Ní bhronnfar duaiseanna muna bhfuil caighdéan áirithe sroichte.
  • Ní féidir dul thar mholadh an mholtóra.
  • Foilseofar an aiste is fearr i STAIR 2012.

Foirm Iarratais