Torthaí den chéad scoth bainte amach ag daltaí Choláiste Feirste
Lúnasa 17, 2012
Bhí atmaisféar an cheiliúrtha i gColáiste Feirste maidin 16 Lúnasa nuair a d’fháiltigh an Príomhoide, Micheál Mac Giolla Ghunna agus foireann na scoile roimh na daltaí sinsearacha agus iad ag bailiú a dtorthaí Ard Leibhéal.
Dúirt an tUasal Mac Giolla Ghunna, “Arís eile ní mór dom comhghairdeas ó chroí a ghabháil leis na daltaí agus leis na múinteoirí ar na torthaí iontacha atá bainte amach i mbliana. Cuireadh le dea-thorthaí na bliana seo chuaigh thart agus is cinnte go léiríonn seo go soiléir díograis na múinteoirí maraon le tiomántas na dtuismitheoirí atá againn sa scoilphobal seo. Ní mór a aithint chomh maith an obair chrua atá déanta ag na bunscoileana uilig a leag bunchlocha láidre an oideachais agus na daltaí leo ar feadh 7 mbliana tosaigh s’acu sa Ghaeloideachas.”
I measc dhaltaí Ard Leibhéal bhí ráta pas (A*-E) 100% le sonrú, rud a chiallaíonn go mbeidh mórchuid na ndaltaí in ann an cúrsa ollscoile a roghnaigh siad sa chéad áit a bhaint amach. Cé go bhfuil titim i líon na na daltaí atá ag baint na gráid is airde amach ar fud an tuaiscirt, ní amhlaidh a bhí i gColáiste Feirste. Bhain níos mó daltaí Grád A* amach ná mar a bhain riamh sa scoil agus fágann seo go bhfuil ár ndaltaí i measc na ndaltaí is airdeghnóthachtála sa tuaisceart. Bhain beagnach gach dalta sa Roinn Drámaíochta A* amach, ach níor stad an rathúlacht sa Roinin seo amháin! Bhain daltaí an grád eilít A* amach i réimse leathan ábhar ar nós; Ealaín, Stair, Staidéar Spóirt agus Gaeilge ar ndóigh! Léiríonn seo gan aon dabht gur féidir leis an Ghaelscolaíocht an barrfeabhas a sholáthar in ábhar ar bith.
Bhain daltaí aonaracha torthaí den scoth amach chomh maith. Bhí áthas an domhain ar Naoise Ó Faoláin nuair a bhain sé A* amach sa Ghaeilge agus sa Staidéar Spóirt maraon le A sa Stair agus sa Bhéarla- beidh Naoise ag tabhairt aghaidh ar Ollscoil na Gaillimhe le tabhairt faoi chéim sa Stair agus sa Bhéarla. Guimid gach rath ar Emmet Ó Garmaile agus é ag tabhairt faoi chéim na Matamataice in Ollscoil na Banríona i ndiaidh dó A* a bhaint amach sa Ghaeilge agus A sa Mhata agus sa Stair. Bhain Fionnghuala Nic Roibeaird A* amach sa Stair agus sa Ghaeilge maraon le B sa Mhata agus san Fhisic- tá sí féin ag súil go mór le céim san Innealltóireacht a thoiseacht in Ollscoil na Gaillimhe.
“Tá bród as cuimse orm fosta as ár ndaltaí gairmeacha a ghnóthaigh torthaí den scoth san Ardleibhéal Gaeilge agus sna cúrsaí NVQ éagsúla. Tá fís againn de phobal scoile a dhéanann freastal ar gach ábaltacht, gach bua agus gach spéis – curaclam dalta-lárnach. Chuir muid romhainn spriocanna uaillmhianacha, ardaidhmeannacha d’fhorbairt an tSéú Bliain le cúpla bliain anuas agus tá lúcháir orm a rá gur bhain muid amach iad agus níos mó. Tá aitheantas tugtha ag an Roinn Oideachais don sár-oideachas atá a cur ar fáil ag Coláiste Feirste trí infheistíocht £11.9 milliún a fhógairt i dtionscnamh tógáil na scoile agus táimid ag súil le cur le rathúlacht na bliana seo ar an bhliain seo chugainn agus sa todhchaí”.