Tábhacht na hOibre Óige le plé ag an Athair Mícheál Mac Gréil
Deireadh Fómhair 4, 2012
Tá Feachtas, Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge, ag reáchtáil ócáid ar 17 Deireadh Fómhair ina dtabharfaidh an tAthair Mícheál Mac Gréil óráid dar teideal ‘Tábhacht na hOibre Óige i saol na Gaeilge’.
Tá taithí 30 bliain ag an Athair Mhic Gréil ag plé le hobair óige i bpobal na Gaeilge agus fear is ea é atá diongbháilte agus dílis don Ghaeilge agus é á cur chun cinn i measc daoine óga. Bronnadh dealbh air i mí Márta na bliana seo caite ag léiriú onóra ar a chuid oibre.
Le linn na hóráide a bheidh dírithe ar na teachtaí dálaí agus ar chomhairlí cathrach, déanfaidh an tAthair Mhic Gréil cur síos ar na háiseanna atá de dhíth ar dhaoine óga agus iad ag foghlaim Gaeilge agus ar thábhacht obair óige na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
Beidh an léacht ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 ar 17 Deireadh Fómhair ag 6.00i.n. Cuirfear bia agus sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách. Iarrfar ar dhaoine clárú don ócáid roimh 17 Deireadh Fómhair.
Sonraí teagmhála: ursula.feachtas@gmail.com
Foilsithe ar Gaelport.com