Bonn John Hooper do Staitisticí
Eanáir 21, 2013
Bronnfar Bonn John Hooper do Staitisticí ar mhic léinn iarbhunscoile (san Idirbhliain nó sa Timthriall Shinsearach) a dhearfaidh póstaer a thugann cuntas ar ghné dá dtimpeallacht le cabhair staitisticí. Ta an Roinn seo agus an Phríomh Oifig Staidrimh ag tacú leis. Is é téama chomórtas na bliana 2013 ná Talmhaíocht. Tá cead isteach sa chomórtas chomh maith ag mic léinn 15 go 18 bliain d’aois i dTuaisceart Éireann.
Nótáil le do thoil na príomhdhátaí don chomórtas.
1 Feabhra 2013
Spriocdháta do chlárú.
1 Márta 2013
Spriocdháta d’iontrálacha a chur isteach.
29 Márta 2013
Fógrófar na buaiteoirí náisiúnta.
Is mar seo a leanas na duaiseanna do na hiomaitheoirí a n-éireoidh leo:
1ú Áit – Bonn John Hooper na Príomh Oifige Staidrimh as anailís staitistiúil agus €1,600 (a mbronnfar €1,000 de ar an scoil agus €600 de ar an bhfoireann mac léinn);
2ú Áit – €1,000 (a mbronnfar €650 de ar an scoil agus €350 de ar an bhfoireann mac léinn);
3ú Áit – €600 (a mbronnfar €400 de ar an scoil agus €200 de ar an bhfoireann mac léinn).
Iontráilfear póstaer amháin mar ionadaí ag Éirinn, i ngach ceann den dá chatagóir aoise ILSP (Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla), ó na póstaeir incháilithe is airde áite.
Tá sé mar aidhm ag Bonn John Hooper do Staitisticí an litearthacht staitistiúil a chur chun cinn, obair foirne a spreagadh i measc mac léinn agus seans a thabhairt do mhic léinn scileanna cumarsáide a fhorbairt. Is cinnte gur mór an díol suime do mhic léinn agus múinteoirí é i gcomhthéacs rollú amach Thionscadal Mata.
Tá tuilleadh eolais faoi Bhonn John Hooper agus Tionscadal Idirnáisiúnta na Litearthachta Staitistiúla le fáil ar líne ag:
http://www.cso.ie/en/newsandevents/johnhoopermedalforstatistics2013competition/