Méid an Téacs

Cinneadh Fhoras na Gaeilge i leith na 6 cheanneagraíocht

Eanáir 20, 2014

D’fhógair Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, ré úr inniu i bhforbairt na Gaeilge agus é ag fógairt ainmneacha na sé cheanneagraíocht atá roghnaithe le feidhmiú i sé mhór-réimse oibre. De réir chinneadh an lae inniu déanfaidh gach ceann de na sé cheanneagraíocht sainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre. Beidh na ceanneagraíochtaí ag plé leis na réimsí sin ar fud an oileáin.

(i) Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge

(ii) Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit)

(iii) Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile,

(iv) Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán

(v) Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta

(vi) Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.

Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin. Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008, le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn bliantúil le tacú le forbairt na Gaeilge fud fad na hÉireann.

Tiocfaidh ceannasaithe na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe i gceann a chéile anois i bhFóram Comhpháirtíochta i gcuideachta le Foras na Gaeilge le comhaontú a dhéanamh ar phleananna oibre don earnáil, agus ar bhealaí le bheith ag obair i bpáirt le chéile. Chomh maith leis sin, bunófar Fóram Forbartha Teanga le guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i bpleananna a bheidh á mbeartú agus le deis a thabhairt d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge aiseolas a thabhairt.

Leis an chinneadh seo, tá Foras na Gaeilge ag cur tús le ré úr i bhforbairt na Gaeilge ag tráth atá cinniúnach agus an-dúshlánach i stair fhorbairt na teanga. Agus é ag fógairt chinneadh Fhoras na Gaeilge inniu, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, go raibh súil aige go bhféadfadh earnáil na Gaeilge aghaidh a thabhairt anois go dearfach ar na dúshláin mhóra atá roimpi, agus ar na deiseanna iontacha atá ag eascairt ó dhea-thoil phobal na tíre thuaidh agus theas i leith na teanga, agus sin a dhéanamh ar bhealach dearfach dúthrachtach i spiorad na comhpháirtíochta.

Ag caint dó thar ceann Fhoras na Gaeilge, arsa Cathaoirleach Phainéal Roghnaithe Fhoras na Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin:

“Is minic a chantar an nath ‘ní neart go cur le chéile’ – agus tá Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí le beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin, le go mbeidh a oiread agus is féidir d’acmhainní na Gaeilge á ndíriú ar fhorbairt na Gaeilge sa phobal”.

Beidh buiséad suntasach ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ag na ceanneagraíochtaí ar bhonn bliantúil le tabhairt faoina bpleananna oibre i gcomhar le chéile. Ghabh Foras na Gaeilge buíochas leis na 19 n-eagraíocht uilig san earnáil as a dtiomantas don Ghaeilge le linn tréimhse a raibh idir easaontú agus éiginnte ag baint léi. Ghabh siad buíochas leis na heagraíochtaí a ghlac páirt sa phróiseas roghnaithe fosta as a ndúthracht agus iad á n-ullmhú féin dó.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeadh an Foras féin agus na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe ag iarraidh bheith ag obair i gcomhar leis na heagraíochtaí nár roghnaíodh anois lena chinntiú nach gcaillfear an saineolas luachmhar ná an taithí atá cruinnnithe sna heagraíochtaí sin thar na blianta. “Aithníonn Foras na Gaeilge gur tréimhse chorrach a bheidh sna 6 mhí atá romhainn d’eagraíochtaí a dtiocfaidh deireadh lena maoiniú ó Fhoras na Gaeilge de bharr an chinnidh seo”, arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh. “Agus déanfar gach iarracht a chinntiú nach mbeidh pobal na Gaeilge thíos leis na hathruithe ollmhóra seo, agus go leanfar den obair thábhachtach atá idir lámha ag na heagraíochtaí nár roghnaíodh.”

De réir mar atá socraithe leanfar de bheith ag maoiniú na n-eagraíochtaí uilig go dtí an 30 Meitheamh 2014, agus tiocfaidh na socruithe úra i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Tuilleadh Eolais:

Gearóid Mag Uibhrín
Cumarsáid & Margaíocht
gmaguibhrin@forasnagaeilge.ie
087 177 9018

Comhairliúchán faoi ábhair na Sraithe Shóisearaigh

Eanáir 13, 2014

Tá comhairliúchán ar bun ag an CNCM maidir le sonraíocht roinnt d’ábhair na Sraithe Shóisearaigh, an Ghaeilge ina measc.

Beidh deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin ar an Aoine 17 Eanáir. Ba mhór acu do thuairimí a fháil agus chuige sin, iarrtar ort an suirbhé faoin nGaeilge a líonadh ag an nasc seo http://www.juniorcycle.ie/Curriculum/Consultation/Subjects/Gaeilge agus tá teacht ar na suirbhéanna eile ar an suíomh www.ncca.ie chomh maith.

 

Sraith nua faisnéise, An Ceoldráma, ag tosú ar TG4

Eanáir 7, 2014

Beidh sraith bhreathnaitheach úrnua, An Ceoldráma, ag tosú ar TG4 ar an 12ú Eanair ag a hocht a chlog. Sraith cheithre pháirt (4 x 52 nóiméid) atá ann a leanann iarrachtaí cheithre Gaelscoileanna ar cheoldráma a chur ar an stáitse don Fhéile Scoildrámaíochta – féile atá 80 bliain ar an bhfód i mbliana.

Is sraith shiamsúil, ionspráideach atá ann a thugann dianléargas ar thraidisiúin na ceoldrámaíochta i nGaelscoileanna na tíre agus a thaispeánann conas mar is féidir leis an gceol agus an drámaíocht a dhul i bhfeidhm ar an aos óg Gaelach ina dteanga dhúchais.

Colm Bairéad (An tÁdh, Lorg na gCos) a thaifead agus a stiúraigh agus is í Cleona Ní Chrualaoi (Lorg na gCos, The Gathering: Homeward Bound) a léirigh an tsraith. Feictear saol an tseomra ranga agus mionsochaí na Gaelscoile ann, feictear dianchleachtadh na ndaltaí agus an dua a chuireann na múinteoirí orthu féin, feictear giotaí spleodracha ó na cuir i láthair agus tugtar léargas a ardóidh do chroí, ar an saol sa mbaile ag roinnt de na príomhcharachtair.

Leanann an tsraith scoil amháin ó gach cúige:

  • Gaelscoil Charraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
  • Gaelscoil Ultain, Muineachán
  • Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath
  • Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, Conamara

Is sraith í seo a thugann léiriú ar na miondrámaí taobh thair de na drámaí seo, a thugann le fios cén saghas dua agus deacracht a bhíonn i gceist le léiriúchán dá leithéad a thógaint ón bhfocal scríofa go dtí stáitse náisiúnta. Is sraith ghreannmhar, bhríomhar, dhathannach atá ins An Ceoldráma, í lán de mhothúcháin, sraith a mbeidh dúil ag idir óg agus aosta inti.

Is é an comhlacht léiriúcháin Inscéal a léirigh. John Murphy (Showrunners, Bliain in Árainn Mhór) a bhí mar eagarthóir ar an sraith. Rinneadh an tsraith a thaifead idir Eanair agus Bealtaine 2013 i suíomhanna éagsúla i mBaile Atha Cliath, Muineachán, Gaillimh, Dún na nGall, Corcaigh agus san Iarmhí.

Craolfar An Ceoldráma gach Domhnach ar TG4 ag 8i.n. ar feadh ceithre seachtainí ón 12ú Eanair.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth, féadtar teacht ar Chleona Ní Chrualaoi ag cleonanic@gmail.com or 087-3296776

An Ceoldráma – Sceideal

Clár 1: An Fhéile Áitiúil (Corcaigh/Muineachán)
Dé Domhnaigh, 12ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 14ú Eanair 12 meánoíche & 16ú Eanair 2i.n.

Clár 2: An Fhéile Áitiúil (BÁC/Gaillimh)
Dé Domhnaigh, 19ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 21ú Eanair 12 meánoíche & 23ú Eanair 2i.n.

Clár 3: Na Féiltí Cúige (Na ceithre scoileanna)
Dé Domhnaigh, 26ú Eanair 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 28ú Eanair 12 meánoíche & 30ú Eanair 2pm

Clár 4: An Fhéile Náisiúnta (Na ceithre scoileanna)
Dé Domhnaigh, 2ú Feabhra 2014 – 8i.n. / Athchraoladh 4ú Feabhra 12 meánoíche & 6ú Feabhra 2pm

Tráth na gCeist Bórd Feachtas

Eanáir 6, 2014

Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal sna scoileanna thíos go luath:

  • i gColáiste Raithín, Bré ar 20ú Eanáir 2014 ag 19.00
  • i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh ar 27ú Eanáir 2014 ag 19.00
  • i gColáiste na Coiribe, Gaillimh ar 29ú Eanáir 2014 ag 19.00

Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

Tuilleadh eolais: ciara.feachtas@gmail.com

Ciara Ní Bhroin
Oifigeach Forbartha
Feachtas
Oifig a 8
Teach Coghill
64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2.

Fón oifige: 01 6725940

ciara.feachtas@gmail.com

www.feachtas.ie

https://twitter.com/Feachtas_ie
https://www.facebook.com/feachtas

Dátaí Scléip 2014!

Nollaig 12, 2013

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith.  Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.

Beidh réamhbhabhtaí Scléip ar siúl ar na dátaí seo a leanas:

5 agus 6 Feabhra 2014 – Firkin Crane, Corcaigh
10 Feabhra 2014 – Axis, Baile Átha Cliath
12 Feabhra 2014 – Riverbank, Cill Dara
14 Feabhra 2014 – Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

Bíonn deis ag gach scoil iomaitheoirí a chur chun cinn i ngach rannóg sna réamhbhabhtaí agus roghnóidh na moltóirí iomaitheoirí na craoibhe ag na himeachtaí sin. Beidh an craobh ar siúl in amharclann an Axis, Baile Átha Cliath ar an 1 Márta 2014. Tá gach eolas maidir le hiontráil a dhéanamh ar an gcomórtas ar fáil thíos:

Seo thíos Eoin agus Sorcha ó Ghael-Choláiste Chill Dara, a ghlac páirt i Scléip 2013 agus a chas ceol den scoth d’Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, ag Comhdháil Oideachais Gaelscoileanna Teo. & Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar an 22 Samhain 2013. Bhí an tUachtarán an-tógtha leo agus thug sé ardmholadh dóibh!

Eoin agus Sorcha

An Taoiseach Enda Kenny i mbun cainte le Raidió na Life ar ‘20 Bliain’ Dé Céadaoin 11ú Nollaig, 12:00 – 13:00

Nollaig 10, 2013

Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh An Taoiseach Enda Kenny ag tabhairt mór-agallamh don stáisiún Dé Céadaoin beag seo 11ú Nollaig ag a meánlae mar chuid den tsraith ’20 Bliain’, sraith ina labhrann mórphearsantachaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.

Ábhar mórtais do stáisiún na nGael in Áth Cliath, ní hamháin go mbeidh An Taoiseach le cloisteáil faoi agallamh le Siobhán Seoighe ar an tsraith, ach beidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn i mbun cainte linn chomh maith an tseachtain dár gcionn, ar an gCéadaoin 18ú Nollaig, nuair a labharfaidh sé le Judy-Meg Ní Chinnéide.

Bíonn an clár „20 Bliain‟ le cloisteáil gach Céadaoin ag a 12 meánlae, le deis éisteacht arís leis ag a 7 i.n. gach tráthnóna Déardaoin. Tá réimse leathan d‟aíonna tar éis páirt a ghlacadh sa sraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, ceoltóirí srl. Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a thiocfaidh tú ar agallaimh le leithéidí Dhara Uí Bhriain, Peter Coonan (“Fran” i Love/Hate), Bláithnaid Ní Chofaigh, Fiach Mac Conghail agus neart daoine eile nach iad.

Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saolta idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an dtaifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha RnL a gcuid talainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh uair a‟ cloig le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”

Tá físeán de thuras Raidió na Life chuig Áras an Uachtaráin déanta ag an scannánóir óg Laura Gaynor, oibrí deonach leis an stáisiún. Féach: http://www.youtube.com/watch?v=ooJ9gNI-rxo

Tá an tsraith seo léirithe ag Deirdre Callanan agus Cian Mac Cárthaigh agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith. Tá láithreoirí deonacha éagsúla ón stáisiún ag cur na cláracha i láthair. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn faoin gclár ag cian@raidionalife

Faoi Raidió na Life:
Buaiteoir ghradam “Stáisiún Raidió na Bliana” ag Féile na Meán Ceilteach sa Bhreatain Bheag i 2013, tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 25ú Meán Fómhair 1993 mar stáisiún pobail sainspéise. Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann ar a chumas triúr foirne lánaimseartha a fhostú mar aon le Maor Deireadh Seachtaine páirtaimseartha. Is ar bhonn deonach a oibríonn láithreoirí uile an stáisiúin agus bíonn idir 100 agus 150 duine ag glacadh páirte sa stáisiún ar bhonn deonach chuile sheachtain. Feidhmíonn sé faoi stiúr Bhord Stiúrtha deonach.
Tá suas le dhá mhíle craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ Raidió 1), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Cormac Ó hEadhra (RnaG) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie freisin.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d‟éisteoirí. Aithnítear an stáisiún freisin as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r‟n‟b srl. – agus na cláir go léir, nach mór, curtha i láthair trí Ghaeilge. Déanann an stáisiún obair luachmhar le pobail mhionteangacha eile sa phríomhchathair freisin, le cláracha á gcur i láthair ar an stáisiún i dteangacha phobail inimirceacha ar nós an Pholainnis is an Spáinnis leis.

Bhronn Oireachtas na Gaeilge gradam speisialta ar Raidió na Life níos luaithe i mbliana as „Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain ó 1993 – 2013’ mar aon le “Láithreán Gréasáin na Bliana” do www.raidionalife.ie ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013.

Guíonn Gaelscoileanna Teo. gach rath ar na heolaithe óga!

Nollaig 9, 2013

Tá 3 bhunscoil lán-Ghaeilge ag glacadh páirt in Aonach Eolaíochta na bliana seo, a bheidh ar siúl san RDS i mí Eanáir. Tá na sonraí ar fad sa phreasráiteas thíos, ach seo na ceisteanna dushlánacha a bheidh á fhreagairt ag daltaí na 3 scoil lán-Ghaeilge:

  • Ciotach nó deasach – Cé acu na smaointeoirí is tapúla? (Gaelscoil Aonach Urmhumhan)
  • Conas a tharlaíonn imoibrithe, Tubaistí Nádúrtha agus Imoibriú Ceimiceach? (Scoil Chrónáin)
  • An bhfuil “Micro chips” blasta? (Gaelscoil Bharra)

Preasráisteas maidir leis an Eolaí Óg

Uasdhátú ar Gael-Choláiste an Phiarsaigh, ag oscailt i 2014

Nollaig 5, 2013

Eolas do thuismitheoirí scoláirí na céad bhliana (2014-15):

Ba mhaith leis an mBord Bainistíochta cuireadh a thabhairt duit, agus tuismitheoirí eile atá tar éis a bpáistí a chlárú don scoilbhliain 2014/15, chuig cruinniú i gClub Theach Naoimh Eoin, CLG, Baile an tSaoir ar an gCéadaoin, 18/12/2013 ag 8.00in.

Taighde nua foilsithe ar www.cogg.ie

Nollaig 4, 2013

Tá dhá thuarascáil taighde nua ar fáil ar shuíomh COGG, cliceáil ar na naisc thíos le teacht ar na leaganacha PDF:

Tionchar leasuithe siollabais na hArdteiste, Ardleibhéal ar chumas na ndaltaí

Tionchar na gcoláistí Gaeilge ar dhearcadh agus ar chumas na ndaltaí

www.cogg.ie

Oíche eolais do thuismitheoirí ar siúl i nGaelscoil Mhic Aodha, Déardaoin 28 Samhain ag 7pm

Samhain 27, 2013

Tá fáilte roimh gach éinne! Tá an scoil lonnaithe i Radharc an Túir, Baile Chill Dara, Co. Chill Dara.

Teagmháil:

045 535588
gaelscoilmhicaodha@gmail.com

« Previous PageNext Page »