Scoláireacht i bPleanáil Teanga agus Pobail
Aibreán 9, 2015
Tá Scoláireacht i bPleanáil Teanga a mhairfidh suas le dhá bhliain á dtairiscint ag Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí Gaeltachta a bhfuil líofacht Ghaeilge acu le hoiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil a fháil i réimse oibre na Pleanála Teanga agus Forbartha Pobail.
Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal sa réimse Pleanála, sa Phleanáil Teanga féin, sa bhForbairt Pobail nó i réimse na Forbartha Gnó atá á lorg. Ní mór d’iarrthóirí ard chaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus Béarla a bheith acu chomh maith le scileanna ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin/anailíseacha. Beidh an duine a cheapfar ag obair le Foireann Réigiúnach an Údaráis sa Deisceart.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí Údarás na Gaeltachta i nDaingean Uí Chúis. Íocfar liúntas €23,000 – €25,000 leis na daoine a cheapfar.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh an Aoine, 17 Aibreán 2015 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na
Gaillimhe
Teil: 091 503100 Ríomhphost: p.oconghaile@udaras.ie
Foilsiú an Dréacht-Bhille Oideachais 2015 (Iontráil Scoileanna)
Aibreán 9, 2015
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh fhoilsiú an Dréacht-bhille Oideachais 2015, a dhéanfaidh cleachtais iontrála na scoileanna, scoileanna lán-Ghaeilge ina measc, a rialú an uair a achtófar é agus rialacháin déanta ag an Aire Oideachais agus Scileanna ina leith.
Eascraíonn an Bille seo as comhairliúchán forleathan le roinnt blianta anuas, comhairliúchán a ghlac Gaelscoileanna Teo. páirt ghníomach ann ar son na scoileanna lán-Ghaeilge. Aithníonn Gaelscoileanna Teo. gur cuimsíodh sa Bhille an-chuid de mholtaí an Chomhchoiste um Oideachas agus Coimirce Shóisialach, a thug faoi comhairliúchán i mí Márta 2014 leis na páirtnéirí oideachais, agus a léirigh an-tuiscint ar na hábhair imní mar a bhaineann le cosaint shainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge sa rialachán atá beartaithe.
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. bunaidhm an rialacháin atá beartaithe, sé sin córas atá struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach do gach páiste, cur chuige a bhí riamh mar bhunsprioc ag scoileanna san earnáil lán-Ghaeilge.
Fáiltítear go hoscailte roimh gach iarrthóir ar scolaíocht lán-Ghaeilge. “Tá, áfach, go leor ceantair ann nach bhfuil soláthar lán-Ghaeilge iontu, nó nach bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge iontu in ann freastal ar an éileamh de bharr cúinsí cóiríochta. Le 43% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge agus 25% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh, níl aon rogha ag scoileanna ach critéir iontrála a shainiú. Ní bheidh réiteach ar dhíomá na dtuismitheoirí nach n-éiríonn leo a gcuid páistí a fháil isteach sa scoil lán-Ghaeilge go dtí go mbeidh soláthar breise déanta agus feabhas ar chúrsaí cóiríochta sna scoileanna lán-Ghaeilge le freastal ar an éileamh ollmhór atá cruthaithe agus méadaitheach le blianta fada”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach.
I measc na gcritéir iontrála a bhíonn ag scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, tugann roinnt scoileanna tús áite do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge agus do theaghlaigh atá gníomhach agus a léiríonn spéis i gcur chun cinn na teanga. Tá an cur chuige seo riachtanach chun críche cosaint sainmheon teanga na scoile agus cearta teanga na bpáistí le Gaeilge ó dhúchas, páistí atá ina mhionlaigh fíor-bheag. Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. go mór roimh an aitheantais gur fearr go bhfágfaí faoi údarás na scoileanna lán-Ghaeilge slánchúis na scoileanna a chosaint, agus é sin trí chomhairiliúchán agus spiorad oscailte le pobal uile na scoile.
Le thart ar 95% de phobal na scoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht, comhdhéanta de pháistí a thagann isteach sa chóras gan mórán Gaeilge, nó Béarla, éiríonn go han-mhaith leis an gcóras lán-Ghaeilge buntáistí an dátheangachais agus an tumoideachais a bhronnadh ar na mílte páistí gach bliain.
Deir Uachtarán Gaelscoileanna Teo. Cathnia Ó Muircheartaigh, i gcomhthéacs an tábhacht a bhaineann le huilechuimsitheacht agus comhionannas cearta sna scoileanna lán-Ghaeilge, “ní mór dúinn a bheith an-chúramach an chothromaíocht cheart a aimsiú idir rogha tuismitheoirí agus rialachán. Tá sé riachtanach go ndéanfar soláthar ceart don scolaíocht lán-Ghaeilge, chun go mbeidh scoileanna in ann fíor-rogha a thairiscint dá gcuid pobail agus nach mbeidh páistí á ndiúltú ceal spáis nó faoi bhrú freastal ar scoil lán-Bhéarla”.
Sonraíonn an dréacht-bille go bhféadfadh go gcuirfí bac sna rialacháin ar scoileanna tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar réamhscoil. “I gcás na scoileanna lán-Ghaeilge áfach, bíonn an tréimhse luath-thumadh sa naíonra ina bhuntáiste ollmhór don scoil agus don pháiste chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna teangeolaíocha i gcomhthéacs forbairt iomlán an linbh. Iarrfaimid dá réir ar an Aire athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo chun leas scileanna teanga an linbh agus chun críche bonn níos láidre a chur faoin luath-thumoideachas sa bhunscoileanna”, arsa ní Ghréacháin.
Aithníonn Gaelscoileanna Teo. go bhfuil forbairt le déanamh ar roinnt de na saincheisteanna agus ábhair imní go fóill, ina measc córas cothrom achomhairc; méadú suntasach ar fhreagracht an phríomhoide as feidhmiú an pholasaí iontrála agus céatadán pháistí iardhaltaí a thabharfar tús áite dóibh. Tá Gaelscoileanna Teo. ag súil leis an deis leanúint leis an idirphlé leis an Roinn Oideachais agus Scileanna mar aon le baill an Oireachtais ar na ceisteanna thuas de réir mar a théann an Bille trí chéimeanna uile na gcoistí go dtí go mbeidh sé achtaithe.
Fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile
Aibreán 9, 2015
Tá fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inné. Ní luaitear aon chosc sonrach ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, ach ní bheidh aon chinnteacht faoin scéal go dtí go mbeidh an Bille achtaithe agus rialacháin déanta ag an Aire Oideachais faoi.
Thug príomhchigire na Roinne Oideachais le fios ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG inné, áfach, go mbeidh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile acu.
Dúirt an príomhchigire go gcaithfí a bheith “cúramach go mbeidh cur i bhfeidhm an pholasaí féaráilte do gach tuismitheoir, tuismitheoirí le Gaeilge agus tuismitheoirí nach mbeadh Gaeilge acu”, ach thug sé le fios go mbeadh cead ann critéir teanga ar leith a leagan síos.
“Beidh na Gaelscoileanna in ann polasaí a leagan sios: ‘Bhuel, ba mhaith linn tús áite a thabhairt do dhaltaí a bhfuil na tuismitheoirí fabharach don Ghaeilge agus ag iarraidh teaghlach a bheith ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Ba cheart dóibh a bheith an-chúramach i gcur i bhfeidhm an pholasaí sin go mbeidh siad féaráilte do na tuismitheoiri uile a chuireann isteach ar áit,” a dúirt príomhchigire na Roinne Oideachais.
Chuir Bláthanid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo fáilte roimh fhoilsiú an Bhille.
“Tógann an Bille an-chuid ar na moltaí a chuir an Comhchoiste um Oideachas chun cinn agus bhíomar an-lárnach sa chomhchoiste ag an am. De réir mar a thuigim ón méid atá ráite agus nach bhfuil ráite sa dréachtbhille, ní bheidh aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge agus teaghlaigh atá gníomhach i gcur chun cinn na teanga.
“Ar ndóigh, cruthaíonn sé deacrachtaí nuair nach bhfuil scoileanna in ann freastal ar dhaltaí. Bíonn orthu critéir iontrála a leagan amach agus is é nádúr an ruda go ngearrtar daoine amach agus go gcothaíonn sé míshástacht agus díomá agus é sin ar fad. Ní bheadh gá leis an rialachán dá mbeadh muid in ann freastal ar an éileamh ar fad,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.
Dúirt sí freisin go bhfuil rudaí áirithe sa Bhille a chuirfeadh isteach ar aon scoil, bíodh sí ina scoil lán-Ghaeilge nó ná bíodh.
“Tá ceist ann go fóill maidir le céatadán na ndaltaí ar páistí de chuid iardhaltaí na scoile iad. Chomh maith leis sin, titfidh an fhreagracht faoi chur i bhfeidhm na bpolasaithe seo ar an bpríomhoide,” a dúirt sí.
Bhí Ní Ghreacháin i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste um Oideachas an tseachtain seo caite, áit a raibh plé teasaí idir ionadaithe na n-eagras Gaeilge agus an Teachta Dála Catherine Byrne (FG) ón gCloigín Gorm i mBaile Átha Cliath.
Dúirt an Teachta Dála go raibh sí den tuairim go raibh leatrom á dhéanamh ag na scoileanna lán-Ghaeilge ar dhaltaí agus tuismitheoirí nach raibh Gaeilge acu.
“There are schools out there who cherrypick children. I think it’s sad that parents have to sit an interview in Irish to get the child into a Gaelscoil. It’s not fair on people who can’t speak Irish,” a dúirt an Teachta Dála.
Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin le Tuairisc.ie go ndéanann a leithéid de ráiteas dochar don Ghaelscolaíocht.
“Tá baol ag baint le ráiteas den chineál a dhein sí mar go bunúsach tá sí ag bunú a tuairimí, agus ag iarraidh polasaí a bhrú chun cinn bunaithe ar chomhrá amháin, a bhí aici le duine amháin.
“An rud a bhí sí ag iarraidh a chur inár leith ná go mbíonn muid ag déanamh leithcheal ar pháistí ach an áit a bhfuil leithcheal á dhéanamh ná ar pháistí nach bhfuil spás ann dóibh, agus níl spás ann dóibh toisc nach bhfuil scoileanna sách mór le déileáil leo.”
Dúirt príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo go raibh míthuiscint ar an Teachta Dála:
“Is dóigh liom gur phioc sí suas mícheart é freisin, an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná gur mionlach fíorbheag iad na teaghlaigh lán-Ghaeilge agus tá sé de cheart agus de chead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt don teanga sa scoil.
“An t-aon rud a bhí sí ag moladh ná go mbeadh cur chuige randamach ann agus go mbeadh ainmneacha á dtógáil ó hataí da mbeadh róéileamh ann, ach níl sé sin réadúil. Bheadh leithcheal á dhéanamh ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge atá ag iarraidh oideachas a fháil ina dteanga dhúchais,” a dúirt sí.
Scéal ó: www.tuairisc.ie
‘Athbhreithniú ar oideachas sa Ghaeltacht le foilsiú go luath’ – Aire Oideachais
Aibreán 7, 2015
Dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan go bhfoilseoidh sí athbhreithniú na Roinne ar an scolaíocht Ghaeltachta go luath. Tá sé d’aidhm ag an athbhreithniú bealaí a aimsiú leis an oideachas lán-Ghaeilge i limistéir Ghaeltachta a threisiú.
Ag labhairt di ag comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann in Inis, Co an Chláir, dúirt Jan O’Sullivan go bhfuil ‘dréachtbheartas cuimsitheach’ ar an gceist réitithe ag an Roinn agus go gcuirfidh sí faoi bhráid an Rialtais go luath é.
Tá aird tarraingthe ag tuarascálacha éagsúla le roinnt blianta ar an an gcuraclam comónta atá i bhfeidhm i ngach áit sa tír a deirtear a fhágann scoileanna Gaeltachta faoi mhíbhuntáiste. Tá an siollabas Gaeilge céanna i ngach scoil sa tír, idir Ghaeltacht agus Ghalltacht.
I dtuarascáil a scríobh sé i 2007, dúirt an Dr Peadar Ó Flatharta nach ndearnadh cúram de chainteoirí dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht riamh mar nár cuireadh curaclam ar fáil a bhí feiliúnach dá gcumas teanga.
Tharraing an tAire O’Sullivan aird freisin ar labhairt an Bhéarla sa Ghaeltacht a chothaíonn dúshlán ar leith do riachtanais teanga chainteoirí dúchais Gaeilge. Dúirt sí go bhfuil an Rialtas ‘tiomanta do dhul i ngleic leis na dúshláin seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.’
Gheall Jan O’Sullivan go gcuirfear athbhreithniú na Roinne faoi bhráid mhuintir na Gaeltachta le súil is go bpléifear a bhfuil ann. Dúirt sí go gcuirfear ‘comhairliúchán náisiúnta’ sa tsiúl agus go gcuirfear tús faoi dheireadh na bliana seo ‘leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm agus na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil mar thaca leis’.
Tuilleadh eolais: www.rte.ie
Óráid an Aire Jan O’Sullivan ag Comhdháil Chumann Múinteoirí Éireann in Inis, Co. an Chláir.
Aibreán 7, 2015
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra (Cúnta) i Naíonra na Giúise, BÁC 24
Aibreán 7, 2015
Spriocdháta: 6ú Bealtaine 2015
Sonraí ar fáil anseo: http://www.earlychildhoodireland.ie/jobs/stiurthoir-naionra-cunta/
Saoire Gaeilge do theaghlaigh i gCiarraí agus i nDún na nGall
Aibreán 2, 2015
Tá Glór na nGael ag reáchtáil trí ócáid laethanta saoire teaghlaigh le linn an tsamhraidh seo. Mar a bhí roimhe seo, beidh saoire samhraidh ann do theaghlaigh sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí ón 8 go dtí 15 Lúnasa agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo.
Tá dhá shaoire eile de sheachtain amháin an ceann á reáchtáil ag Glór na nGael san Ionad Oideachais agus Traenála i nGartán, Co. Dhún na nGall. Beidh an chéad seachtain saoire i nGartán ar siúl ó 11 go dtí 18 Iúil agus is do theaghlaigh lán-Ghaeilge amháin an saoire seo. Beidh an dara seachtain saoire i nDún na nGall ar siúl ó 19 go dtí 24 Iúil agus beidh an ócáid seo dírithe ar theaghlaigh nach bhfuil labhairt na Gaeilge ag duine de na tuismitheoirí. Beidh ranganna idirghníomhacha comhrá Gaeilge ar siúl le linn na seachtaine do thuismitheoirí gan líofacht sa teanga le cuidiú leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
Is saoire eachtraíochta iad seo agus beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl ó lá go lá a bheidh oiriúnach do pháistí d’aoiseanna difiriúla agus a gcuid tuismitheoirí.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí dul i dteagmháil le:
Glór na nGael ar 00353 58 24642 nó ar ríomhphost ag marcas@glornangael.ie.
Concern raised over standard of Irish among teachers
Aibreán 2, 2015
Concerns have been raised at the Oireachtas Committee on Education by Irish language groups, over the lack of teachers at primary or secondary levels with adequate levels of Irish to teach in Gaelscoileanna.
Bláthnaid ní Ghréacháin of Gaelscoileanna Teo – a national, voluntary organisation supporting the development of Irish schools at primary and at post-primary level – said applicants generally tick the box to say they can teach Irish, however she said there is a big question over the standard of Irish of teachers. 1041
She also pointed out that there is currently an 45% over-subscription to Gaelscoileanna.
http://www.rte.ie/news/2015/0401/691244-news-in-brief/
Folúntas: Príomhoide i Scoil Oilibhéir, Baile Átha Cliath
Aibreán 2, 2015
Spriocdháta: 15ú Aibreán 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo ag labhairt ós comhair Choiste an Oireachtais
Aibreán 1, 2015
Beidh Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo ag déanamh cur i láthair os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas ar maidin.
Tá tuairisciú beo á dhéanamh faoi láthair ar www.tuairisc.ie