Méid an Téacs

Gabhann Gaelscoil Chloch na gCoillte Buíochas as Ucht iPads

Eanáir 20, 2015

Tá buíochas mhór á ghabháil ag Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin i gCloch na gCoillte do mhuintir na scoile, gnólachtaí áitiúla agus an pobal tar éis feachtas mór bailiúcháin sean fón póca, óna tháinig dhá iPad mar thoradh. Bhronn Irish Autism Action na iPads orthu, le n-úsáid ag páistí sa scoil ag a bhfuil ASD (neamhord de chuid speictream an uathachais) acu.

Mí Márta seo chaite, sheol an scoil feachtas poiblí don phobal ginereálta lena sean bhfón póca a thabhairt dóibh. Chuir 10 gnólachtaí agus an foireann áitúil athchursáil ón Comhairle Contae boscaí bailiúcháin ar a n-áitreabh ina gcur an pobal a gcuid fón póca. Bhí freagra iontach ón gcomhphobal scoile ginireálta chomh maith.

Mar thoradh ar na hiarrachtaí ar fad, bailíodh beagnach 400 fón agus dheonaigh Autism Ireland dhá iPad don Aonad ASD le déanaí mar thoradh.

Bunaíodh an rang ASD sa Ghaelscoil i Meán Fomhair 2011 agus anois tá 13 daltaí ó aois trí go 11 ag freastal ar thrí rang. Ceapann múinteoirí agus na cuntóir riachtanais spesialta gur uirlis fíor thábhachtach cumarsáide iad do na ndaltaí. Bíonn deacrachtaí cumarsáide ag an t-uafás páistí a bhfuil ASD acu, roinnt dóibh gan caint ar bith, agus cabhraíonn na iPads seo go mór mar go mbíonn siad lán le ‘apps’ dírithe ar teanga agus cumarsáid amháin. Is féidir leis na daltaí abairtí sothuigthe a cruthú lena dtuairimí agus riachtanais a chur in iúl.

Mhínigh Príomhoide na scoile Carmel Nic Airt go bhfuil na seirbhísí seo á sholáthar acu ón Mean Fomhair seo chaite. Is iad an taon scoil in iarthar Chorcaigh a sholáthraíonn áit bunscoile lán aimsire do pháistí a bhfuil ASD acu.

“Tá áiseanna iontach againn, ina measc sheomra Multi-Sensory ar chostas €43,000, Halla ‘Occupational Therapy’ agus seomraí Teanga agus Caint, chomh maith le múinteóirí agus cuntóirí riachtanais spesialta sa scoil a dhéanann a ndícheall leis na daltaí. Tá buntáistí na iPads feicithe againn ó thús an aonad ASD, ach faraoir níl dhóthain iPads againn faoi láthair do na ndaltaí ar fad.

Taímid thar a bheith buíoch as na gnólachtaí áitiúla a ghlac na mboscaí bailliúcháin ar a n-áitreamh agus a bhailigh na fóin dúinn, chomh maith le teaghlaigh na scoile a thug a sean bhfóin isteach dúinn.

Tá buíochas spesialta le ghabháil leis an bhfoireann ag an Ionad Athchursála Áitiúl a choimeád sean fón ar leataobh dúinn. Tháinig na iPads níos sciobtha mar gheall ar seo.

Is feachtas leanúnach í seo agus arís iarraim ar phobal Chloch na gCoillte a sean bhfóin a thabhairt dúinn ionas gur bhféidir linn níos mó iPads a fháil donár ndaltaí iontach speisialta.”

Is féidir na fón a fhágáil isteach sna háiteanna seo a leanas; O’ Donovan’s Hotel, Leabharlann Chloch na gCoillte, Park Leisure Centre, Harte’s Spar, Sally’s Super Valu, Technology Park, Carbery Milk Products, Irish Yoghurts, Vodafone agus Ionas Athchursála Chloch na gCoillte.”

Sceitimíní ar pháistí Ghaelscoil na bhFilí agus sneachta tagtha

Eanáir 20, 2015

Bhí sneachta trom i nGort, Co. na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine. Seo pictiúir de na naíonáin agus an fear sneachta a rinneadar i gclós na scoile.
Nach bhfuil siad gleoite!

naíonáin-sa-sneachta

Cruinniú Cinn Bhliana agus Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta

Eanáir 19, 2015

Beidh Cruinniú Cinn Bhliana agus Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar siúl i mbliana ar 27 – 28 Feabhra 2015, sa Red Cow Moran Hotel i mBaile Átha Cliath.

Reáchtálfar Cruinniú Cinn Bhliana an Fhorais ar an Aoine 27 Feabhra 2014 idir 7i.n. agus 8.30i.n. Beidh béile an Fhorais ar siúl i mbialann an óstáin tar éis an chruinnithe.

Reáchtálfar an chomhdháil ar an Satharn 28 Feabhra idir 9r.n. agus 3i.n. Is é ‘Gaeloideachas do Chách’ téama na comhdhála. Beidh clár an lae ar fáil go luath. Pléifear topaicí éagsúla ar an lá; airgeadas scoile, cosaint sonraí agus éiteas scoile. Déanfaidh an an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, píosa cainte ar chearta teanga na scoileanna.

Beidh seastáin éagsúla ann ar an lá agus fógrófar buaiteoirí Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, atá urraithe i mbliana ag Foras na Gaeilge.

Ticéid:

• Béile an Fhorais (Aoine 27 Feabhra) agus ticéad don Chomhdháil (Satharn 28 Feabhra): €60

• Ticéad don Chomhdháil amháin (Satharn 28 Feabhra): €35

Seol ríomhphost chuig eolas@foras.ie chun do thicéad a chur in áirithe.

Stad Oibre ag Baill an ASTI agus an TUI – 22 Eanáir 2015

Eanáir 16, 2015

Scéal iomlán ag: www.education.ie

‘Ainmnigh agus náirigh iad’ ar chlár poiblí – Coimisinéir

Eanáir 15, 2015

Ba chóir liosta d’eagraíochtaí a dteipeann orthu a ndualgais teanga a chomhlíonadh a fhoilsiú ar chlár poiblí chun brú a chur orthu cloí leis an reachtaíocht, a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tráthnóna.

Agus é ag caint ag cruinniú den Chomhchoiste Oireachtais um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha, dúirt an Coimisinéir go raibh gá lena leithéid de chlár poiblí le go mbeadh teacht ‘éasca’ agus ‘leanúnach’ ar eolas faoi chomhlachtaí poiblí a sháraíonn a dualgais reachtúla teanga.

“Cé go ndírítear aird phoiblí ar thuarascálacha a chuirim faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag tráth a bhfoilsithe, níl aon chlár lárnach poiblí ann a thugann le fios go héasca agus go leanúnach cé hiad na comhlachtaí poiblí atá neamhghéilliúil do reachtaíocht teanga nó go deimhin do reachtaíocht eile,” a dúirt an Coimisinéir.

Is mar chuid de shraith cruinnithe le hOmbudsmain faoina gcuid oibre a iarradh ar an gCoimisinéir teacht os comhair an chomhchoiste.

Dúirt sé go bhféadfadh ról a bheith ag coiste Oireachtais i mbunú an chláir phoiblí atá á mholadh aige.

“D’fheicfinn go bhféadfadh ról a bheith ag Coiste Oireachtais comhlachtaí poiblí a chlárú nó a bhaint den taifead, tar éis an cás a mheas.

Ba ionann a leithéid de thaifead agus aitheantas an Oireachtais go raibh an sárú suntasach a dhóthain le bheith aitheanta,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Maidir leis na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, dúirt an Coimisinéir go raibh gá le hAcht a chuirfeadh ar a chumas “cosaint a dhéanamh ar chearta teanga an tsaoránaigh”. Bhí gá leis, a dúirt sé, le “bealach éifeachtúil chun comhlachtaí poiblí nua a thabhairt faoi scáth an Achta”.

“Fáiltím mar sin roimh an moladh atá déanta sna ceannteidil don Acht leasuithe go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoi scáth na reachtaíochta go huathoibríoch.

Cuirfidh sé seo ar mo chumas freastal ar líon suntasach gearán atá á bhfáil agam, nach bhfuil cumhacht agam faoi láthair gníomhú ina leith.”

www.tuairisc.ie

Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta 2015

Eanáir 14, 2015

Bhí an-rath ar Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta anuraidh agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh sé ar ais arís don scoilbhliain 2014/2015!

Tá comórtas na scoilbhliana seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus beidh duaiseanna den scoth ar fáil.

Tugaimid cuireadh do dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna an Fhorais páirt a glacadh sa chomórtas. An téama atá ann don scoilbhliain seo ná ‘Gaeloideachas do Chách’.

Tá cúig rannóg éagsúil ann agus tá fón cliste, Nintendo Wii, táibléid agus tuilleadh i measc na nduaiseanna a bhronnfar!

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas ealaíne anuraidh. Ghlac go leor scoileanna páirt agus bhí an caighdeán fíor ard go deo.

“Anuraidh bronnadh duaiseanna iontacha ar na buaiteoirí agus tá an áthas orainn i mbliana go bhfuil duaiseanna bhreá eile ar fáil. Táimid an-sásta go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó na scoileanna cheana féin.”

Is é an 6 Feabhra 2015 an sprioc d’iarratais. Fógrófar na buaiteoirí ag Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel. Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ar www.foras.ie

Tuilleadh eolais ag: www.foras.ie

Folúntas: Gaelcholáiste Reachrann, BÁC

Eanáir 14, 2015

Sonraí ar fáil: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11309/

Comhairliúchán ar Acht Gaeilge le tosú roimh dheireadh na míosa

Eanáir 14, 2015

Thug urlabhraí ó Shinn Féin le fios do Tuairisc.ie go gcuirfear tús le próiseas comhairliúcháin ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann roimh dheireadh mhí Eanáir.

D’fhógair an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín an próiseas comhairliúcháin agus ceist á freagairt aici i dTionól Stormont inniu. Fógrófar sonraí an phróiseas comhairliúcháin an tseachtain seo chugainn, a dúirt urlabhraí Shinn Féin.

Chuir an CTR Róise Ní Thoirealaigh (SF) as Iarthar Bhéal Feirste fáilte roimh an scéala.

“Tá diúltaithe ag Rialtas na Breataine coimitmint a thug siad ag Cainteanna Naomh Aindriú d’Acht Gaeilge a chomhlíonadh go fóill. Is gá cearta Gaeilgeoirí a chosaint i reachtaíocht oifigiúil. Is seans é an comhairliúchán seo ag daoine Acht Gaeilge a scrúdú. Feicfidh siad nach bhfuil an tAcht ina bhagairt ag duine ar bith agus gur leis an phobal iomlán an Ghaeilge,” a dúirt sí.

Bhí Acht Gaeilge ina cnámh spairne ag na cainteanna traspháirtí a bhí ar siúl sa Tuaisceart roimh an Nollaig.

Bhí sé go mór i mbéal an phobail le cúpla mí anuas tar éis don Chomhalta Gregory Campbell ceap magaidh a dhéanamh den éileamh agus é ag caint sa Tionól i mí na Samhna. Spreag caint an Chomhalta léirsithe pobail agus litreacha ó eagrais éagsúla Ghaeilge.

D’fháiltigh POBAL, atá ag feachtasaíocht ar son Acht Teanga le fada an lá, roimh an scéala inniu.

Bhí POBAL ar cheann de na cúig eagras is tríocha a chuir a n-ainm leis an litir a seoladh chuig Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann, Theresa Villier MP, a d’éiligh Acht Teanga don Tuaisceart.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, “Mar cheannródaithe ar Acht na Gaeilge le 9 mbliana anuas, d’fháilteodh POBAL roimh ghníomh dearfach ar bith i dtreo reachtú Acht na Gaeilge láidir, ceart-bunaithe taobh istigh d’achar ama aontaithe.”

Mhol Muller cinneadh an Aire ach mheabhraigh sí go ndearnadh comhairliúcháin roimhe seo.

“Molann muid díograis agus suim an Aire ar an cheist seo. Caithfear a admháil, áfach, go raibh sraith de chomhairliúcháin oifigiúla ar siúl cheana féin ar an cheist seo. Is léir, mar sin, go mbeidh pobal na Gaeilge ar bís le fáil amach cad é an mheicníocht nua atá aimsithe ag an Aire le cinntiú go reachtlófar an tAcht an t-am seo. Beidh POBAL ag bualadh leis an Aire go luath leis na ceisteanna seo, agus ábhar eile a phlé léi,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach.

Bhí dhá phróiseas comhairliúchán faoi Acht Teanga ann cheana, ceann i 2006 agus ceann eile i 2007. Dar le POBAL, léirigh 98% dóibh siúd a ghlac páirt sna próisis tacaíocht do mholtaí POBAL.

Thug Janet Muller le fios do Tuairisc.ie gur scríobh POBAL chuig Príomh-Aire na Breataine, David Cameron, le linn na gcainteanna traspháirtí, ach gur “shéan Oifig Thuairsceart Éireann na dualgais maidir le hAcht Gaeilge a ghlac rialtas na Breataine air féin i gComhaontú Chill Rímhinn.

Dúirt sí freisin gur “léir go gcaithfidh rialtas na Breataine féin beart a dhéanamh de réir a bhriathair”.

Buaiteoirí Google i nGaelscoil Dhroichead na Banndan

Eanáir 13, 2015

Bhí triúr cuairteoirí ag Gaelscoil Dhroichead na Banndan i rith mhí na Nollag. Tháinig Emer Hickey, Ciara Judge agus Sophie Healy Thaw ar cuairt chucu ó Phobalscoil Chionn tSáile. Tá an-cháil bainte amach ag na cailíní seo mar bhuadar an comórtas Google Science Fair i gCalifornia. Is comórtas ollmhór é seo ina bhfuil na mílte iomaitheoirí ó mhórthimpeall na cruinne ag glacadh páirte ann. Bhuadar scoláireacht €30,000 ó Google agus turas timpeall oileáin Galapagos.

Chuir na cailíní isteach ar an gcomórtas lena gcuid oibre, ag déanamh fiosrúchán ar bhaictéir nádúrtha a úsáid chun cabhrú le níos mó barraí a fhás. Bhuaigh na cailíní an BT young Scientist & Technology Exhibition i 2013 agus an comórtas Eorpach do na heolaithe óga chomh maith.
D’fhreagair na cailíní an-chuid ceisteanna agus ghlac siad an-chuid griangrafanna le páistí na scoile. Tá an cuma ann go raibh an-lá acu!

Ardú ar Litearthacht agus Uimhearthacht den chéad uair ó 1980

Eanáir 13, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »