Folúntas: Stiúrthóir Naíonra, Leamhcán, Co. Átha Cliath
Eanáir 7, 2015
Stiúrthóir naíonra ag teastáil do Naíonra Mháirín i Leamhcán, Co. Átha Cliath (5 lá sa tseachtain) ó 8.30r.n. – 2.45i.n.:
Riachtanais:
– Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
– Scileanna cumarsáide láidre
– Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha http://www.teg.ie/_fileupload/syllabi/B2_syll.pdf)
– Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra (nó bheith sásta tabhairt faoi go luath)
– NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
– Céim sna Luathbhlianta (NFQ L 7) mar thosaíocht
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil um chosaint leanaí
Iarratais:
Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, 27 Feabhra 2015, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Máirín ag maureenddowling@gmail.com
Tuilleadh eolais ar fáil ó Mháirín: 086-8222219
Dáta Deiridh:
Dé hAoine, 27 Feabhra, 2015
Líon na ndaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ó thuaidh dúbailte
Eanáir 7, 2015
Léiríonn figiúirí atá eisithe ag an Roinn Oideachais ó thuaidh le haghaidh 2012/13 go bhfuil líon na bpáistí scoile a bhfuiltear ag cur oideachais Ghaeilge orthu méadaithe faoi dhó le deich mbliana anuas.
Tá beagán faoi bhun 5,000 dalta i dTuaisceart Éireann ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge anois, cé nach bhfuil ach 830 díobh sin á fháil i meánscoileanna.
In ainneoin nach bhfuil ach meánscoil lán-Ghaeilge amháin sna sé chontae – Coláiste Feirste i mBéal Feirste – tá deich gcinn de scoileanna eile sa stát ó thuaidh a bhfuil sruthanna Gaeilge iontu.
Chomh fada is a bhaineann le páistí óga, tá 28 bunscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann i láthair na huaire.
Tugtar le fios sna figiúirí i gcomhair 2012/13 gur cuireadh seirbhísí réamhscoile ar fáil i nGaeilge do 803 leanbh. Bhain 3,061 dalta leas as seirbhísí Gaeilge i mbunscoileanna agus 769 scoláire meánscoile.
Bhunaigh an tAire Oideachais grúpa comhairliúcháin anuraidh d’fhonn scagadh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don oideachas Gaeilge in iar-bhunscoileanna an stáit ó thuaidh. Rinne an grúpa 33 moladh an mhí seo caite de réir a gcuid staidéir.
Ag eascairt as an staidéar sin, mhol siad go ndéanfaí taighde ar an líon tuismitheoirí ar mhian leo a bpáistí a chur chuig meánscoileanna lán-Ghaeilge, agus go ndéanfaí cíoradh ar na feidireachtaí a bhainfeadh le soláthar oideachais trasteorann a chur ar fáil i gcontae Fhear Manach, mar aon le sparántachtaí a chur ar fáil i dtreo is go bhféadfaí oiliúint a chur ar mhúinteoirí chun líofacht a bhaint amach sa teanga.
Mhol an grúpa, leis, go gcuirfí pleanáil i bhfeidhm agus borradh earnáil na scolaíochta Gaeilge á bheartú. Bheadh tábhacht nach beag, a dúirt siad, leis na háiteanna ina lonnófaí meánscoileanna nua.
Ba ghá a chur in iúl agus a dheimhniú do thuismitheoirí go raibh dóthain múinteoirí ann a bhfuil Gaeilge acu, a dúirt baill an ghrúpa, go háirithe i gcomhair sainábhar amhail an eolaíocht, mar shampla.
Mheabhraigh an tAire Oideachais, John O’Dowd, don ghrúpa go bhfuil Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann gann ar phinginí faoi láthair agus go gcaithfí cuimhneamh ar an méid sin agus scoileanna nua á mbeartú.
As na deich scoil a bhfuil aonaid Ghaeilge iontu, tá seacht gcinn acu ina mbunscoileanna agus trí cinn ina n-iar-bhunscoileanna.
De réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais, tá 60 folúntas i gColáiste Feirste agus 952 folúntas sna hocht mbunscoil is fiche.
Kevin Hickey www.tuairisc.ie
‘Cur i gcéill’ atá sa phleanáil teanga gan polasaí oideachais Gaeltachta
Eanáir 7, 2015
Seán Tadhg Ó Gairbhí
Dé Céadaoin, Eanáir 7 2015 ag 7:25 am
Sa bhfómhar anois a fheicfear polasaí na Roinne Oideachais do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna, léiriú eile ‘ar chur i gcéill’ an Rialtais i leith na Gaeilge, dar leis an bhfreasúra
Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais gur sa bhfómhar ar a luaithe a chuirfear a bpolasaí do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fáil, in ainneoin gur gealladh go bhfoilseofaí dréachtpholasaí Gaeltachta faoi lár na bliana seo caite.
Idir an dá linn, tá sé faighte amach ag Tuairisc.ie gur pléadh an gá le foilsiú gan mhoill an pholasaí oideachais Gaeltachta ag cruinnithe ardleibhéil de ghrúpa oibre a bunaíodh faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.
Cuireadh miontuairiscí na gcruinnithe seo ar fáil do Tuairisc.ie i ndiaidh dúinn iarratas a dhéanamh leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Léiríonn na miontuairiscí gur pléadh an gá le foilsíu an pholasaí chomh fada siar le hEanáir 2013 nuair a chuir Údarás na Gaeltachta in iúl don Roinn Oideachais go raibh práinn ag baint le foilsiú a bpolasaí agus tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, próiseas ina bhfuil sé i gceist go mbeadh ról lárnach ag scoileanna Gaeltachta.
Ó shin i leith, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gceantair Ghaeltachta éagsúla, ach gan aon radharc fós ar pholasaí oideachais Gaeltachta na Roinne.
Dúirt Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir “gur léiriú eile ar chur i gcéill an Rialtais” maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhí sa scéal seo.
Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil go raibh “ualach na pleanála teanga” leagtha ar phobal na Gaeltachta féin agus gur léir anois gur ar éigean go mbeadh “fiú leathpholasaí oideachais acu” faoin am go mbeadh tréimhse an Rialtais istigh.
Dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, go bhfuil an Roinn Oideachais ag “tarraingt na gcos” agus gur léir “nach tosaíocht acu ceist na Gaeilge ná na Gaeltachta”.
“Is minic a chuirtear an milleán ar ar mhúinteoirí agus scoileanna ach mura dtugtar treoir dóibh, céard is féidir leo a dhéanamh? Níl an Roinn ná an Rialtas dáiríre faoin scéal seo, níl éinne á thiomáint mar níl an oiread sin spéise ag an Aire ann,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.
Ag cruinniú den Ghrúpa Oibre idir Roinn na Gaeltachta, an Roinn Oideachais, COGG, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ar an 23 Eanáir 2013, thug ionadaí an Údaráis le fios don Roinn Oideachais go raibh ‘gá’ le foilsiú an pholasaí Ghaeltachta “chomh luath agus is féidir”.
Ag an gcéad chruinniú eile ag an ngrúpa oibre ar an 10 Aibreán, thug an Roinn Oideachais le fios go mbeadh “an polasaí féin réidh faoi 2014”.
Ba go gairid ina dhiaidh sin, i mBealtaine 2013, a d’fhógair ardrúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go poiblí go raibh cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais “athbhreithniú a dhéanamh ar an soláthar oideachais trí Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta le cúlraí teanga difriúla”.
Dúirt Ó Foghlú gurbh é cuspóir an athbhreithnithe “ná roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”.
Bhunófaí próiseas comhairliúcháin leis na “páirtithe leasmhara” agus bheadh an t-athbhreithniú déanta faoi lár 2014, a dúirt Ó Foghlú.
Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie inné, áfach, gur i dtreo dheireadh an earraigh a chuirfear tús leis an bpróiseas comhairliúcháin faoina dréachtpholasaí Gaeltachta agus gur ina dhiaidh sin arís a fhoilseofar an leagan deireanach den pholasaí.
Shéan urlabhraí na Roinne go raibh aon mhoilleadóireacht ag baint le dréachtadh ná foilsiú an pholasaí.
Thug an t-urlabhraí le fios gur obair ‘chasta’ atá i gceist le hathbhreithniú na Roinne ar a bpolasaí Gaeltachta a dteastaíonn “am agus comhairliúchán chuige”.
Dúirt an t-urlabhraí go gcaithfí scagadh a dhéanamh ar pholasaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta agus go raibh dréacht-tuairiscí éagsúla á n-ullmhú faoi láthair ag an Roinn.
Chuirfí críoch leis na tuairiscí sin sna míonanna amach romhainn agus d’fhoilseofaí iad i dteannta an dréachtpholasaí nuair a chuirfí tús leis an bpróiseas comhairliúcháin “i dtreo dheireadh an earraigh”.
www.tuairisc.ie
Government inaction leads to childcare revolt
Eanáir 6, 2015
Fianna Fáil Spokesperson on Children Robert Troy TD today announced he fully supports the national protest being planned by childcare professionals on February 17th. Deputy Troy said, “this protest is a result of the frustration felt due to the lack of investment and the total inaction by the Government in this area. This was very evident in the consultation evenings which I arranged with the sector around the country late last year.
Recent reports again highlighting the high cost of childcare together with a revolt by the sector are the result of Government inaction in this area. This was most recently evidenced in the Budget 2015 where Minister Reilly failed to deliver any increase in investment.”
Deputy Troy continued,”Fianna Fáil produced a budget submission which addressed the complexities of issues facing this crucial sector. The proposal entitled The Enabling Strategy put forward three central planks, ‘Enabling Children’ by investing in quality provision, providing equality of opportunity for children with special educational needs and protecting all children through legislation reform. Enabling Parents to improve the life chances of their children by accessing employment and availing of increased choices by making childcare more accessible and affordable.
Enabling the Workforce and Childcare Service Providers by extending eligibility for the Learner Fund, providing appropriate remuneration and working conditions and by activating a national commercial rates exemption clause for government funded early childhood services.
Hopefully this protest on 17th February will act as catalyst and the Government will take notice of the major issues facing this sector. The time for lip service is over. Minister Reilly needs to listen to what the sector are saying and ensure that necessary supports are put in place,” concluded Deputy Troy.
Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i nGaelcholáiste Mhuire (A.G.), Corcaigh
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 12ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha i Scoil Chrónáin, Baile Átha Cliath
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 20ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Múinteoir Acmhainne i nGaelscoil an Choillín, an Iarmhí
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 19ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Múinteoir Ranga Príomhshrutha i nGaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 19ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Cill Dara
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 16ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Cúntóir Riachtanas Speisialta i Scoil Náithí, Baile Átha Cliath
Eanáir 6, 2015
Spriocdháta: 19ú Eanáir 2015
Sonraí ar www.educationposts.ie.