Nuachtlitir an Fhorais Phátrúnachta
Meitheamh 5, 2014
Ar fáil ar líne anseo!
Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin ag oscailt i Meán Fómhair 2015
Meitheamh 5, 2014
Tá sé deimhnithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí go n-osclóidh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin don chéad uair i Meán Fómhair 2015, agus tá íomhánna den scoil mar a shamhlaítear í le híoslódáil anseo: Gaelcholáiste
Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le coiste bunaithe na scoile agus pobal Charraig Uí Leighin as an obair ar fad atá déanta acu leis an gcloch mhíle seo a bhaint amach, is cinnte go mbeidh rath ar an scoil amach anseo agus cuirfear gach tacaíocht ar fáil di agus í ag forbairt agus ag fás.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil le fáil ach teagmháil a dhéanamh le coiste bunaithe na scoile trí ríomhphost a chur chuig gaelcholaistecarrigaline@live.ie.
Folúntais: Scoil Éinne
Meitheamh 5, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie:
Coiste iarbhunscoile Phort Laoise ar Midlands 103, 5 Meitheamh ag 10.30
Meitheamh 4, 2014
Bígí ag éisteacht! www.midlandsradio.fm
Folúntais: Gaelscoil Aonach Urmhumhan
Meitheamh 4, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie: Post sealadach agus saoire máithreachais
Folúntas: Gaelscoil na Bóinne
Meitheamh 4, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntais: Gaelcholáiste Luimnigh
Meitheamh 4, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie:
Folúntas: Scoil Cholmáin
Meitheamh 4, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Gaelscoil Chnoc Liamhna
Meitheamh 4, 2014
Sonraí ar www.education.ie.
Tionól Teagaisc 2014
Meitheamh 3, 2014
Beidh an Tionól Teagaisc 2014 ar siúl ar an 29ú Samhain i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Tá ríméid orainn go mbeidh an Tionól ar siúl san fhoirgneamh úrnua sa choláiste.Is é seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil an mhórócáid seo eagraithe ag an tSéirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM).
Tugann an Tionól Teagaisc fóram poiblí, comhghleacaíoch do mhúinteoirí Gaeilge dea-chleachtas an tseomra ranga a roinnt ar a chéile, tuairimí, cur chuige agus straitéisí a mhalartú agus deis labhairt lena chéile. Beidh clár an Tionóil agus an foirm clárúcháin ar shuíomh PDST go luath.
Má tá suim agat cur i láthair a dhéanamh agus dea-chleachtas ón seomra ranga Gaeilge a léiriú do mhúinteoirí Gaeilge eile líon isteach an fhoirm seo roimh an Aoine 6 Meitheamh 2014: nasc anseo
Má theastaíonn uait clárú le tuilleadh eolais a fháil faoin Tionól Teagaisc 2014 ag tús na scoilbhliana seo chugainn, cláraigh leis an gcuntas tionolteagaisc@pdst.ie le do thoil.