Folúntas mar CRS le Gaelscoil Shliabh Rua
Iúil 10, 2017
Tá folúntas páirtaimseartha ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta le Gaelscoil Shliabh Rua, ag tosú ar an 31ú lá de mhí Lúnasa. Téarma seasta bliana atá i gceist.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, foirm iarratais do Chúntóirí Riachtanais Speisialta agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig iarratais@gaelscoilshliabhrua.ie. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 4ú lá de mhí Lúnasa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88174.
Folúntas mar Chúntóir Riachtanais Speisialta
Iúil 10, 2017
Tá folúntas ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta le Gaelscoil Choráin, ag tosú ar an 28ú lá de mhí Lúnasa. Téarma seasta bliana atá i gceist. Coiméadfar na hiarratais ar phainéal go ceann 4 mhí ar eagla go mbeadh aon fholúntas eile le líonadh.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, cv agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig Gaelscoil Choráin, Sráid na Trá, Eochaill, Co. Chorcaí. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 27ú lá de mhí Iúil.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88216.
Folúntas mar Chúntóir Riachtanais Speisialta
Iúil 7, 2017
Tá folúntas ar fáil do Chúntóir Riachtanais Speisialta i Scoil Lorcáin do Mheán Fómhair 2017- post téarma seasta bliana. Coiméadfar na hiarratais ar phainéal go ceann 4 mhí ar eagla go mbeadh aon folúntas eile le líonadh.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost mar aon le cv agus reifreann( ainm, ról agus uimhir teagmhála luaite) chuig agallaimhscoillorcain@gmail.com. Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 20ú lá de mhí Iúil agus tosóidh an scoilbhlian ar an 31ú lá de mhí Lúnasa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/88111
Folúntais ar fáil le Gaelscoil an Bhradáin Feasa.
Iúil 4, 2017
Tá trí phost ar chonarthaí seasta bliana ar fáil le Gaelscoil an Bhradáin Feasa.
Daoine fuinniúla, le sár-scileanna ceannasaíochta, múinteoireachta, cumarsáide agus riaracháin atá ag teastáil. Tá árd chaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa ag teastáil ó iarratasóirí. Beifear ag súil go bhfuil suim mhór sa Ghaeloideachas ag iarratasóirí a chuireann isteach ar an bpost seo.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig postgsanbf@gmail.com roimh an seachtú lá deag de mhí Iúil.
Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil. Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin. Déanfar teagmháil leo siúd amháin a chuirfear ar ghearr liosta. Tá an scoil i ndeisceart Dhroichead Átha- 30 nóiméad tiomána ó Dhroim Chonrach.
Folúntas ar fáil le Gaelscoil Mhíchíl Uí Choileáin
Iúil 4, 2017
Tá folúntas do mhúinteoir ranga ar fáil le Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin. Post buan atá i gceist, ag tosnú ar an 29 lá de mhí Lúnasa.
Tá beirt múinteoir á earcú ag an scoil ar chonarthaí seasta.
Caithfear litir iarratais a sheoladh ar ríomhphost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Caithfear iarratais a sheoladh chuig iarrataisi@gmail.com roimh an t-ochtú lá deag de mhí Iúil.
Iarratais i nGaeilge amháin led’ thoil. Cuirfear painéal d’iarratasóirí le chéile agus má bhíonn aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir an phost sin a líonadh ón bpainéal sin. Déanfar teagmháil leo siúd amháin a chuirfear ar ghearr liosta.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87987.
Folúntais le Gaelscoil an Inbhir Mhóir
Iúil 4, 2017
Tá trí phost buan ar fáil i nGaelscoil an Inbhir Mhóir, ag tosú ar an 31ú lá de mhí Lúnasa. Anuas ar an 3 phost buan tá múinteoir amháin á earcú ag an scoil ar chonradh seasta bliana. Is féidir iarratais a sheoladh sa phost nó ar ríomhphost.
Is féidir liosta d’iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh, laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fhógra seo.
Beidh na hAgallaimh trí mhéan na Gaeilge
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.
Folúntas le Scoil Náisiúnta Inis Chléire
Iúil 4, 2017
Tá folúntas ar fáil i Scoil Náisiúnta Inis Cléire do Mheán Fómhair 2017- post téarma seasta bliana. Coiméadfar na hiarratais ar phainéal go ceann 4 mhí ar eagla go mbeadh aon folúntas eile le líonadh.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir, gráid ón gcleachtadh teagaisc agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Caithfear iarratais a sheoladh sa phost roimh an 13ú lá de mhí Iúil agus tosóidh an scoilbhlian ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.
Folúntais le Gaelscoil an Eiscir Riada
Iúil 4, 2017
Tá dhá fholúntas ar fáil i nGaelscoil an Eiscir Riada do Mheán Fómhair 2017- post téarma seasta bliana & post Ionadaíochta. Tá árdchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa de dhíth. Tá clúdach litreach le stampa ag teastáil chun doiciméidí a sheoladh ar ais. Is féidir liosta d’iarrathóirí oiriúnacha a chur le chéile as a ndéanfaí folúntais sa todhchaí a líonadh, laistigh de thréimhse ceithre mhí ó dháta an fhógra seo.
D’fhéadfaí gur i bpost mar mhúinteoir tacaíocht foghlama a bheadh duine de na múinteoirí a ceaptar ‘sna poist seo don scoilbhliain seo chugainn.
Caithfear litir iarratais a sheoladh sa phost, mar aon le cv, cóip de cháilíochtaí an t-iarrthóir agus clárúchán leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Caithfear iarratais a sheoladh roimh an 13ú lá de mhí Iúil agus tosnóidh an scoilbhlian ar an 30ú lá de mhí Lúnasa.
Tá tuilleadh eolais ar fáil uaidh https://www.educationposts.ie/post/view/87791.
Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile
Meitheamh 29, 2017
• Dioplóma gairmiúil foghlama cumaisc páirtaimseartha (18 mí) é an clár, a chuirtear ar fáil i sé ionad réigiúnacha ar fud na tíre (níl teacht ar shonraí faoi na hionaid réigiúnacha go fóill)
Tá sé mar aidhm ag ábhar agus seachadadh an chláir na nithe seo a leanas a chinntiú:
- Nascacht idir na comhpháirteanna éagsúla den chlár d’fhonn an bhearna a líonadh idir eolas iontaofa ar theoiric oideachasúil agus forbairt ar inniúlacht ghairmiúil mar cheannairí scoile – fócas ar rannpháirtithe mar fhoghlaimeoirí agus mar cheannairí sa todhchaí;
- Comhtháthú curaclaim a nascann spriocanna, gníomhaíochtaí foghlama, agus measúnuithe leis an réimse comhthéacsanna atá léirithe sna grúpaí cohóirt;
- Naisc shoiléire idir ábhar modúl, obair chúrsa agus socrúchán atá pleanáilte go cúramach. Léireoidh tascanna measúnaithe agus critéar marcála é seo i ngach modúl. Beidh sé seo ina príomhpháirt chomh maith in aiseolas rannpháirteach agus i rannpháirtíocht rannpháirtithe agus cleachtóirí in athbhreithniú agus forbairt an chláir;
- Tiomantas do straitéisí a uasmhéadaíonn foghlaim, aistriú foghlama, agus foirmiú féiniúlachta ceannaireachta. Áiríonn siad seo úsáid a bhaint as cohóirt, oideolaíochtaí teagaisc mac léinn-lárnach, tacaíocht teagascóra agus meantóra agus straitéisí foghlama fadhb-bhunaithe, cosúil le cásmhodhanna, taighde feidhmeach, agus tionscadail, a nascann teoiric agus cleachtas agus a thacaíonn le machnamh i agus trí chomhthéacsanna scoile.
Torthaí foghlama an chláir
Ach a mbeidh an clár seo críochnaithe ag mic léinn beidh ar a gcumas:
- Ceannairí scoile uaillmhianacha a ullmhú don chleachtas mar cheannairí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na hÉireann
- An t-eolas, na scileanna agus an meon atá ag teacht le hoideachas tosaigh ceannaireachta a chothú sa chomhthéacs den contanam oideachais ceannaireachta
- Rannpháirtithe an chláir a ullmhú d’oideachas ceannaireachta sa todhchaí i dtéarmaí oideachas gairmiúil leanúnach agus cláir acadúla chreidiúnaithe ag leibhéal máistreachta agus dochtúireachta
- Rannpháirtíocht ghníomhach agus chriticiúil a chothú leis an timpeallacht polasaí, cleachtas gairmiúil agus litríocht léannta atá ábhartha do cheannaireacht oideachasúil
- Ceannaireacht oideachasúil inbhuanaithe agus pobal foghlama gairmiúla a chruthú agus a chothú do rannpháirtithe an chláir i measc na gcohórt PDSL
- Cumas rannpháirtithe a fhorbairt in úsáid príomhchleachtais cheannaireachta ar fud an chláir go háirithe: féinfheasacht, cinnteoireacht, machnamh ar chleachtas, fiosrúchán comhghnímh, léitheoireacht, rannpháirtíocht i líonraí ceannaireachta/pobal foghlama gairmiúla.
Tréithe Céimithe don chlár
- Smaointeoireacht chriticiúil
- Smaointeoireacht agus pleanáil straitéiseach
- Meon agus léargas córasach leathan
- Leibhéal suntasach féinfheasachta
- Tiomantas do chothromas agus do cheartas sóisialta
Na Riachtanais Iontrála
- Riachtanais Iontrála Acadúla: NFQ 8 agus Cáilíocht in Oideachas Múinteoirí
- Stádas Clárúcháin: Tá clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta riachtanach
- Post agus Taithí: Taithí 5 bliana ar a laghad i Scoil nó áit chomhionann
- Macasamhlú Scoile: Bunscoileanna – Iar-bhunscoileanna – Gaelscoileanna atá maoinithe go poiblí
Deiseanna breise staidéir
Ceannaireacht M.Ed Iarchúraim á forbairt ag Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh
Spórt agus Spraoi ag Féilte Peile Gael-Linn 2017!
Meitheamh 28, 2017
-Gaelscoil Chill Dara: Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil Chill Dara tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan. Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Ceadaoin 17/Déardaoin 18 Bealtaine 2017.
-S.N. Fionnán: An-bhua ag an fhoireann baile, S.N. Fionnán, ag Féile Uladh ar an bhFál Carrach ar an 18/19 Bealtaine!
-Scoil Iognáid: Foireann Scoil Iognáid ag ceiliúradh a mbua ag Féile Peile Chonnacht in Indreabhán ar an 23/24 Bealtaine lena múinteoirí bródúla
-Gaelscoil Mhic Easmainn: Seaimpíní Fhéile Peile Gael Linn na Mumhan, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua ar Pháirc Ghallurais, Corca Dhuibhne ar an 1 Meitheamh in éineacht lena gcuid múinteoirí ( ar chúl, ó chlé ) Déaglán Ó Cuill, Cáit Uí Churráin agus Colm Ó hAiniféin
Bhí lúchair ar fhoireann Ghaelscoil Chluain Meala Corn Gael Linn a thabhairt leo ag an Féile Peile Gael Linn a bhí ar bun i gColáiste na Rinne ar an 6/7 Meitheamh.
Bhí an-spórt ag daltaí ó ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta ag Féile Peile Gael Linn 2017 le linn na míonna Bealtaine agus Meitheamh. Cúig fhéile ar fad a eagraíonn Gael Linn go bliantúil le maoiniú ó Foras na Gaeilge- ceann i ngach cúige agus an dara ceann i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh! I mbliana, bhí na féilte dhá-lá seo ar bun i Ráth Chairn, in Indreabhán, ar an bhFál Carrach, sa Rinn, agus i gCorca Dhuibhne, agus bhí 8 scoil páirteach i ngach ceann acu.
Chomh maith leis na féilte féin, reáchtáladh réamhbhabhtaí cáilithe i mBéal Feirste (i gcomhar le Corn Uí Mhuirí), i gCorcaigh (i gcomhar le Cumann na mBunscoil), sa Cheathrú Rua agus i dTuaim. Idir na réamhbhabhtaí agus na féilte féin, bhí os cionn 60 scoil páirteach, agus suas le 1,100 peileadóir, idir chailíní agus bhuachaillí!
D’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad ag gach féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin go dtí an Craobh Cúige. Is iad seo a leanas na foirne buacacha- comhghairdeas leo!:
Féile Laighean, Ráth Chairn: Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Co. Chill Dara
Féile Uladh, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall: S.N. Naomh Fionnán, An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Féile Chonnachta, Indreabhán, Co. na Gaillimhe: Scoil Iognáid, Gaillimh
Féile na Mumhan 1; Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí: Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Co. Chiarraí
Féile na Mumhan 2, An Rinn, Co. Phort Láirge: Gaelscoil Chluain Meala, Co. Thiobraid Árann
Agus ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhí an spraoi! Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird agus céilithe ar bhun do na daoine óga, agus ghlac sár-cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí ó na scoileanna éagsúla páirt sna ceolchoirmeacha chomh maith! Deis iontach a bhí ann do na scoláirí bualadh le cairde nua ó scoileanna eile, agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga! Tá Gael Linn an-bhuíoch de na múinteoirí uilig a thug cabhair agus cúnamh le reáchtáil na bhféilte ar aon bhealach, agus ar ndóigh, de coistí áitiúla CLG a chur na háiseanna ar fáil dúinn sna ceantracha éagsúla!