Múinteoirí sna Scoileanna Eorpacha
Meitheamh 27, 2012
Iarann an Roinn Oideachais agus Scileanna iarratais ó mhúinteoirí iarbhunscoile a bhfuil cáilíochtaí acu do phoist sna Scoileanna Eorpacha ag tosú 1 Meán Fómhair 2012.
Iarratais:
Tá foirmeacha iarratais agus faisnéis bhreise ar fáil ó: Láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna www.education.ie
Caithfidh na foirmeacha iarratais a bheith istigh faoi 5 i.n. Dé hAoine, 6 Iúil 2012.
Múinteoir riachtanas speisialta páirt-aimseartha
Meitheamh 27, 2012
Tá múinteoir páirt-aimseartha á lorg ag Gaelscoil Cionn tSáile don rang riachtanais speisialta.
Is post 16 uair an chloig sa tseachtain é.
Tá na dualgaisí de réir treoirlínte na Roinne.
Iarratais:
Cuirfear iarratais chuig:
FAO: An Chathaoirleach
3, Limewood Court,
Curraheen Road,
Baile an Easpaig,
Corcaigh
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Grianghraf ar mhéid ghrianghraf pas
- Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht Riachtanais Speisialta (SNA)
Spriocdháta: 9 Iúil 2012
www.gaelscoilchionntsaile.ie
Cúntóir riachtanas speisialta
Meitheamh 27, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i nGaelscoil Bheanntraí.
Is post 24 uair sa tseachtain i nGaelscoil. Tá na dualgaisí de réir treorlinte na Roinne. Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig gsbeannt.ias@eircom.net nó tríd an bpost chuig:
FAO:An Cathaoirleach,
Gaelscoil Bheanntraí
Seisceann,
Beanntraí
Co. Chorcaí
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí scríofa
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Grianghraf ar mhéid ghrianghraf pas
- Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Spriocdháta: 5 Iúil 2012
Túsdáta: 29 Lúnasa 2012
Cúntóir naíonra á lorg ag Naíonra Ráth Tó
Meitheamh 27, 2012
Tá folúntas do chúntóir naíonra buan ar le líonadh ag Naíonra Ráth Tó i gCo. na Mí.
Tá leibhéal áirithe Gaeilge ag teastáíl don phost seo.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig naionra.rathto@gmail.com roimh 30 Iúil 2012.
Bíodh na foirmeacha a leanas iniata le gach iarratas:
- Teistiméarachtaí (Scríofa)
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Cóip d’aon Teastas, Dioplóma nó Céim a bronnadh ar an iarrthóir
- Grianghraf ar mhéid ghrianghraf pas
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Beirt Mhúinteoirí Gaelscoile á lorg
Meitheamh 27, 2012
Tá 2 Phost Ionadaíochta a mhairfidh ar feadh tréimhse níos faide ná 26 seachtain le líonadh i nGaelscoil Chloch na gCoillte, Co. Chorcaí.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais leictreonacha amháin, roimh 29 Meitheamh 2012, chuig: iarrataisi@gmail.com
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais-Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Gráid an chleachtaidh teagaisc
- Grianghraf ar mhéid ghrianghraf pas
- Tuairiscí cigireachta
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Lá Gaelach – Rás Aigéin Volvo
Meitheamh 27, 2012
Clár – Lá Gaelach Volvo – 5 Iúil
Caint spreagúil faoin ilteangachas
Meitheamh 27, 2012
This is a keynote speech by Prof Antonella Sorace for the newly opened Centre on Multilingualism (UCOM) at the University of Ulster. The Centre aims to provide practitioners, educators, policy makers and service providers with research, assistance, help and advise in relation to speaking in more than one language. This includes not only issues of acquisition of more than one language by children, but also the wider social and cultural benefits of bilingualism and multilingualism for society and the economy.
Saol sóisialta agus cultúrtha leanaí agus daoine óga a fheabhsú: Comhairliúchán Poiblí
Meitheamh 27, 2012
Ba mhaith leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige cabhair a fháil uait maidir le pleananna a fhorbairt chun feabhas a chur ar shaol leanaí agus daoine óga thar an tréimhse cúig bliana atá romhainn. Den chéad uair, tá roinn Rialtais amháin freagrach as gach beartas maidir le leas leanaí agus daoine óga. Ba mhaith leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald, TD, do chuid tuairimí a chloisteáil.
Scéim Dallóga Do Scoileanna
Meitheamh 27, 2012
Is comhlacht ó Ghaillimh iad Printed Blinds Factory a sheol an ‘Scéim Dallóga Do Scoileanna’ ag comhdháil an IPPN i mí Eanáir 2012. Tá dearthaí oideachasúla ar nós litearthacht na Gaeilge, Béarla, uimhríocht, frith-bhulaíocht, athchúrsáil agus neart eile ar na dallóga seo. Beidh na dallóga maoinithe ag an urraitheoir.
Chomh maith le dallóga a sholáthar do scoileanna, tá an scéim mar chuid de thaighde mhórscála ar shábháilt fuinnimh ag úsáid éadaigh EcoSunFilterTM agus ar conas a fheabhsaíonn dallóga oideachasúla cúrsaí foghlama don dalta. Beidh na scoileanna atá ag glacadh páirt ag líonadh isteach foirmeacha taighde roimh agus i ndiaidh na suiteála, chun léargas agus taithí ar an láthair a léiriú ar cé chomh héifeachtach is atá sé dearthaí oideachasúla a chur ar dhallóga fuinneoige i seomraí ranga.
Chomh maith le bheith mar dhallóg, tá an spás neamhúsáidte anois mar áis foghlamtha/oideachasúil. Tá dearthaí ar fáil i nGaeilge le cabhair ó Fhoras na Gaeilge. Tá cur i láthair le feiceáil ag an nasc thíos: http://www.youtube.com/watch?v=9ZgqAM_MyjI
Úsáidtear ár gcuid dallóga in áit dallóga lándorchaithe. Ar an mbealach seo, níl daltaí dúnta isteach i mbosca dorcha ar feadh leath an lae. Cuirtear an-chuid brú ar a gcuid súl nuair a théann siad amach i ndiaidh seal fhada a chaitheamh ag suí i seomra dorcha (cosúil le teacht amach as pictiúrlann). Mar a sheasann, tá daltaí ag dul tríd seo cúpla uair i rith an lae ar feadh blianta.
Tríd an Scéim Dallóga Do Scoileanna, ba mhian leis an Printed Blinds Factory dallóga a chur ar fáil do scoileanna saor in aisce le hurraíocht ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí atá ag iarraidh a gcuid teachtaireachtaí oideachasúla a chur chun cinn ar na dallóga sa seomra ranga.
Comhlacht dallóga atá sa Printed Blinds Factory a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le scoileanna teacht ar dhallóga den chéad grád saor in aisce. Dearadh an scéim le polasaithe frith-tráchtálachais ag roinnt scoileanna a chosaint agus ní ligtear do na hurraitheoirí fógraí a chur ar na dallóga.
Is féidir le haon bhunscoil in Éirinn páirt a ghlacadh sa scéim tré ghlaoch ar an oifig ar 1800 254637 nó 091 799611. www.printedblindsfactory.com
Lá Oiliúna Don Luath Léitheoireacht
Meitheamh 27, 2012
14 Meán Fómhair 2012 Baile Átha Cliath
Cuirfidh Jacaí de Brún ón Áisaonad agus grúpa múinteoirí Lá Oiliúna dírithe ar an gclár ‘CLEITE’ ar fáil do mhúinteoirí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge.
Beidh líon srianta áiteanna ar fáil ar an gcúrsa seo. Is féidir réamh-áirithint a dhéanamh trí theachtaireacht a sheoladh chuig eolas@cogg.ie.
Is féidir ‘CLEITE’ (60 leabhar) a cheannach ar €100 ón Aisaonad.