English and Irish language iPad storybook unveiled
Aibreán 19, 2012
Pátrúnacht bunscoileanna lánGhaeilge
Aibreán 19, 2012
Tá sé molta sa tuarascáil a d’fhoilsigh an grúpa comhairligh don fhóram faoi phátrúnacht agus iolrachas in earnáil an bhunoideachais go dtabharfaí aird ar an éileamh ar an ngaeloideachas má ghlactar le moltaí maidir le pátrúnacht a dhífheistiú céim ar chéim.
Moltar sa tuarascáil éagsúlacht pátrúnachta a bhaint amach trí úsáid an stoc scoileanna atá ann cheana féin, go ndéanfaí an t-aistriú le cúnamh ón Roinn, agus go gcuirfear tús le seo trí scrúdú a dhéanamh ar phátrúnacht scoile i mbailte éagsúla timpeall na tíre, Béal Átha na Slua agus Tuaim san áireamh.
Moltar próiseas trí chéim: Go mbaileodh an Roinn Oideachais agus Scileanna eolas maidir leis an éileamh atá ar an dífheistiú; Tuarascáil a ullmhú maidir leis na roghanna pátrúnachta, agus ar deireadh, bheadh ar phátrúin freagra a thabhairt taobh istigh de thréimhse ama faoi leith.
Tá sé molta ag an ngrúpa comhairleach gur cheart anailís a dhéanamh ar an mbealach a thagann bunscoileanna Gaeilge chun cinn agus machnamh a dhéanamh ar an gcoincheap maidir le scoileanna “satailíte” a bheadh ceangailte le “máthairscoil” lánGhaeilge seanbhunaithe.
Tagraítear sa tuarascáil don mhéadú atá tagtha ar an éileamh ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta agus luaitear go bhfuil 30,000 dalta ag freastal ar scoileanna lánGhaeilge lasmuigh don Ghaeltacht anois agus gur cheart eolas mar gheall ar an ngaeloideachas a scaipeadh i measc na dtuismitheoirí a bheidh ag glacadh páirte i gcéim a haon don phróiseas. Bheadh éileamh na dtuismitheoirí ar scoileanna Gaeilge mar chuid den treoir thionscadal maidir lena limistéar atá le dhífheistiú. Deirtear freisin gur cheart go leanfar agus go gcuirfear leis na socruithe taistil do scoláirí ar mhian leo freastal ar scoileanna lánGhaeilge.
Fógrófar cinneadh na Roinne Oideachais mar gheall ar mholtaí na tuarascála i mí na Bealtaine.
http://www.advertiser.ie/galway
Bainisteoir Ginearálta á lorg ag Coláiste Ide
Aibreán 18, 2012
Tá folúntas ag Coláiste Íde do Bhainisteoir Ginearálta
‘Sé Coláiste Íde an t-aon mheánscoil cónaithe lán-Ghaelach do chailíní sa tír. I láthair na h-uaire tá 135 daltaí ag freastal ar an gColáiste.
www.colaisteide.com
Riachtanach don bpost seo tá:
– Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa).
– Cumas maith Bainistíochta & Cruthaitheacht.
– Scileanna cumarsáide riachtanach.
– Bainistiú ar ghnó an Choláiste agus a leanann é ó lá go lá.
– A bheith freagrach don mBord.
Pléfar tuarastal níos déanaí.
Iarratais:
Seol litir iarratais agus c.v chuig:
An Rúnaí,
Cáirde Choláiste Ide Teo.,
Baile an Ghóilín,
Daingean Uí Chúise,
Co. Chiarraí.
Roimh 5:00 i.n ar an Aoine 11ú Bealtaine 2012 agus marcáil an clúdach “Príobháideach” le do thoil.
Comórtais Gael Linn
Aibreán 17, 2012
Bhí bua na cainte ag daltaí scoile thuaidh agus theas a ghlac páirt i gcomórtais dhíospóireachta Gael Linn le déanaí.
Agus dar le Niamh De Búrca ó Ghael Linn tá na hóráidithe óga réidh le teacht i gcomharba ar Pharnell, Dhónal Ó Conaill agus ar Barack Obama fiú, tar éis a mbua ag
Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2012 le déanaí.
Ghlac breis agus 150 foireann ó scoileanna fud fad na tíre páirt i gcomórtas díospóireachta na bliana seo agus cuireann sé leis an sprioc atá ag Gael Linn an teanga labhartha a chur chun cinn ar fud na tíre.
Bhuaigh foireann Iar-bhunscoil Mhá Nuad, Co. Chill Dara an chraobh shinsearach ag an gcraobh ceannais náisiúnta a reáchtáladh i bPort Laoise ar an Déardaoin, 29 Márta 2012.
Bhuaigh siad leis an gcás láidir a chruthaigh siad faoin rún, ‘Tá an teideal ‘Oileán na Naomh agus na nOllamh’ tuillte go fóill ag Éirinn!’
Chroch foireann Mheánscoil na Trócaire, Trá Lí, an Corn Sóisearach. Ba iad Liam Mac an Mhaoir, Matt Ó Donnchadha, Aingeal Ní Chonghaola, Máirín Uí Mhuirí agus Féilim Mac Donncha a bhí ag déanamh moltóireachta sa dá chomórtas.
Bhronn Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.
Reáchtáiltear comórtas óráidíochta poiblí sna scoileanna i gCúige Uladh chomh maith. Abair is teideal don chomórtas seo a fhreastalaíonn ar scoileanna dara leibhéal.
Reáchtáladh an chraobh i gceannáras an C.L.G. in Ard Mhacha ag Páirc Lúthchleasa Uí Mhuireagáin. Bhí Dónall Mac Giolla Chóill, Seán Ó Maoilsté agus Michelle Nic Pháidín ag moltóireacht.
I gCraobh Abair i bPáirc Lúthcleasaíochta Uí Mhuireagáin in Ard Mhaca, bronnadh an chéad áit ar an gcraobh iomlán ar Roibéard Mac Pharthaláin ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Contae Dhoire. Ba í An Ultais a bhí á plé aige ar an oíche. Mol an Óige!
GAELPORT
Total immersion in Irish… this is all VERY confusing
Aibreán 17, 2012
Tongue twisted
Aibreán 17, 2012
Schools show how to stage a protest
Aibreán 17, 2012
Calls for Gaelscoil project to progress
Aibreán 17, 2012
Grease! le Gaelscoil agus Naíonra Dhroichead na Banndan
Aibreán 16, 2012
Bunscoil an Iúir – Díolachán Cístí agus Crannchur na Cásca
Aibreán 16, 2012