Nuachtlitir an Earraigh ar fáil anois
Feabhra 6, 2012
Local school pilots Irish language app
Feabhra 6, 2012
Curaidh Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2012 ag ceiliúradh!
Feabhra 6, 2012
Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú a thug Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2012 leo! Is sa Téatar Poiblí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhí na díospóireachtaí ar siúl Dé Céadaoin seo caite, 25 Eanáir 2012. Comórtas é seo atá á reáchtáil go bliantúil ag Gael Linn do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus bhí os cionn 50 foireann páirteach ann i mbliana.
Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí óga go heolach ar an ábhar ‘Cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt !’ Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh iad Scoil Chuimsitheach Chiaráin na buaiteoirí ! Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath. Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo agus do na babhtaí ar fad a bhí acu ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Foireann ó Choláiste Rís, Dún Dealgan a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach. Sa díospóireacht seo, freisin, bhí foirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.. Phléadar an rún tráthúil: ‘Is rud maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn!’ agus bhí neart tuairimí ag gach cainteoir ar an ábhar ! Seán Ó Coigligh a bhí i mbun na foirne ó Choláiste Rís agus é an-bhródúil as a chuid scoláirí !
Stiúraigh aoichathaoirleach na hoíche, Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, na díospóireachtaí go paiteanta ! Léirigh sé an-spéis sna toipicí a pléadh, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a bhí acu ar chúrsaí reatha agus as na scileanna díospóireachta a léiríodar !
Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach. Mar chuid den duais freisin, tugadh cuireadh do churaidh an chomórtais shóisearaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile díospóireachta is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2012’ in Albain san fhómhar.
Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt: “Cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas. Gael Linn a eagraíonn na comórtais le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge agus tá na comórtais ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc”. Lean sé ar aghaidh: “Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú don chomórtas ardghradaim seo. Iarraim ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo. Ní mór an comórtas náisiúnta díospóireachta seo a chosaint ar mhaithe le bonn láidir a chur faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge san aoisghrúpa tábhachtach seo”.
Ciorcal Comhrá Iarscoile i gCeatharlach
Feabhra 3, 2012
Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach a fhógairt go reachtálfar Ciorcal Comhrá Iarscoile go speisialta do mhicléinn na hArdteistiméireachta i gCeatharlach an t-earrach seo.
Is cinnte go mbíonn cleachtadh breise sa Ghaeilge ag teastáil ó mhicléinn agus díreoidh an ciorcal ar mhicléinn atá ag lorg deiseanna chun Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil lasmuigh den seomra ranga mar ullmhúcháin don Bheáltriail Ghaeilge.
Gan dabht cuirfidh micléinn fáilte roimh gach deis chun barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge go háirithe i rith na scoilbhliana seo agus méadú mór go daichead fán gcéad de mharcanna an ábhair i scrúdú na hArdteistiméireachta le dul don bhéaltriail.
Beidh an Ciorcal Comhrá ar siúl in Ionad Phobail Darach Úir gach Céadaoin ó 4.30 go 5.30i.n. le tosú ar 22 Feabhra agus ag dul ar aghaidh ar feadh sé seachtainí. An táille don tréimhse iomlán ná €15. Ní foláir áiteanna a chur in áirithe agus tabharfar tús áite don chéad fiche iarratas. Beidh fáilte roimh mhicléinn shinsir in iarbhunscoileanna uile an cheantair.
Chun clárú is féidir dul i dteagmháil le Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach ar eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoch a chur ar 085 1340047.
CARLOW NATIONALIST
NUIG launches iTunes channel to help schoolchildren learn Irish
Feabhra 3, 2012
500+ i mbun léirsithe ach ciorruithe ar Scoileanna Gaeltachta fós beartaithe
Feabhra 3, 2012
Cé gur thóg breis agus 500 duine chuig sráideanna na hArdchathrach aréir, agus iad i mbun agóide maidir le ciorruithe atá beartaithe do scoileanna beaga, scoileanna tuaithe agus scoileanna Gaeltachta go háirithe, níor éirigh leis an rún a ritheadh sa Dáil i gcoinne na gciorruithe seo.
I measc siúd a bhí i mbun léirsithe bhí scoileanna ó Ghaeltachtaí na tíre, ón Bun Beag go Lios Póil agus le neart tacaíochta ó scoileanna Gaeltachta i gConamara, Maigh Eo, Tír Chonaill, Ciarraí, Corcaigh, An Rinn, agus Ráth Chairn.
Sa cháinaisnéis a fógraíodh Mí na Nollag seo caite, cuireadh in iúl go bhfuil líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu le hardú ó 81 go dtí 83.
Sna Gaeltachta, bhíodh cóimheas níos fabhraí ann, a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, rud a chiallaigh gur 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora, ach anois beidh ar na scoileanna seo 83 gasúr a bheith ar an rolla acu, chun a bheith incháilithe don cheathrú múinteoir. Ardófar seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de deich bpáiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.
Bhí rún curtha os comhair na Dála ag Fianna Fáil ag diúltú do na hathraithe seo, agus bhí vóta le glacadh ar an gceist seo aréir. In ainneoin iarrachtaí na léirsitheoirí lasmuigh, níor éirigh leis an rún seo, le vóta 87:46.
Faoi agallamh le Gaelport.com aréir, chuir Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta in iúl go mbeadh 12 scoil Gaeltachta ag cailleadh múinteora i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn toisc an chiorraithe seo.
Beidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag casadh leis an Aire Stáit Dinny McGinley, TD, an tseachtain seo chun cás na scoileanna seo a chur faoina bhráid, agus tá cruinniú práinne iarrtha acu le an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, ó thús mhí Eanáir, agus scéal faighte acu inné go dtionólfar an cruinniú seo roimh dheireadh mhí Feabhra.
GAELPORT
Protests and insults over school cuts
Feabhra 3, 2012
Hundreds gather at Dáil for protest against small school cuts
Feabhra 3, 2012
Agóid na scoileanna Gaeltachta
Feabhra 3, 2012
Ar lá fhéile Bríde, ardóidh múinteoirí, tuismitheoirí agus muintir na Gaeltachta a seolta agus ní stopfaidh siad go seasfaidh siad os comhair na Dála i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
Táthar ag súil go dtabharfaidh suas le 300 duine ó na ceantair Ghaeltachta go léir cuairt ar an ardchathair tráthnóna inniu don léirsiú ag 6 i.n.
Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag comhordú an fheachtais Gaeltachta in aghaidh fógra an rialtais go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.
Beidh impleachtaí tromchúiseacha ann do phobail bheaga tuaithe agus don Ghaeltacht ach go háirithe dar le Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG). Ó fógraíodh an cinneadh sa cháinaisnéis chuir ESG feachtas láidir ar bun i ngach ceantar Gaeltachta agus tionóladh cruinnithe poiblí sna Gaeltachtaí ar fad.
Ach deir Treasa Ní Mhainín go bhféadfadh go mbeadh an scéal níos tromchúisí i gceantair Ghaeltachta mar gheall go mbeidh deireadh leis na socruithe speisialta don chóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga Gaeltachta.
Ó bhí 2003 ann, bhí lion níos lú daltaí de dhíth ar scoileanna Gaeltachta chun múinteoirí Gaeltachta a choinneáil.
Tá an léirsiú á reáchtáil inniu le tacaíocht ó Chraobh an Iarthair de Chumann Múinteoirí Éireann. Tá siad aontaithe ar an gceist gur ‘pionós dúbailte’ a bheidh ann ar an ábhar nach bhfuil i dtromlach na scoileanna Gaeltacht ach idir beirt agus ceathrar mhúinteoir, dar le Ard Rúnaí an Chumainn, Sheila Nunan.
Ag labhairt dó sa Dáil inné, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Dinny McGinley nach raibh sé ‘dall nó bodhar’ ar thionchar na gciorruithe ar scoileanna Gaeltachta mar tá an oiread sin ina cheantar féin dar leis. Beidh le feiceáil an mbeidh a chomhghleacaithe bodhraithe ag an nglór a bheidh ann mórthimpeall ar Shráid Chill Dara anocht.
GAELPORT
Deireadh le Díospóireachtaí Ghael-Linn?
Feabhra 3, 2012
Tá sé ráite ag Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go bhfuil Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú do chomórtais Díospóireachta Ghael Linn.
Agus é ag labhairt ag bronnadh na nduaiseanna do chomórtais na bliana seo d’iarr sé ar Fhoras na Gaeilge athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo agus dúirt sé gur “cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas”.
Mar thoradh ar chomórtais na bliana seo tá Fionnuala de Bhailís, Clíona Ní Bhriain agus Síofra Ní Shé, foireann Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag ceiliúradh a mbua i gCraobh na hÉireann i Roinn na Sóisear de Chomórtas Díospóireacht Uí Chadhain, comórtas do Ghaelcholáistí agus do scoileanna Gaeltachta dara-leibhéal.
Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a chabhraigh leis an bhfoireann ar a mbóthar chun na Craoibhe agus bhí sí an-bhródúil as na scoláirí. Éacht eile é seo don Scoil Chuimsitheach, mar gur thug foireann shinsearach na scoile an chraobh leo trí bliana as a chéile – 2009, 2010 agus 2011.
Bronnadh buanchorn Gael Linn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach agus tugadh cuireadh dóibh freisin páirt a ghlacadh i Rí Chéile, féile dhíospóireachta bliantúil a reáchtálann Gael Linn do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig, i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.
GALWAY ADVERTISER