Méid an Téacs

Dianchúrsa d’ábhar múinteoirí

Nollaig 1, 2011

Tá dianchúrsa Gaeilge fógartha ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar chúrsa oiliúna sa bhunmhúinteoireacht.

Díreofar ach go háirithe ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú agus beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh mar chuid den chlár.

Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé Domhnaigh 11 Nollaig in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic ó 10.00r.n. -5.00i.n.

Tá táille €100 ar an gcúrsa.

Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa agus tá gach eolas le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie

www.advertiser.ie

APP Cúla4 ar fáil anois

Nollaig 1, 2011

Cúla Caint atá mar ainm ar App nua Cúla4, an tseirbhís do phaistí ar TG4.

Tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar an App nua seo a chuimsíonn raon leathan ábhar – an Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Choirp.  Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin.

Tá fáil ann freisin ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó chun d’fhocail féin a scríobh.

Tá an App ar fáil anois agus chun é a íoslódáil, téigh chuig  iTunes, agus cuardaigh “Cúla4” nó “Gaeilge”.  Tá an APP saor in aisce agus é  oiriúnach don iPhone agus don iPad.  Beidh an leagan Android á eisiúint go gairid.

www.advertiser.ie

Bileog eolais nua maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Dún Droma

Nollaig 1, 2011

Bileog GC an Phiarsaigh

Cás na bpáistí le sainriachtanais speisialta i nGaelscoileanna le plé ag Comhdháil POBAL

Samhain 30, 2011

Beidh an tAire Oideachais ó thuaidh,  An tAire John Ó Dowd, ag freastal ar chomhdháil de chuid POBAL, scátheagras abhcóideachta ó thuaidh, Déardaoin 1 Nollaig, i dTeach na hÉigse, Iúr Cinn Trá. Tosaíonn an ócáid ar 9.30r.n.

Ag an chomhdháil beidh oideachasóirí, múinteoirí, ionadaithe na gcoláistí oiliúna agus lucht na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas ag díriú ar na bealaí le cur le comhoibriú  uile-oileánda chun an leas is mó a bhaint as na hacmhainní, as an eolas agus as an oiliúint atá ar fáil d’earnail na gaelscolaíochta i dtaca le páistí le sainriachtanais.

Ag an ócáid, beidh tuairisc taighde atá déanta ag POBAL ar  Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán: Taighde uile-oileánda ar riachtanais tacaíochta agus traenála na hearnála ar fáil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller léir dúinn go bhfuil dea-thoil agus comhoibriú ar siúl faoi láthair ar an talamh ar cheist na sainriachtanas agus ar oiliúint is acmhainní, ach bíonn constaicí ann freisin.   Creidimid go bhfuil leas mór le baint as obair as lámh a chéile agus ba mhaith linn, ag an ócáid, cur leis an mhéid atá bainte amach go dtí seo.”

Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011

Daltaí dátheangach níos cliste – Foinse

Samhain 30, 2011

Is amhlaidh go n-éiríonn níos fearr le daltaí atá dátheangach sa mhata ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ná daltaí a labhraíonn an Béarla amháin, dar le tuarascáil a foilsíodh an mhí seo.

Ba é an Lárionad náisiúnta Barr Feabhais um Matamaitic agus Theagasc  agus Léann na hEolaíochta atá lonnaithe in Ollscoil Luimnigh a d’fhoilsigh an tuarascáil.

Foinse

Apps as Gaeilge

Samhain 29, 2011

Go dtí le déanaí  ní raibh tásc ná tuairisc ar fheidhmchláir Ghaeilge a bhí curtha in oiriúint d’fhóin phóca in ainneoin go bhfuil athrú mór tagtha ar an mbealach ina mbíonn daoine ag dul ar líne.

Don chéad uair riamh díoladh níos mó d’fhóin chliste agus de ríomhairí táibléid ná ríomhairí glúine ag tús na bliana 2011. Tá daoine ag iompú ar fhóin chliste agus dá bharr sin tá iompar na ndaoine ag athrú chomh maith agus tá sé sin soiléir i measc an aosa óig ach go háirithe.

Dar le staidéar a rinne Mobile Youth i mbliana, téann 60% de dhéagóirí ina gcoladh agus an fón soghluaiste ina lámh acu.  Sula dtéann siad a choladh cuireann 45% de dhaoine a bhfuil fóin shoghluaiste acu críoch leis an lá trí chuairt a thabhairt ar an ngréasán soghluaiste.

Agus mar is eol do chách tá an éabhlóid seo bunaithe cuid mhaith ar na meáin shóisialta. Nochtann daoine a dtuairimí mar gheall ar chúrsaí an lae ar Twitter agus ar Facebook. Baintear leas as na fóin shoghluaiste mar gheall ar an ngastacht agus áisiúlacht a bhaineann leis na gléasanna agus na córais oibriúcháin atá orthu idir iPhone, Android , Windows agus Blackberry.

Lé déanaí tháinig borradh faoi líon na bhfeidhmchlár Gaeilge a bhí ar fáil ar iPhone agus ar an iPad.

1.    Enjoy Irish
Forbartha ag an gcomhlacht oideachais, Oideas Gael, tá an feidhmchlár seo dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge.  Is féidir leis an duaiseoir éisteacht le comhrá Gaeilge agus a bheith ag léamh téacs an chomhrá ag an am céanna.  Tá an feidhmchlár bunaithe ar an gcúrsa Gaeilge ‘Enjoy Irish’ agus tá sé áisiúil do dhaoine atá ag iarraidh filleadh ar ais ar an nGaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil.

2.    Cúla  4
Sheol TG4 an feidhmchlár seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne ag tús na míosa. San fheidhmchlár tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile a chuimsíonn raon leathan ábhar – an aimsir, ainmhithe, gluaisteáin agus baill den chorp. Ta na focail ar taispeáint agus le cloisteáil.

3.    Bábóg Baby
Tá ainm Bhábóg Baby in airde na laethanta seo agus beidh an bréagán gleoite le feiceáil ar an scáileán beag go luath mar chuid de shraith de bheochana, ‘BB agus Bella’. Beidh sé le feiceáil ar scáileáin níos lú ná sin chomh maith  mar tá feidhmchlár ag an mbréagán ar an iPhone agus ar Android.

4.    Cliúsaíocht as Gaeilge
Tá an feidhmchlár seo ar cheann de na cinn is greannmhara atá ar fáil as Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an leabhar a scríobh Ross Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla agus tá nathanna anseo a bhainfeadh geit as do sheanmháthair. Tá idir ghreann agus gháirsiúlacht le tabhairt faoi deara san fheidhmchlár seo ina bhfuil nathanna cainte a bhaineann leis an gcorp, mothúcháin , baothchaint agus  plámás le léamh as Gaeilge.

5.    Get the focal
Bhí an comhlacht Maithú chun tosaigh ar gach aon duine eile nuair a cuireadh  tús le héabhlóid na bhfón cliste dhá bhliain ó shin. D’fhoilsigh siad Get the Focal, foclóir ina bhfuil téarmaíocht ó Foclóir Uí Dómhnail agus Focal.ie ar fáil ann. Tá an feidhmchlár ina chabhair do gach aon duine atá ag iarraidh teacht ar an bhfocal sin nach bhfuil ar bharr do theanga. Agus bíonn sé á úsáid ag daoine ag comórtais thráth na gceist chomh maith de réir dealraimh.  Ó na buntáistí a bhaineann leis an líonra móibíleach!

©Foilsithe ar dtús ar Cogar.ie ar 23 Samhain 2011

Ionsaí mór tuartha don Chóras Oideachais sa Cháinaisnéis agus Impleachtaí móra don Ghaeloideachas

Samhain 29, 2011

Leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus droch-staid an gheilleagair sa tír seo, táthar ag súil le cáinaisnéis an-dian ar an 5 agus an 6 Nollaig. Aithnímid go mbeidh impleachtaí an-mhór ann don earnáil oideachais go ginearálta agus d’earnáil an ghaeloideachais go háirithe. Tá sciar suntasach de chiorraithe á chur i bhfeidhm ag an earnáil oideachais go dtí seo, le laghdú suntasach sa bhuiséad oideachais ón mbliain 2008 ar aghaidh. Tá tionchar nach beag imeartha ag na ciorruithe seo ar na scoileanna lán-Ghaeilge: tá líon na ndaltaí sna ranganna méadaithe, tá thart ar 50% de na scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú i gcóiríocht shealadach agus mhí-oiriúnach, tá níos mó scoileanna ná riamh ag feidhmiú i gcúinsí míbhuntáisteacha agus tá sé níos dúshlánaí ná riamh aitheantas a bhaint amach do scoileanna nua.

Anuas ar na dúshláin thuasluaite, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna cinneadh tromchúiseach anuraidh deireadh a chur leis an socrú cóimheas daltaí le múinteoirí a bhí i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Táthar ag tuar anois méadú arís sa chóimheas dalta le múinteoirí. Ní bheidh scoileanna na tíre seo, scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, in ann an méadú seo a sheasamh, agus na himpleachtaí do chaighdeán an teagaisc dá bharr.

D’aithin an cóimheas daltaí-múinteoirí a bhí beagán níos fabhraí do scoileanna lán-Ghaeilge na dúshláin bhreise atá le sárú sna gaelscoileanna, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint.

Tá an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla iontu ó Mheán Fómhair 2011. Cuireadh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbealach a bhí an-tubaisteach do scoileanna. Iarradh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 len a gcuid múinteoirí a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu don chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth. Tá suas go 31 scoil a chaill múinteoir amháin agus ceithre scoil eile a chaill beirt mhúinteoir. D’fhill na príomhoidí ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil an gaeloideachas lárnach i gcur chun cinn na straitéise fiche bliain don Ghaeilge agus impímid orthu an córas a chosaint agus beart a dhéanamh de réir briathair. Tá todhchaí agus cearta páistí ag brath air.  Impímid ar an Rialtas an deontas caipitíochta, atá cheana féin fíor-theoranta, a chosaint ó aon chiorraithe breise, nó fágfar le níos mó scoileanna atá ag brath go mór ar shíntiús deonach ó thuismitheoirí agus cuirfear breis brú ar thuismitheoirí a lámha a chur i bpócaí atá an-fholamh cheana.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Dea-thionchar an dátheangachais ar léann na matamaitice

Samhain 28, 2011

Is amhlaidh go n-éiríonn níos fearr le daltaí atá dátheangach sa mhata ag an dara leibhéal agus an tríú leibhéal ná daltaí a labhraíonn an Béarla amháin, dar le tuarascáil a foilsíodh an mhí seo.

Ba é an Lárionad náisiúnta Barr Feabhais um Matamaitic agus Theagasc  agus Léann na hEolaíochta atá lonnaithe in Ollscoil Luimnigh a d’fhoilsigh an tuarascáil ar thionchar an dátheangachais ar fhoghlaim na matamaitice.

Bhí an tuarascáil bunaithe ar staidéar a rinne an Dr. Máire Ní Riordáin  thar thréimhse idir 2005 agus 2008.

Bhí sé mar sprioc ag Ó Riordáin tuiscint a fháil ar an dul chun cinn a bhí déanta ag daltaí iar-bhunscoile agus ag mic léinn ollscoile nuair a thug siad faoi Mhata sa Bhéarla, ainneoin nach raibh an Béarla ina gcéad teanga acu. Ba iad páistí ó scoileanna Gaeltachta agus ó ghaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht a ghlac páirt sa staidéar.

Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil buntáistí fadtéarmacha ag baint le foghlaim na matamaitice trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus go leanann na buntáistí ar aghaidh go dtí an dara leibhéal.

Ach thug Ó Riordáin faoi deara go raibh míbhuntáistí áirithe ann do dhaltaí a d’aistrigh ón ghaelscolaíocht go dtí iar-bhunscoileanna Béarla.

Is i dtosach na tréimhse ina mbíonn daltaí ag athrú ó fhoghlaim na mata trí mheán na Gaeilge go dtí an Béarla is mó a bhíonn an dúshlán do dhaltaí scoile a bhfuil an Ghaeilge acu.

Ní mór dóibh tabhairt faoi fhoclóir nua a fhoghlaim agus bíonn difríochtaí  áirithe le tabhairt faoi deara sa réim agus sa chomhréir a bhíonn ann sa Bhéarla ná mar atá sa Ghaeilge.

Tá Ní Riordáin den tuairim áfach go bhfuil tairbhe níos mó ann do chainteoirí atá dátheangach de réir mar a théann  siad i gcleachtadh ar an dá teanga.

Thug sí faoi deara chomh maith go n-iompaíonn daltaí ó theanga amháin go dtí an teanga eile go minic le linn dóibh a bheith i mbun cleachtaí matamaitice a dhéanamh.

Ceapann sí go bhfuil ábhar breise taighde le déanamh sa réimse seo agus nach mór do scoileanna agus múinteoirí a bheith ar an airdeall mar gheall ar an mbaint idir teangacha agus na hábhair a bhíonn á múineadh sna scoileanna.

Tá an tuarascáil le léamh anseo.

©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011.

Seimineár lae ar litríocht na Nua-Ghaeilge san Ardteist

Samhain 28, 2011

Reáchtálfar seimineár lae ar litríocht na Nua-Ghaeilge ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ar 9 Nollaig, 2011.

Is éard a bheidh sa Seimineár sraith de chainteanna ar litríocht na Nua-Ghaeilge a dhíreoidh ar chúrsa onóracha na hArdteistiméireachta 2011/12 agus pléifear míreanna áirithe den chúrsa sin lena linn.

Caithfear teagmháil a dhéanamh le Cathal (cathal.macanbheatha@ucd.ie) / Eimhear (eimhear.nidhuinn@ucd.ie ) roimh an Luan 28 Samhain 2011 ar a dhéanaí chun áiteanna a chur in áirithe. Ós rud é go bhfuil teorainn chinnte le líon na mac léinn ar féidir linn freastal orthu tabharfar tús áite do na hiarratais is túisce a thagann isteach.

Tá costas €10 in aghaidh an mhic léinn ar an Seimineár Lae. Is féidir clár imeachtaí an lae mar aon le foirm iarratais ach teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir an tSeimineáir Lae eimhear.nidhuinn@ucd.ie, nó le Cathal Mac an Bheatha cathal.macanbheatha@ucd.ie

Ní cheadófar d’aon ghrúpa mac léinn bheith i láthair ag an Seimineár gan múinteoir amháin ar a laghad a bheith ina dteannta i gcaitheamh an ama.  Ní ghearrfar aon táille ar mhúinteoirí.

Foilsithe ar Gaelport.com 24 Samhain 2011

Tacaíocht an phobail á lorg do Ghaelcholáiste nua i nDún Droma

Samhain 28, 2011

Tá Gaelcholáiste nua le hoscailt i nDún Droma i mBaile Átha Cliath i 2014 agus tá coiste bunaithe na scoile i mbun ullmhúcháin cheana féin don scoil nua.

Chuige sin reáchtálfar cruinniú poiblí ar an ábhar ar 29 Samhain  ag 8 i.n. ar láthair na scoile nua ar Bhóthar Sydenham.

Scoil ilchreidmheach do bhuachaillí agus do chailíní a bheidh ann agus  tá coiste na scoile ag súil go mbeidh Coiste Gairmoideachais Chontae Átha Cliath mar phátrún ag an scoil.

Tá i gceist ag an gCoiste Gairmoideachais foirgneamh atá ina sheilbh acu ar Bhóthar Sydenham a sholáthar don scoil.

Pléifear na forbairtí atá bainte amach ag an gcoiste cheana féin chomh maith leis na gníomhaíochtaí eile atá beartaithe idir seo agus oscailt na scoile ag an gcruinniú poiblí.

©Foilsithe ar Gaelport.com 25 Samhain 2011

« Previous PageNext Page »