Méid an Téacs

Achainí ar son Gaelcholáiste – Coláiste Loch Gile, Sligeach

Márta 14, 2016

Achainí  a dhéanamh chuig Aire agus an Roinn Oideachais & Scileanna  chun athrú  a dhéanamh ar an gcinneadh diúltach arna tugadh faoi bhunú  Choláiste Loch Gile. Bhí an scoil dara leibhéal seo le hoideachas a sholáthar  trí mheán na Gaeilge do Shligeach, Liatroim agus Dún na nGall Theas.

Léirigh do thacaíocht anseo https://www.change.org/p/achain%C3%AD-ar-son-gaelchol%C3%A1iste-petition-for-gaelchol%C3%A1iste-col%C3%A1iste-loch-gile-sligeach?recruiter=503336876&utm_source=share_petition&utm_medium=email&utm_campaign=share_email_responsive

Tuismitheoirí le Gaeilge á lorg ag an gclár Róisín, TG4

Márta 14, 2016

Ar an 23ú Márta,  beidh costais cúram leanaí á bplé mar chuid de chlár Róisín ar TG4. Chuige sin, ba mhian le foireann an chláir dul i dteagmháil le tuismitheoirí a bhfuil dhá pháiste (nó níos mó acu) acu í seirbhísí cúram leanaí agus a bhfuil ag íoc go mór as. Ba mhaith leis an gclár fáil amach faoi nithe arbh mhian leis na tuismitheoirí a fheiceail ó thaobh athrú leis an rialtais úr – rudaí a chuideoidh leo ó thaobh costas srl. A scéal féin a chur in iúl. Déan teagmháil le Ann Marie má tá suim agat bheith páirteach sa gclár

Ann Marie 087282640 @roisintg4 https://www.facebook.com/roisintg4/

Léiriú ‘An Filleadh’ le Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Márta 11, 2016

Is onóir ollmhór do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh go mbeidh an deis acu an dráma “An Filleadh” leis an scríbhneoir clúiteach Alan Titley a léiriú in Amharclann na Mainistreach ar an 28 Márta, 2016 (Luan Cásca) ag 4.00i.n.

Beidh cead isteach saor in aisce chuig an dráma seo ach beidh gá le ticéad. Is féidir ticéid a fháil ach cuairt a thabhairt ar an nasc seo thíosghreamaithe.

Beidh pobal na scoile thar a bheith buíoch ach an t-eolas seo a scaipeadh le do theagmhálaithe féin. Is dráma é seo a bheidh oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Phríomhoide an Choláiste, Joe Mac Suibhne, ar 01-4933335.

Nasc le ticéad a fháil:
http://www.abbeytheatre.ie/whats_on/event/an-filleadh-childrens-programme

Folúntas: Bhunscoil Phobal Feirste

Márta 10, 2016

Tá príomhoide de dhíth ar Bhunscoil Phobal Feirste. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

www.comhairle.org

Beag seans go bhfeicfear polasaí oideachais don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana nua

Márta 10, 2016

Tá ráite ag Príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin nach bhfuil mórán dóchais aici go bhfoilseofar polasaí oideachais nua don Ghaeltacht roimh thús na scoilbhliana 2016/17.

Ag labhairt di ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh inniu, dúirt Ní Mhóráin go raibh dóchas ann ag tús na bliana seo go bhfeicfí an polasaí roimh an olltoghchán.

“Foilsíodh na moltaí beagnach bliain ó shin, gealladh go bhfoilseofaí an polasaí roimh dheireadh na bliana seo caite, ansin gealladh gur i mí Eanáir a d’fheicfimis é, agus ansin dúradh gur i mí Feabhra a d’fheicfimis é. Táimid anois i mí an Mhárta agus níor foilsíodh fós é.

“Bhíomar dóchasach go mbeadh an polasaí nua i bhfeidhm don scoilbhliain 2016/17. Is dócha nach dtarlóidh sé anois, tá sé ródhéanach sa bhliain agus ní fhéadfaí é a bhrú chun cinn,” a dúirt Ní Mhóráin.

Ba i mí na Bealtaine seo caite a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Jan O’Sullivan moltaí oideachais don Ghaeltacht a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i wraith na naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar ann freisin go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta atá ag teagasc i mBéarla tosú ag teagasc trí Ghaeilge.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar sa dréachtpholasaí leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar sa dréachtpholasaí gur cheart féachaint ar scoileanna ‘Béarla’ a sholáthar má bhíonn an t-éileamh ar a leithéid “sách mór”.

Dúirt Ní Mhóráin inniu nár luadh an t-éileamh sin ar chor ar bith nuair a pléadh na moltaí nua i ndiaidh a bhfoilsithe.

Tugadh le fios ag díospóireacht oscailte a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair i gceannáras na Roinne Oideachais go gcuirfí bailchríoch ar an bpolasaí nua Gaeltachta roimh dheireadh na bliana 2015 agus go bhfoilseofaí go luath i 2016 é.

Tháinig sé chun solais ar ‘Bileog’ an Irish Times i mí na Nollag go ndearna rialtas Garret Fitzgerald cinneadh i 1985 neamhaird a thabhairt ar mholtaí radacacha don oideachas sa Ghaeltacht, cuid acu a bhí cosúil leis na moltaí sa dréachtpholasaí nua.

Ghlac an rialtas cinneadh an uair sin tuarascáil ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht a fhoilsiú, ach léirígh meamram rúnda rialtais a scaoileadh faoin ‘riail 30 bliain’ nach raibh sé i gceist riamh go gcuirfí na moltaí a bhí sa tuarascáil i bhfeidhm.

www.tuairisc.ie

Folúntas: Gaelscoil na Ríthe, Co na Mí

Márta 10, 2016

Tá Gaelscoil na Ríthe ag lorg múinteoir acmhainní. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24907/

Clár cónaithe idirbhliana ar fáil anois i gColáiste na Rinne

Márta 10, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Turais as Gaeilge ar fáil timpeall uaigheanna Laochra Gael i nGlas Naíon

Márta 10, 2016

Is i Reilig Ghlas Naíon a luíonn na mílte Bleá Cliathach taobh le laochra na hÉireann, ina measc Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Charles Parnell agus Dónall Ó Conaill.

Ba é an Conallach a bhunaigh an reilig sa bhliain 1832 agus é ag iarraidh go mbeadh seirbhís cheart adhlactha ar fáil do na Caitlicigh a bhí go mór faoi smacht ag an am.

Amach as breis is milliún duine atá curtha i reilig Ghlas Naoin, is é uaigh Mhicheáil Uí Choileáin an ceann is mó a dtugtar cuairt uirthi.

Is cuma cén t-am den bhliain a dtugann tú cuairt ar a uaigh, beidh bláthanna uirthi. Tagann daoine as tíortha eile fiú le hómós a thabhairt dó.

Chuaigh muid ar cuairt chuig an reilig ar na mallaibh, áit ar chas muid ar an treoraí Paddy Gleeson. Fear atá paiseanta faoina chuid oibre agus a bhfuil cur amach iontach aige ar an stair a bhaineann leis an reilig agus iad siúd atá curtha ann.

Mar chuid de chéiliúradh Sheachtain na Gaeilge, seolfar leagan Gaeilge de threoirleabhar an mhúsaeim, rud a thabharfaidh deis do dhaoine iniúchadh a dhéanamh ar stair na reilige trí Ghaeilge.

Agus beidh na turais reilige ar siúl ag an deireadh seachtaine le linn Sheachtain na Gaeilge.

Tá gach uaigh i nGlas Naíon go díreach mar a bheadh caibidil as leabhar staire ann agus cé go bhfuil siad ina luí gan focal astu anois, tá siad beo trí mhacasamhail Paddy Gleeson atá ag roinnt a scéalta agus oidhreacht na reilige leis an phobal.

Físeán ar fáil anseo

Féile Scoldrámaíochta Bhéal Feirste

Márta 10, 2016

Seacht nGaelscoil ó chontae Aontroma agus an Dúin a chuaigh chun ardáin ag Féile Scoldramaíochta Bhéal Feirste i mbliana. Ba í Scoil na Fuiseoige a thóg príomhdhuais an chomórtais, Scothléiriú na Féile, leo.

D’éirigh le ceithre scoil; Gaelscoil na bhFál, Scoil na Fuiseoige, Gaelscoil an Chaistil agus Scoil an Droichid dul fríd chuig Craobh Uladh; a bheas ar siúl in Amharclann Phlás an Mhargaidh i gCathair Ard Mhacha Dé hAoine.

Seo spléachadh ar na buaicphointí ó fhéile na bliana seo i mBéal Feirste…

Físeán ar fáil anseo

‘An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916’ forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach le foilsiú san Irish Times amárach

Márta 10, 2016

Foilseofar leis an Irish Times amárach forlíonadh lán-Ghaeilge 32 leathanach, An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916, mar chuid de Chomóradh 1916-2016 Fhoras na Gaeilge.

Déanfar cíoradh sa bhforlíonadh ar cheisteanna a bhaineann leis an bhfís a bhí ann don Ghaeilge agus do shochaí na hÉireann céad bliain ó shin.

I measc na n-údar a mbeidh alt leo in An Ghaeilge agus Éirí Amach 1916 tá an tOllamh Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame a shamhlaíonn an dearcadh a bheadh ag an seisear déag a cuireadh chun báis i 1916 faoi chomóradh 2016.

I measc na scríbhneoirí eile a chuir peann le pár don fhorlíonadh tá Alan Titley, Des Geraghty, Dara Ó Cinnéide agus Áine Ní Chiaráin.

Dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge go gcuirfidh mórán daoine spéis san fhorlíonadh speisialta.

“Beidh an forlíonadh ina fhoinse luachmhar d’institiúidí tríú leibhéal a dhíríonn ar aon ghné den phleanáil teanga, cúrsaí cumarsáide, cúrsaí litríochta agus staire agus teagasc na Gaeilge. Beidh sé ina ábhar spéise do scoileanna, d’eagraíochtaí Gaeilge, na meáin agus do phobal na Gaeilge araon.

“Tá súil againn go spreagfaidh an forlíonadh comhrá faoin nGaeilge, faoin áit a bhfuil sí anois, faoin todhchaí atá i ndán di agus faoi mheon an phobail ina leith,” a dúirt urlabhraí ó Fhoras na Gaeilge.

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »