Méid an Téacs

Dírigh ar do thodhchaí ag Lá Oscailte ITBÁC 2012

Samhain 16, 2012

Ar an Aoine an 30 Samhain agus an Satharn an 1 Nollaig, cuirfidh ITBÁC fáilte roimh na haon duine ar mhaith leo níos mó eolais a fháil ar ITBÁC. Fáilteofar roimh mhic léinn ionchasacha, a dteaghlaigh, a gcairde, agus a múinteoirí, roimh mhic léinn lánfhásta, chomh maith leo siúd ar mhaith leo dul i mbun staidéir pháirtaimseartha nó staidéar iarchéime go dtí Lá Oscailte ITBÁC 2012.

Beidh Lá Oscailte ITBÁC ar siúl i Sráid Aungier. Is deis í seo chun aithne súile a chur ar an gcampas agus chun eolas a fháil ar an raon leathan cúrsaí a sholáthraíonn an Institiúid idir chúrsaí páirtaimseartha, lánaimseartha, bunchéime agus iarchéime ag an am céanna. Is é aidhm an lae ná an deis a thabhairt do mhic léinn ceisteanna a chur ar léachtóirí agus mhic léinn reatha na hInstitiúide, seirbhisí na hInstitiúide a bhraith, foghlaim faoi na roghanna staidéir difriúla agus taitneamh a bhaint as na deiseanna difriúla atá le fáil in ITBÁC ag an am céanna. Beidh imeachtaí iontacha ar siúl ar feadh an lae idir cheardlanna, taispeántais, turais, agus chainteanna bunaithe ar shaol an choláiste. Díreoidh cuid do na cainteanna seo ar chúrsaí agus ghairmeacha áirithe. Tabharfaí na cainteanna seo deis do dhaoine eolas níos doimhne a fháil ar na cúrsaí a bhfuil suim acu iontu.

Is ceann de na hInstitiúidí is mó agus is nuálaí in Éirinn í ITBÁC. Soláthraíonn sí suíomh foghlamtha atá dírithe ar an domhan gairmiúil. Tá raon leathan cúrsaí le fáil trasna choláistí éagsúla na hInstitiúide is iad sin Gnó, Innealtóireacht agus an Timpeallach Tógtha, Eolaíocht agus Sláinte, Ealaíon agus Turasóireacht. Tá cáil bainte amach ag ITBÁC de bharr a cúrsaí nuálacha, na gcaidreamh láidir idir an fhoireann agus na mic léinn, agus a seirbhisí tacaíochta mac léinn den scoth chomh maith lena bheith ina ceannródaí sa saol fiontraíochta, ag sóláthair goir ghnó ar ardchaighdeán, agus de bharr a comhoibrithe idirnáisiúnta agus a comhpháirteachais phoiblí sa bhaile.

Beidh Lá Oscailte ITBÁC ar siúl i gcampas Shráid Aungier ar an Aoine an 30 Samhain agus an Satharn an 1 Nollaig ó 09.00-15.00. Téir go dtí www.dit.ie/openday le haghaidh tuilleadh eolais.

DVD gairmthreorach ar fáil i nGaeilge

Samhain 14, 2012

Seoladh DVD gairmthreorach le déanaí ina bhfuil leideanna agus comhairle curtha ar fáil do dhaltaí scoile ar fud an oileáin maidir leis na deiseanna atá ann d’fhostaithe a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid ina ngairmeacha beatha.

Sheol an craoltóir Lynette Fay an pacáiste Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna ar 02 Samhain.

Is pacáiste ilmheáin é Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí atá sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal ar fud na tíre.

Tá i gceist ag Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste agus A leibhéil.

Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéal beathaisnéisí ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san airm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.

Anuas air sin, tugtar aird ar staid reatha na fostaíochta i réimsí oibre éagsúla agus is cosúil gur éirigh le roinnt de na rannpháirtithe poist dhúshlánacha le Gaeilge a bhaint amach i bhfad i gcéin ó Nua-Eabhrac go dtí an Bhruiséil.

Leis sin, tugtar léargas ar na scileanna inaistrithe a bhíonn ag scoláirí a bhfuil cúpla teanga ar a dtoil acu agus na réimsí oibre éagsúla atá oscailte dóibh.

Tá fotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil sa DVD agus beidh sé áisiúil mar áis teagaisc i scoileanna ar bhonn uile-oileáin.

Is le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge; ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ó Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge an áis teagaisc ar fáil.

Tuairim an Phobail ag teastáil do sheirbhísí Gaeilge ó Thuaidh

Samhain 14, 2012

Tá tuairimí an phobail de dhíth maidir le forbairt na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Tá cáipéis comhairliúcháin curtha le chéile ag an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ina bhfuil cuspóirí agus aidhmeanna na Roinne i dtaca leis an nGaeilge ó thuaidh leagtha amach.

Sa chlár Rialtais 2011-2015, luadh go raibh Straitéis don Ghaeilge mar chloch thógála chun caidrimh idir phobail a thógáil agus na féidearthachtaí san earnáil chultúir a chur chun cinn. Is iad cuspóirí na Straitéise ná níos mó daoine a mhealladh chuig an ngaeloideachas, seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fhorbairt agus rochtain ar na meáin Ghaeilge a mhéadú.

Tá sé phríomhréimse gnímh leagtha amach ag an Roinn chun aidhmeanna agus cuspóirí na straitéise a bhaint amach agus fáiltítear roimh ionchur an phobail i leith na réimsí gnímh uile.

1. Oideachas
2. Seachadadh na Teanga sa Teaghlach
3. Riarachán, Seirbhís agus Cúrsaí Pobail
4. Na Meáin Chumarsáide agus Teicneolaíocht
5. Reachtaíocht agus Stádas na Teanga
6. An Saol Eacnamaíochta

Beidh ionadaithe ó gach Roinn i Státseirbhís Thuaisceart Éireann agus ó Ranna na Ríochta Aontaithe atá ag feidhmiú ó thuaidh mar ghrúpa feidhmithe idir-rannach agus freagrach as a chinntiú go mbíonn an Feidhmeannas ar an eolas faoin dul chun cinn i leith na Straitéise. Beidh gá comhoibriú a fhorbairt i dtaca leis an Straitéis le hAirí in Westminister mar gheall go bhfuil roinnt seirbhísí poiblí go fóill mar fhreagracht ar an Rialtais in Westminster lena n-áirítear seirbhíse craoltóireachta.

Is féidir leis an bpobal an cháipéis comhairliúcháin a fháil ag an nasc seo agus is féidir do thuairim I leith na cáipéise a chur ar fáil tríd an suíomh seo. Ní mór do thuairim a chur ar fáil roimh 5:00in Dé Máirt 27 Samhain 2012.

Aipeanna iPhone don óige seolta ag TG4

Samhain 14, 2012

Seoladh dhá aip úra do pháistí óga ag Oireachtas na Samhna ag tús na míosa – Cúlacaint2 agus Olly an Veain Bhean Bhán.

Tá páistí óga ag éirí níos eolaí faoi chúrsaí teicneolaíochta san aois ina mairimid agus is cosúil nach bhfuil teorainn ar líon na mbealaí ar féidir siamsaíocht a chur ar fáil. Ní hí an teilifís an t-aon mhodh ar féidir breathnú ar chláir theilifíse a thuilleadh agus is cinnte go bhfuil seifteanna foghlamtha á fhorbairt an t-am ar fad le fás na teicneolaíochta.

Cuireann an dá aip, atá ar fáil ar iPhone agus iPad, cluichí idirghníomhacha Gaeilge mar atá feicthe ar Cúla4 ar fáil mar aon le sceideal na gclár ar an gcainéal. Is féidir chomh maith breathnú ar ábhar craolta a chuirtear ar fáil ar sheinnteoir www.tg4.tv.

Cuidíonn Cúlacaint2 le páistí óga focail úra a fhoghlaim trí stór focal spraíúil a chur ar fáil le breathnú orthu agus le héisteacht leo. Focail do pháistí iad seo bhaineann leis an Aibítir, Uimhreacha, Dathanna, Bia agus Éadach.

Tá aip Olly an Veain Bheag Bhán bunaithe ar an gclár aitheanta ar Cúla4. Is féidir dhá chluiche a imirt air – Rás na mBeartán agus Cuir Caoi Air. Baineann an chéad chluiche le bailiú na mbeartán ceart agus sa dara cluiche is gá gluaisteáin bhriste a chur le chéile arís trí na páirteanna cearta a chur sna háiteanna cearta.

Seolfar aip úr eile, Ag Spraoi le Claude, bunaithe ar an gclár teilifíse agus í dírithe ar an aoisghrúpa céanna, roimh dheireadh na Samhna.

Aonach Oibre and plé ar ghairmeacha trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann

Samhain 14, 2012

Ar an Déardaoin, 06 Nollaig beidh Aonach Mór Oibre mar aon le seimineár Buntáiste Breise na Gaeilge, á reáchtáil ag Forbairt Feirste i gcomhar le Coláiste Feirste agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Tá an tAonach Oibre seo á reáchtáil ag Coláiste Feirste i gcomhar le Forbairt Feirste le sé bliana anuas agus tá an ócáid seo ag dul ó neart go neart gach bliain le cúpla céad scoláire ó Thuaisceart Éireann ag freastal ar imeachtaí an lae.

Le cúpla bliain anuas tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar chamchuairt leis na seimineáir Buntáiste Breise na Gaeilge agus don tríú bliain as a chéile tá Coláiste Feirste agus Forbairt Feirste ag nascadh an Aonaigh mhóir oibre seo leis an seimineár de bharr gur éirigh chomh maith sin leis na hócáidí go dtí seo. Ar an lá beidh suas le trí chéad dalta scoile ag freastal ar an ócáid bhríomhar, spreagúil seo atá dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha sna scoileanna.

Tá na seimineáir seo eagraithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fud na tíre le breis is ceithre bliana anuas agus go dtí seo tá an-tóir orthu.

Rinne na seimineáir seo freastal ar 186 iar-bhunscoil agus suas le 6,153 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo agus mar chuid de chamchuairt 2012 tá an-áthas orainn filleadh ar Bhéal Feirste arís.

Is i gColáiste Feirste a bheidh an ócáid seo á reáchtáil ar an Déardaoin, 06 Nollaig ach tá fáilte roimh dhaltaí ó gach scoil sa cheantar freastal ar Bhuntáiste Breise na Gaeilge agus ar an Aonach Oibre a bheidh ar siúl i rith an lae.

Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid, beidh an craoltóir Lynette Fay a bhíonn ag obair le BBC Raidió Uladh agus le TG4.

Labhróidh Dónal McAnallen faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus é mar Oifigeach Cultúrtha le Comhairle Uladh CLG.

Anuas air seo labhróidh an t-amhránaí aitheanta as iarthar Bhéal Feirste Gráinne Holland ar na doirse a d’oscail an teanga dí agus an tábhacht atá ag baint leis an nGaeilge dí féin go pearsanta mar dhuine a bhíonn ag taisteal agus ar stáitsí i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne.

I measc na ndaoine a labhair ag a mhacasamhail de sheimineár i mBéal Feirtse le blianta beaga anuas bhí an craoltóir, léiritheoir agus láithreoir le BBC Raidió Uladh agus fear a bhíonn ag obair le Nuacht24,Tomaí Ó Conghaile, Ursula Uí Dhonnaile, Oifigeach Gaeilge i nDún Geanainn an, Ciarán Mac Giolla Bhéin atá ag obair mar Oifigeach Óige agus Iarscoile le Foras na Gaeilge, an múinteoir Gaeilge agus an t-anailísí spóirt agus fear atá ina chathaoirleach ar Champa Chormaic Conall Ó Máirtín as Co. Thír Eoghain, an craoltóir Louise McCreesh ó BBC Uladh mar aon leis na múinteoir scoile agus peileadóir Mark Harte as Co. Thír Eoghain.

Le linn an Aonaigh Oibre beidh neart eolais á thabhairt amach do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge agus beidh ionadaithe ó roinnt institiúidí tríú leibhéal i láthair chomh maith. Anuas air seo beidh deis iontach ag daltaí scoile eolas a fháil ó ionadaithe na n-eagraíochtaí éagsúla a bheith i láthair ag na seastáin eolais.

Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár nó más maith leat seastán eolais a bheith agat ag an aonach oibre déan teagmháil go luath le Colma McKee ag 0044 (0)28 90438771 nó seol ríomhphost chuig: colma@forbairtfeirste.com

Mórcheisteanna na Gaeilge le plé ag lá eolais na bpolaiteoirí

Samhain 14, 2012

Tabharfar aghaidh ar stádas reatha agus todhchaí na Gaeilge ar an gCéadaoin, 21 Samhain nuair a reáchtálfar lá eolais le polaiteoirí Theach Laighean in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag leanúint leis an bpróiseas comhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí don cheathrú bliain as a chéile agus beifear ag súil le hionadaíocht substaintiúil ó na dáilcheantair éagsúla ar an lá. Beidh ionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta i láthair ó 8.00am – 6.00pm ar an lá agus dar leis na heagraíochtaí, “tá sé fíorthábhachtach an líon is mó daoine a bheith againn ar an lá ó dháilcheantair éagsúla le dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí.”

Tugann an lá eolais bliantúil deis iontach do pholaiteoirí agus do mhuintir Gaeilge na ndáilcheantar éagsúil cúrsaí Gaeilge a phlé i measc a chéile go cruinn agus ar bhonn áitiúil, ag tagairt do mhórcheisteanna an lae a bhaineann le muintir Gaeilge dháilcheantair na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí féin.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine a bheith i láthair ag an seisiúin ar feadh cúpla uair an chloig le tábhacht staid reatha na Gaeilge sna dáilcheantair a léiriú do na polaiteoirí a bheidh i láthair ann. Rinneadh plé ríthábhachtach ar chúrsaí éagsúla ag na seisiúin roimhe seo agus i mbliana iarrtar orthu siúd a bheidh i láthair díriú ar na 3 hábhar a leanas sa phlé a bheidh ar siúl acu:

1. An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar pháirtithe leasmhara i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an struchtúr cuí a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta;

2. Cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa chuíchóiriú atá ar siúl ar an earnáil phoiblí agus obair an Rialtais trí chéile agus aon deis ar féidir a thapú le cur le stádas na teanga; agus

3. An Ghaeilge agus an Ghaeltacht a thógáil san áireamh sa Bhille um Boird Oideachais agus Oiliúna 2012.

Is gá clárú don lá eolais trí theagmháil a dhéanamh le Síne Nic an Ailí ag sine@cnag.ie nó (01) 4757401 agus iarrfar ort d’ainm agus an dáilcheantar lena mbaineann tú a lua chomh maith leis an am a bheidh tú ar fáil le labhairt leis na polaiteoirí áitiúla ar an lá.

An dráma An Triail ar chamchuairt

Samhain 14, 2012

12 Samhain 2013 – 30 Samhain 2012
Beidh an dráma An Triail le Máiréad Ní Ghráda ar chamchuairt ar fud na tíre an Samhain seo.
Is i gcomhar le Fíbín an Amharclann Náisiúnta Puipéadóireachta na Gaeilge do dhaoine óga atá an drama Gaeilge seo ag dul chun stáitse.

Tá an dráma tromchúiseach seo ar shiollabais na hArdteistiméireachta.
Seo cúpla dáta i gcomhar an dialann:

Dubhlann, Gaillimh
12 & 13 Samhain 2012
091 569777

Hawk’s Wells Sligeach
15 & 16 Samhain 2012
071 9161518

Pavillion, Dún Laoghaire, Co. Átha Cliath
19-23 Samhain 2012
01 2312929
Ionad Ealaíona Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath
26-30 Samhain 2012
01 8832100
Tuilleadh eolais: www.fibin.com

Nuachtlitir Ráth Chairn

Samhain 13, 2012

  • Féile na Mí 2012
  • Corn Phádraig Uí Dhálaigh
  • Club Déagóirí
  • Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
  • Irish Language Classes for Adults
  • Cúrsa Ceamara Digiteach
  • agus eile!

Gach eolas ar Rathchairn.net

Cairde Teo – Fiontraíocht Shóisialta ag feidhmiú ar son na teanga

Samhain 12, 2012

Bunaíodh Cairde Teoranta i 2009 agus é mar sprioc ag an ghrúpa fóras sóisialta agus stádas gnó a thabhairt don Ghaeilge i gcathair Ard Mhacha.

Táthar ag obair i gcuideachta eagrais chultúrtha Ard Mhacha le greasán Gaelach na cathrach a fhorbairt.

Thug Meon Eile cuairt orthu ar na mallaibh, trí bliana i ndiaidh a mbunaithe, lena scéal agus a bplean don todhchaí a chluinstin.

Rinneadh plé ar an chultúrlann nua, gnó le Gaeilge agus an 400 páiste atá ag tabhairt faoin Ghaeloideachas i gcathair Ard Mhacha agus an freastal atá á dhéanamh ag Cairde Teo. ar thuismitheoirí atá a gcur a gcuid páistí ar Ghaelscéal ach nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu féin…

Féach ar an bhfíseán anseo: Meon Eile

Minister Quinn & EIB President welcome start to construction of eight schools unlocking Public Private Partnership Model

Samhain 12, 2012

The Minister for Education and Skills warmly welcomed the start of construction today (Monday 12th November) of eight schools which are being delivered under the Public Private Partnership (PPP) model. These are the first public sector projects to be funded under the PPP model since June 2010.

These schools in counties Westmeath, Leitrim, Limerick, Galway, Donegal, Wexford and Waterford are the third bundle of schools to be built under the Department of Education and Skills school PPP programme. They are part of the five year school building programme already announced by Minister Ruairí Quinn T.D. earlier this year.

A loan of €50 million has been secured through the European Investment Bank (EIB) which has meant these new schools can now proceed to construction. The total value of the construction costs is estimated to be approximately €100 million.

The eight schools will provide accommodation for approximately 5,700 students. Six of the eight schools are second level schools; while the two remaining schools to be built in Doughiska, Co. Galway, are a primary and a secondary school which will share a single campus.

Minister Quinn said, “This is very good news for the communities in counties stretching from Donegal to Waterford who have been waiting for their school building projects to be given the green light.”

“I am particularly pleased that the EIB has again decided to support the Department’s schools capital investment programme with a loan of €50 million which will assist in funding this investment. It is a further signal of the bank’s renewed confidence in the Irish State and our recovery programme.”

President of the EIB,Werner Hoyer, said, “The landmark agreement to support construction of eight new schools marks the reopening of the PPP sector in Ireland. The European Investment Bank is committed to enabling education investment in Ireland. This project complements EIB support provided in July to build 550 new classrooms and backing to redevelop University College Dublin a year ago.”

The National Development Finance Agency (NDFA) is responsible for advising State Authorities on the best financing of priority public investment projects. These eight schools in PPP Bundle 3 were referred to the NDFA in July 2010 to assist in securing funding.

BAM PPP was appointed preferred tenderer in September 2011 and all planning issues were granted by May of this year. Now that funding has been secured, construction is expected to begin immediately. The project financing includes EIB, Bank of Ireland and the National Pensions Reserve Fund.

Theo Cullinane, BAM Chief Executive said, “We are pleased to be investing in the Irish market and to have been able to partner with the Department of Education and Skills, the NDFA and our senior lenders Bank of Ireland, the European Investment Bank and the National Pensions Reserve Fund to develop a financing solution for the project. The successful financing of this project augurs well for future PPP projects.”

Tom Hayes, Chief Executive of Bank of Ireland Corporate Banking, said, “This transaction highlights Bank of Ireland’s commitment to supporting local communities throughout the country. It will create more than 1,000 much needed jobs during construction and on completion will provide first class educational facilities for over 5,700 pupils and serve generations to come.”

Earlier this year, Minister Quinn unveiled a five year Schools Capital Programme worth €1.5 billion. This will see a total of 275 major school buildings projects commenced between now and 2016. The €50 million loan being provided by the EIB will assist in funding this investment. Since 2008 the European Investment Bank has provided nearly €350 million for investment in schools and universities in Ireland.

All schools are expected to be completed by 2014. Their completion will bring the total number of schools delivered under the PPP model in the State to 23.

The schools which will be built under PPP Bundle 3 are:

  • Athlone Community College, Co. Westmeath
  • Ballinamore, Co. Leitrim
  • Doon, Co. Limerick
  • Doughiska Post Primary, Co.Galway
  • Merlin Woods Primary School (Doughiska), Co. Galway
  • Creagh College, Gorey, Co. Wexford
  • Coláiste Ailigh, Letterkenny, Co. Donegal
  • Tramore, Co. Waterford

education.ie

« Previous PageNext Page »