Méid an Téacs

Lá Dearg i mBéal Feirste

Márta 10, 2014

Tá na socruithe tosaithe ar An Lá Dearg, an mórshiúl a bheidh ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn, 12 Aibreán 2014 ag 14.00. Tá an bhileog eolais agus an póstaer thíos, maraon le híomhá le cur ar Facebook agus treoir maidir le plé le masla ar líne. Is féidir ordaithe do na hábhair seo a chur chuig ladearg@gmail.com.

Lá Dearg i mBéal Feirste – Póstaer

Treoir – Ag Plé Le Masla Ar An Idirlíon

Lá Dearg Bratach FB

Cliceáil ar an íomhá thuas le leagan níos mó de a fháil.

 

Galf le Gaeilge

Márta 10, 2014

Tá comórtas Galf le Gaeilge ar siúl ag Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin Dé Sathairn 15ú Márta do Sheachtain na Gaeilge.

Tá fáilte roimh dhaoine aonair nó foirne de thriúr páirt a ghlacadh ann.

Seo na sonraí,

https://www.facebook.com/events/620281404718604/?fref=ts

 

Cluiche Ríomhaire nua – An Aimsir Óg ar PC CD-ROM

Márta 10, 2014

Aimsir

Seas le Marine agus a cairde i gcoinne an Tiarna Dragan!

Cluiche rólimirte straitéiseach é seo, an chéad ceann riamh sa Ghaeilge.

Aldorlea studios sa bhFrainc a dhear an cluiche. Lightnight Strike Comics (Baile Átha Cliath) a mhaisigh an leabhrán. Biddy Jenkinson a chuir Gaeilge ar an gcluiche.

Tá ealaín, ceol, scéalaíocht agus dearadh cluichíochta d’ardchaighdeán san Aimsir Óg. Is féidir ‘éasca’ nó ‘éasca peasca’ a roghnú ón gclár agus beidh treoir agus cúnamh le fáil ón té nár imir cluiche mar seo cheana. An té a roghnaíonn ‘gnáthleibhéal’ nó ‘deacair’ beidh fíor dhúshlán roimis agus réimse breise de roghanna agus d’eachtraí.

Bhain an leagan Béarla 8.9 as 10 ó léirmheastóir RPGFan.com agus bhron BigFishGames gradam ‘RPG of the Year’ air . ”Instantly sets itself apart with high resolution, anime-style art”, a bhí le rá ag thegamesmen.com. Bhain an leagan Gaeilge 9 as 10 amach ó léirmheas CoD as Gaeilge.

Is féidir ‘An Aimsir Óg’ , Cuid a h-Aon a cheannach sa Siopa Leabhar, 6 Sr. Fhearchair, B.ÁC 2 nó is féidir é a cheannach ar an idirlíon ó www.cleclic.com

Féile Aisteoireachta Choirm Gael Linn

Márta 10, 2014

Gaelscoileanna ó thrí chontae a chuaigh chun ardáin i bhFéile Choirm Gael Linn i gcathair Ard Mhacha le linn Seachtain na Gaeilge.

Ní roghnaítear buaiteoir san fhéile ach bronntar gradam ar chuile scoil a ghlacann páirt ann.

Bhí idir dhrámaí nuachumtha, seanchumtha agus aistrithe i measc na saothar a léiríodh.

Seo chugaibh buaicphointí na féile: féach an físeán ar www.meoneile.ie

Cúrsaí Ullmhúcháin Gaeilge don Bhéaltriail – Gael Linn

Márta 10, 2014

Tá Gael Linn ag tairiscint ranganna ullmhúcháin don bhéaltriail 2014.

Dátaí:
15 Márta 2014
22 Márta 2014

Am: 9.30r.n – 2.30 i.n

Táille: €85

Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.

Déan teagmhail le: Gael Linn ar r-phost: eolas@gael-linn.ie nó fón: (01) 6751200

Anuas ar cúrsaí Ullmhúcháin Gaeilge don Bhéaltriail eagraíonn Gael Linn cúrsaí eile atá feiliúnach do dhaltaí iar–bhunsoile.

Cúrsaí na nÓg – Cúrsaí Gaeilge do dhaltaí a bheidh ag déanamh an Ardteist nó Teastas Sóisearach i 2015 & 2016

Cúrsaí Cumarsáide – Is é atá i gceist ná bhunscileanna craoltóireachta agus raidió a thabhairt do na daltaí.

Gearrchúrsaí Scannánaíochta agus Cúrsaí Samhraidh

Tuilleadh eolais: www.gael-linn.ie

Cúrsa Samhraidh Coláiste na bhFiann i dTír Chonaill

Márta 10, 2014

Cuireann sé an-áthas ar Choláiste na bhFiann Teo. a fhógairt go bhfuil ionad nua á oscailt do chúrsa samhraidh 2014.  Beidh an chúrsa nua seo á reáchtáil in Ionad Naomh Phádraig, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Dátaí an chúrsa:  01-  21 Meitheamh 2014

Seo an chéad ionad atá ag Coláiste na bhFiann i gCúige Uladh agus an ceathrú ionad atá lonnaithe sa Ghaeltacht.  Tá cúrsaí á reachtail acu i Ros Muc i gCuige Connachta, Ráth Chairn agus Droim Rí i gCúige Laighin agus, Cill Airne agus Baile an Sceilg, i gCúige Mumhan. Tá breis is 45 bliain taithí ag Coláiste na bhFiann ag reáchtáil cúrsaí samhraidh Gaeilge. Le roinnt ionaid lonnaithe timpeall na tire, eagraíonn Coláiste na bhFiann cúrsaí do dhaoine óga gur mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú i dtimpeallacht nádúrtha, spraíúil agus sábháilte.

Tá tuilleadh eolais i dtaobh cúrsaí Coláiste na bhFiann ar fáil ó:

Michelle Ní Ghialláin, Coláiste na bhFiann, Droim Rí, Co. na Mí

Fón (+3531) 825 9342 | R: michelle@colaistenabhfiann.ie

Cosaint d’éiteas na Gaeilge molta go láidir ag Comhchoiste Oireachtais

Márta 10, 2014

Cuireadh fáilte roimh thuairisc de chuid an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach an tseachtain seo i dtaca le próisis iontrála scoileanna inar tacaíodh le sainmheon teanga na Gaelscolaíochta a chosaint.

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin ag deireadh 2013 maidir leis an Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil). Tá i gceist faoin dréachtscéim Ghinearálta don Bhille Oideachais go gcuirfí deireadh le cleachtais idirdhealaitheacha i gcóras oideachais na tíre ag an mbunleibhéal agus an meánleibhéal.

Tá molta sa dréacht-Bhille go mbainfí é seo amach trí theorainn a chur ar thréimhsí iarratais scoileanna ar ligean isteach, rialachán dian a chur in áit maidir le táillí iontrála, brú a chuir ar scoileanna liostaí feithimh a ghlanadh agus bearta eile a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh an córas iontrála a leathnú.

Mar chuid den chomhairliúchán tháinig Gaelscoileanna Teo., An Foras Pátrúnachta, Cearta Oideachais agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach áit ar pléadh cás eisceachtúil na gaelscolaíochta sa mhórchóras, idir thúsáite a thabhairt do theaghlaigh Ghaeilge agus aitheantas a thabhairt don luath-thumadh sa Ghaeilge.

Ag eascairt as an gcomhairliúchán, foilsíodh tuairisc de chuid an Chomhchoiste Oireachtais an tseachtain seo ina chuirtear síos ar mholtaí an Chomhchoiste i leith an Dréacht-Bhille a bheas le hath-dhréachtú anois ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is iad na moltaí ó thaobh na gaelscolaíochta de ná go n-áirítear riachtanais teangeolaíochta agus stádas na scoileanna laistigh do Limistéir Pleanála Teanga (de réir Acht na Gaeltachta 2012), agus an próiseas pleanála teanga atá á reáchtáil faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Moltar freisin go dtógfadh aon reachtaíocht atá beartaithe ionracas na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, agus, go gcinnteofaí nach mbeadh aon leithcheal ar siúl le linn an phróisis iontrála. Dar leis an tuairisc gur chóir do reachtaíocht mholta ar bith an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a aithint trí thosaíocht shuntasach a cheadú mar chuid den phróiseas iontrála do líon íseal na gcainteoirí dúchais taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid Ní Ghréacháin: “Ar an iomlán, léiríonn an tuairisc dul chun cinn iontach, agus léiríonn sé gur tugadh fíor-éisteacht dár n-ábhar imní mar a bhaineann le cosaint sainmheon teanga scoileanna lán-Ghaeilge…Tá na moltaí ginearálta, seachas mionsonrach nó saintreorach, ach is dóigh liom gur fearr sin agus dá réir, go bhfágfaí faoi údarás na scoileanna lán-Ghaeilge slánchúis na scoileanna a chosaint, rud atá riachtanach”.

“Beidh, ar ndóigh, plé le déanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi na ceisteanna praiticiúla agus na mionsonraí agus is tús an-mhaith é seo don phlé agus idirbheartaíocht leis an Roinn. Leanfaimid orainn ag cinntiú go mbeidh gach cosaint riachtanach ann do na scoileanna lán-Ghaeilge, agus do theaghlaigh lán-Ghaeilge ar mian leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge” a dúirt sí.

Is ar an Roinn Oideachais agus Scileanna atá sé anois moltaí na tuairisce a thabhairt san áireamh agus an Scéim á hath-dhréachtú acu le cur faoi bhráid an Rialtais.

Foilsithe ar Gaelport.com

Aisteoirí óga á lorg ag Meangadh Fíbín

Márta 10, 2014

Tá Meangadh Fíbín ag lorg aisteoirí óga i gcomhair sraith teilfíse.

Beidh an taifead don sraith teilifíse i bhfoirm seó puipéadóireachta a bheidh dírithe ar pháistí óga do TG4.

Tá said ag lorg páistí óga idir 6 bliana agus 10 mbliana d’aois.

Léireofar an tsraith seo i gConamara. Is seó puipéadóireachta a bheidh sa tsraith seo agus beidh míreanna faisnéise agus eadarlúidí ceoil mar chuid de gach clár. ?Is deis iontach í seo do pháistí a bhfuil suim acu san aisteoireacht.

Reachtálfar éisteachtaí ar an:

11 Márta 2014 3 – 6i.n Seánscoil, Indreabhán, Gaillimh.

12 Márta 2014 3 – 6i.n Óstán Bewleys Hotel, Ballsbridge, BÁC 4

24 Márta 2014 4 – 6i.n An Lab, Daingean, Ciarraí

27 Márta 2104 4 – 6i.n Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair, Dún na nGall

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait nó má tá suim ag aon scoláire éisteacht a dhéanamh, níl le déanamh agat ach ríomhphost a sheoladh chugam ag meangadh@gmail.com
Meangadh Fíbín Teo.,
Na hAille,
Indreabhán,
Co. na Gaillimhe
Tel: +353 (0)91 593822 nó +353 (0)91 505855

Foilsithe ar Gaelport.com

Lascaine do scoileanna ón Spailpín Fánach

Márta 6, 2014

Bhfuil baint agat le scoil, coláiste nó eagras?

Lacáistí ar fáil d’orduithe móra!

Féach ar ár réimse leathan t-léinte, cochaill, agus suaitheantais Ghaeilge ar www.spailpin.com.

Seol ríomhphost nó cuir glaoch le haghaidh rátaí speisialta do scoileanna

Ríomhphost: spailpin@eircom.net
Fón: 091-553343

Nuachtlitir Futa Fata

Márta 6, 2014

Nuachtlitir Futa Fata

« Previous PageNext Page »