Ranganna Gaeilge oíche ag tosú an tseachtain seo chugainn – Tairiscint speisialta
Meán Fómhair 16, 2013
Beidh Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag cur tús lena ranganna oíche Gaeilge do dhaoine fásta an tseachtain seo chugainn (23–26 Meán Fómhair 2013) i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Tabharfaimid mí saor in aisce ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, do gach duine a chuirfidh rang oíche in áirithe linn an fómhar seo.
Chomh maith leis na cúrsaí thuas, beidh an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge ag tosú Dé Sathairn, 21 Meán Fómhair, agus cuirfear tús leis an gcéad Chúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia eile idir 9–12 Deireadh Fómhair.
Eolas: www.gaelchultur.com | eolas@gaelchultur.com | (01) 484 5220 | 1890 252 900
Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn
Meán Fómhair 16, 2013
Scéimeanna Gael Linn don scoilbhliain 2013/2014
Tabharfar deis don lucht óg bheith gníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge faoin gclár cuimsitheach scéimeanna atá leagtha amach ag Gael Linn don scoilbhliain 2013/2014.
Bíonn an-tóir ar Scéimeanna Gael Linn gach bliain agus, mar is iondúil, cuirtear fáilte roimh an lucht bunscoile, meánscoile is lucht tríú leibhéil páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga idir dhíospóireacht, cheol, chlár raidió agus caint phoiblí.
Cuirfear tús leis na scéimeanna go luath agus táthar ag lorg iarratas anois ar na comórtais a leanas:
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge. Bronnfar Corn Uisne agus seic ar €1,000 ar churaidh Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn agus seic ar €1,000 ar Roinn na Sinsear. Is é 20 Meán Fómhair, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh: Comórtas díospóireachta d’iar-bhunscoileanna nach ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge. Bronnfar Buanchorn Gael Linn agus seic ar €1,000 ar churaidh na hÉireann – sóisear agus sinsear. Is é 27 Meán Fómhair, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Duaischiste €4,500. Beidh Craobhchomórtas SIANSA ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar 6 Aibreán, 2014. Is é 8 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo agus caithfidh na dioscaí a bheith istigh roimh 9 Nollaig, 2013.
Comórtas Clár Raidió Gael Linn: Comórtas atá an-oiriúnach do dhaltaí na hIdirbhliana. Bronnfar duaiseanna flaithiúla airgid ar na buaiteoirí agus má bhíonn caighdeán chlár na mbuaiteoirí sách ard craolfar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta é. Is é 7 Feabhra, 2014, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo agus caithfidh na cláir a bheith istigh roimh 14 Márta, 2014.
Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna Gaeltachta ach go háirithe. Bronnfar gradaim ar ghnéithe áirithe de na seónna a sheasann amach. Is é 16 Nollaig, 2013, an dáta deiridh iontrála do Coirm.
Abair: Comórtas caint phoiblí d’iar-bhunscoileanna i dTuaisceart Éireann. Bronnfar céad agus dara duais ar gach cainteoir i ngach roinn. Is é 15 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don chomórtas seo.
Tráth na gCeist: Sraith de ócáidí quizbhoird d’iar-bhunscoileanna i mbailte éagsúla i dTuaisceart Éireann. Bronnfar duaiseanna ar na foirne a thagann sa chéad agus sa dara háit i ngach ionad. Is é 15 Samhain, 2013, an dáta deiridh iontrála don scéim seo.
Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn: Tá an Bhréagchúirt dírithe ar mhic léinn tríú leibhéil atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Bronnfar Trófaí Cuimhneacháin Chearbhaill Uí Dhálaigh agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. Beidh sé ar siúl i mbliana ar an Aoine 8 Samhain, 2013, sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath.
Díospóireachtaí Tríú Leibhéal: Beidh Craobh an chomórtais díospóireachta eadarcholáistí ar siúl le linn an Oireachtais i gCill Airne i mbliana ar 2 Samhain, 2013. Bronnfar Corn an Irish Times agus duais airgid ar na buaiteoirí.
Tá gach eolas ar na scéimeanna uile agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.gael-linn.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Gael Linn; 01 6751200 / seanc@gael-linn.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com
Seamus Heaney agus An Ghaeilge
Meán Fómhair 16, 2013
Toraíocht Taisce le Gaelcholáiste an Phiarsaigh
Meán Fómhair 16, 2013
A Chairde,
Tá Coiste Chairde Ghaelcholaiste an Phiarsaigh bunaithe againn anois. Tá grúpa beag daoine bailithe le chéile agus is é an chéad sprioc atá againn ná tuismithóirí agus dáltaí Mean Fomhair 2014 a chur in aithne dá chéille. Tá muid i mbun Toraíocht Taisce/Treasure Hunt agus coisir beag a éagrú í Marley Pk ar an 8ú Meitheamh 2013. Beidh níos mó eolais le fáil nios giorra den am. Is deis iontach a bheidh ann castáil leis na páistí and teaghlaigh eile atá clárithe do 2014. Beidh caint, cácai agus roinnt craic ar an lá agus ba bhréa linn sibh a fhéiceail ann.
Bheinn buíoch díobh ach RSVP a dhéanamh liom, trí roimhphoist a sheoladh chugam, roimh Bealtaine an 27ú lá.
Agus má tá spéis agua am ag aon duine agaibh tacaíocht a thabhairt do Chairde dean teangmhail liom ag eolas@gaelcholaiste.com le bhur dtoil.
Mise le Meas
Sarah O’Connell Nolan
Cathaoirleach Chairde Ghaelcholáiste an Phiarsaigh
Nósanna imeachta nua frithbhulaíochta á bhfoilsiú ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D., do na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fad
Meán Fómhair 13, 2013
Éileofar ar scoileanna straitéisí oideachais agus coisc a bheith acu don chibearbhulaíocht.
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., nósanna imeachta nua frithbhulaíochta atá lena nglacadh agus lena gcur i bhfeidhm ag na 4,000 bhunscoil agus iar-bhunscoil ar fad. Tá na nósanna imeachta nua agus Ciorclán 0045/13 na Roinne a ghabhann leo foilsithe anois ar shuíomh gréasáin na Roinne ag http://edweb/en/Publications/Policy-Reports/Anti-Bullying-Procedures-for-Primary-and-Post-Primary-Schools.pdf
Forbraíodh na nósanna imeachta seo tar éis comhairlithe leis na comhpháirtithe cuí oideachais agus tá siad á gcur in ionad treoirlínte a eisíodh chuig na scoileanna i 1993. Cinneadh ar na nósanna imeachta seo mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar threoirlínte 1993 agus ar fheidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht a foilsíodh in Eanáir 2013.
De réir na nósanna imeachta nua ní mór go mbeadh an cosc ar an mbulaíocht ina chuid dhílis de pholasaí frithbhulaíochta scoile. Adúirt an tAire Quinn “bhí áthas air a fheiceáil go raibh fócas láidir sna nósanna imeachta ar straitéisí oideachais agus coisc chun déileáil le hiompraíocht bhulaíochta, go háirithe cibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe ar nós bulaíochta hómafóbaí agus trasfóbaí”.
Ní mór do gach scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt de réir na nósanna imeachta. Ní mór don scoil an polasaí a fhorbairt i gcomhairle leis na tuismitheoirí, na mic léinn, agus foireann na scoile ar fad, agus aidhm aici cultúr agus atmasféar dearfach scoile a chruthú atá cuimsitheach agus a ghlacann le tréithe éagsúla i measc na mac léinn.
I measc príomheilimintí na nósanna imeachta tá:
- Béim láidir ar iompraíocht bhulaíochta a chosc trí chultúragus atmasféar dearfach scoile a chothú agus a fhorbairt atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
- Cur chuige ag an scoil ar fad do chosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta agus do dhul i ngleic léi
- Riachtanas go gcloífeadh na scoileanna go léir leis an dteimpléad caighdeánaithe polasaí chun a bpolasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt
- Breis trédhearcachta do thuismitheoirí agus daltaí mar gheall ar an riachtanas ar scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile agus é a thabhairt do chumann na dtuismitheoirí
- Soiléiriú go n-áiríonn sainmhíniú na bulaíochta an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche)
- Leideanna praiticiúla faoin gcaoi le cultúr agus atmasféar dearfach scoile a thógáil atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
- Nósanna imeachta soiléire chun an bhulaíocht a iniúchadh, a thaifead agus a réiteach. Tá sé aibhsithe sna nósanna imeachta gurb é is aidhm go príomhdha leis an iniúchadh ar an mbulaíocht ná fadhbanna ar bith atá ann a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe i gceist a athbhunú sa mhéid gur féidir é (seachas an milleán a roinnt).
- Socruithe maoirseachta ar a n-áirítear Príomhoide na Scoile a bheith ag cur tuarascála rialta chuig an mBord Bainistíochta agus riachtanas ar an mBord athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochta na scoile agus ar fheidhmiú an pholasaí sin. Ní mór a dheimhniú do chumann na dtuismitheoirí go ndearnadh an t-athbhreithniú bliantúil agus an deimhniú sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile.
Tá riachtanas ar na scoileanna go léir tús a chur láithreach leis na socruithe cuí chun polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt a chloíonn go hiomlán le riachtanais na nósanna imeachta nua, agus glacadh go foirmeálta leis. Táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích ag gach scoil a luaithe is féidir sa scoilbhliain 2013/14 ach ar chaoi ar bith tráth nach déanaí ná deireadh an dara téarma den scoilbhliain 2013/14.
Dúirt an tAire Quinn go “soláthraíonn tabhairt isteach na nósanna imeachta an-deis chun dlús a chur leis an gcur chuige atá againn i leith an bhulaíocht a chosc agus a réiteach i scoileanna”. Dúirt sé freisin go bhfuil na nósanna imeachta scríofa i stíl atá áisiúil don úsáideoir, agus go ndíríonn siad i mbealach an-phraiticiúil ar an rud nach mór do na scoileanna a dhéanamh chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach. Is é an rud is bunúsaí ná na príomheilimintí a bheith ceart ar fud na 4,000 scoil ar fad. Is iomaí scoil a bhfuiltear á dhéanamh seo go maith inti cheana féin agus beidh na nósanna imeachta nua mar bhun agus mar thaca agus mar fheabhas breise ar an méid atá siad á dhéanamh cheana.
I gcás na scoileanna sin nach réitíonn fadhb na bulaíochta chomh maith céanna beidh na nósanna imeachta nua ina dteimpléad polasaí bulaíochta agus ina dtreoir phraiticiúil ina bhfuil leideanna le fáil i dtreo is go mbeidh sé soiléir dóibh céard tá le déanamh acu. Mar thoradh ar na tiomantais sa Phlean Aicsin um Bulaíocht, beidh Cigireacht na Roinne ag cur béime níos láidre ar na bearta nach mór do scoileanna a dhéanamh chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach.”
Ghabh an tAire Quinn a bhuíochas leis na comhpháirtithe éagsúla oideachais as an ionchur a bhí acu sna nósanna imeachta nua. D’admhaigh sé chomh maith an ról lárnach a bhí ag Teresa McNeill, Príomhoifigeach Cúnta ina Roinnse a d’oibrigh go dlúth leis na comhpháirtithe oideachais chun na nósanna imeachta seo a fhorbairt.
Tá na nósanna imeachta nua ceaptha chun treoir a thabhairt d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile maidir le cosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta scoil-bhunaithe i measc na ndaltaí agus maidir lena réiteach. Cabhróidh na nósanna imeachta leo chomh maith agus iad ag déileáil le droch-thionchar ar bith a bhíonn ag bulaíocht a tharlaíonn in áit eile ar dhaltaí agus iad ar scoil.
Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna aitheanta ar fad agus i leith lárionaid oideachais (mar a shainmhínítear san Acht Oideachais, 1998 iad) a bhfreastalaíonn daltaí faoi bhun 18 bliain d’aois orthu. Áit a fhónann scoil ar aosaigh leochaileacha beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na bhfoghlaimeoirí fásta sin chomh maith. Ní mór d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta seo nuair a bheidh siad ag déileáil le líomhaintí agus teagmhais bhulaíochta.
Sainmhínítear an bhulaíocht sna nósanna imeachta nua mar dhroch-iompraíocht nach dteastaíonn, bíodh sí ó bhéal, síceolaíoch nó fisiceach, atá ar siúl ag duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile agus a leantar leis thar thréimhse ama. Soiléirítear sna nósanna imeachta seo go n-áiríonn an sainmhíniú seo an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche).
€ 3.4M do Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta
Meán Fómhair 13, 2013
Tá pleananna fógartha inniu chun Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Cosnóidh an t-ionad seo, ina mbeidh achar de 1,400 méadar cearnach, suas le €3.4M.
San ionad nua, beidh oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo; Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh áiseanna nua don naíonra agus seirbhísí réamhscoile; spás oiliúna; agus trí aonad fiontraíochta de chuid an Údaráis. Tá sé beartaithe freisin go dtógfaí clós súgartha poiblí do pháistí ar an suíomh, atá lonnaithe ar imeall shráidbhaile an Bhuailtín.
Tá €1.74M curtha ar fáil don tionscadal ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá €500,000 curtha ar fáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, agus is iad Údarás na Gaeltachta a chuirfidh an fuílleach (€1.2M) ar fáil. Tá súil go mbeidh an obair fhorbartha curtha i gcrích faoi fhómhar na bliana seo chugainn.
D’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., roimh an fhorbairt, ag rá: “Beidh na seirbhísí tacaíochta teanga a bheidh ar fáil tríd an ionad forbartha seo de dhíth chun tacaíocht a thabhairt do Chorca Dhuibhne mar cheantar Gaeltachta. Léiríonn an fhorbairt seo cur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh an togra seo lárnach chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas pleanála teanga i gCorca Dhuibhne.”
Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Is togra iontach tábhachtach é seo do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus do pobal na háite. Déanfar freastal ar riachtanais thacaíochta teanga agus luath-oideachais agus cuirfear áiseanna nua-aimseartha oiliúna, fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fáil ar mhaithe le neartú agus buanú an phobail agus na Gaeilge sa cheantar”.
Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Údaráis go bhfuil ról lárnach ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus a chuid fochomhlachtaí i bhforbairt agus i mbuanú na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chomh maith le tionchar ollmhór acu ar an eacnamaíocht áitiúil. Dar le Ó Neachtain go gcuirfidh an fhorbairt seo le líon agus le caighdeán na seirbhísí a bheidh ar fáil sa cheantar, le hinmharthanacht phobail, le seirbhísí bun-riachtanacha agus le buanú agus deiseanna fostaíochta i gCorca Dhuibhne.
Foilsithe ar Gaelport.com
Béalscrúdú don TS níos coitianta in 2013
Meán Fómhair 12, 2013
Inné, cuireadh torthaí an Teastais Shóisearaigh ar fáil do dhaltaí scoile na tíre seo, agus dhírigh formhór an phlé sna meáin chumarsáide ó shin ar na hathruithe atá i ndán don Teastas Sóisearach amach anseo.
Rinne Gaelport.com anailís ar na figiúirí a cuireadh ar fáil ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit le feiceáil cén t-adhmaid a d’fhéadfaí a bhaint as na figiúirí seo ó thaobh na Gaeilge de.
Díolúine
Ag féachaint ar an nGaeilge mar chroí ábhar sa Teastas Sóisearach mar aon le Matamaitic agus Béarla, bheifeá ag súil go mbeadh líon na ndaltaí ag tabhairt faoin scrúdú mórán mar aon gcéanna don trí scrúdú sin.
I mbliana, thug 7,261 dalta níos mó faoin mBéarla mar ábhar don Teastas Sóisearach, ná mar a thug faoin nGaeilge.
Tá dhá chúis ar leith nach mbeadh dalta san áireamh sna figiúirí thuas don scrúdú Gaeilge; tá díolúine acu ón ábhar nó ní raibh siad i láthair ar lá an scrúduithe. Is féidir díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge a dheonadh ar dhalta sna cásanna seo:
• Dalta nach bhfuair a b(h)unoideachas i bPoblacht na hÉireann
• Daltaí a bhí ar an mbunscoil i bPoblacht na hÉireann ach a chaith tréimhse níos faide ná 3 bliana lasmuigh den Stát sular fhill siad ar an oideachas sa Stát agus iad os cionn 11 bliain d’aois um an dtaca sin.
• Daltaí le deacrachtaí foghlama nó míchumas intleachta
• Dalta ón iasacht nach bhfuil tuiscint ar bith aige/aici ar an mBéarla
Is ar an mbonn go bhfuil deacrachtaí foghlama ag an dalta an bealach is coitianta a fhaightear díolúine ón nGaeilge mar ábhar scoile. Nuair a scrúdaítear na figiúirí do theangacha Eorpa eile, (seachas an Ghaeilge nó an Béarla) feictear go bhfuil níos mó daltaí ag tabhairt faoi theangacha eile ná mar atá ag tabhairt faoin nGaeilge.
Is deacair a shamhlú gur féidir deacracht ar leith a bheith ag dalta leis an nGaeilge nach mbeadh acu le teangacha eile. An bhfuil an díolúine ón nGaeilge á húsáid go soiniciúil ag príomhoidí nó ag daltaí chun éalú ó cheann de na croí ábhar teagaisc?
An Béalscrúdú Roghnach
Bhí borradh suntasach le feiceáil i mbliana ar líon na ndaoine a thug faoin mbéalscrúdú roghnach ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. In 2013, thug 10,486 dalta (20.15%) faoin mbéalscrúdú, suas go mór ó 7,388 (14.5%) sa bhliain 2012. Le blianta beaga anuas, tá fás leanúnach tagtha ar líon na scoileanna a chur an béalscrúdú roghnach ar fáil dá ndaltaí mar a fheictear sa léaráid thíos:
Cé gurb iad Coimisiún na Scrúduithe Stáit a riarann an béalscrúdú don Ardteist, ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh, is faoin scoil féin atá sé an béalscrúdú a chur ar na daltaí scoile, agus is pointe teannais é seo i measc scoileanna na tíre. In ainneoin go bhfuil molta ag an ASTI agus ag an TUI do mhúinteoirí Gaeilge gan tabhairt faoin obair bhreise seo is léir go bhfuil líon na scoileanna atá ag cur an bhéaltriail ar fáil ag méadú go suntasach bliain ar bhliain le 5 bliana anuas toisc na marcanna breise atá ag dul don bhéalscrúdú anois ag leibhéal na hArdteiste.
Ábhair eile trí Ghaeilge
Ach oiread le blianta eile, thug tuairim is 2% de dhaltaí an Teastais Shóisearaigh i mbliana faoi ábhar eile, seachas An Ghaeilge, trí Ghaeilge.
Foilsithe ar Gaelport.com
Suíomh idirlín nua ag Gaelscoil Shliabh Rua
Meán Fómhair 12, 2013
Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín nua ceann de na scoileanna is nua sa tír – Gaelscoil Shliabh Rua. Tá éacht déanta ag foireann, tuismitheoirí agus daltaí na scoile ónar oscail sí ar an 29 Lúnasa agus guímis gach rath orthu.
Deireadh le maoiniú ESG Teo.
Meán Fómhair 11, 2013
Tá An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tar éis a chur in iúl do Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo nach mbeidh siad ag cur maoiniú ar fáil don Eagraíocht ó dheireadh mhí na Nollag ar aghaidh.
Tá impleachtaí fíor thromchúiseach anseo to thodhchaí na hEagraíochta. Tá Cruinniú Ginearálta Urghnách á ghairm ag Bord Stiúrthóirí ESG Teo. ar an 28ú Meán Fómhair 2013 in Óstán an Maldron, Gaillimh chun na himpleachtaí seo a phlé. Tabharfar cúlra mar aon le breis eolais faoi staid na hEagraíochta ag an gcruinniú seo.
Is iad baill na hEagraíochta a ghlacfaidh cinneadh faoi threo na hEagraíochta ag an gcruinniú seo. Feidhmíonn na Stiúrthóirí ar chinntí na mbaill.
Is í Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo an t-aon eagraíocht oideachais Gaeltachta atá ag feidhmiú ar an mbonn náisiúnta chun an t-oideachas Gaeltachta a chur chun cinn.
Stádas tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr
Meán Fómhair 11, 2013
Sheol an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Coláiste na hÉireann le déanaí, coláiste nua de chuid Gaelchultúr atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, mar aon le chéad chúrsa na hinstitiúide, Diplóma Iarchéime san Aistriúchán, leibhéal a naoi.
Ócáid speisialta a bhí ann. Tá foireann Gaelchultúr an-sásta leis an toradh atá faighte acu anois tar éis na hoibre crua ar fad atá déanta acu thar na blianta.
Bhí áthas ar an Choimisinéir Teanga bheith i láthair agus muinín aige go gcuirfeadh an cúrsa nua seo go mór le stádas na Gaeilge, ach dar leis go bhfuil go leor le déanamh fós ó thaobh stádas na teanga de;
“Tá muid ag crosbhóthar faoi láthair agus tréimhse fhíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Le linn na hócáide chomh maith bhronn an Coimisinéir Teanga Teastas sa Ghaeilge Ghairmiuil ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhain an cháilíocht sin amach le déanaí.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie