Príomhoide Iarbhunscoile
Eanáir 17, 2014
ATH-FHÓGAIRT
Fáilteoidh Bord Bainistíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe agus le taithí ar an bpost seo a leanas: PRÍOMHOIDE
Tuarastal: Cáilíochtaí, coinníollacha seirbhíse agus scála tuarastail i gcomhréir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Liúntas Príomhoide – Catagóir X1.
Is féidir foirmeacha iarratais agus breis sonraíochtaí poist a fháil ó Dhaibhéid Ó Laocha, f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin ag 091/874535, nó trí ríomhphost chuig enquiries@gretb.ie.
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) 4.00i.n., Dé Céadaoin, 22ú Eanáir, 2014.
Daibhéid Ó Laocha, Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta,
f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdháta, go ndícháileofar duine ar bith a dhéanann canbhasáil agus go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna an Bord Bainistíochta seo.
Foilsithe ar Gaelport.com
Feighlí linbh le Gaeilge
Eanáir 13, 2014
Feighlí linbh le Gaeilge á lorg agam le haire a thabhairt do chailín beag (bliain d’aois) ó mhí Bealtaine ar aghaidh. Is féidir aire a thabhairt di in ár dteach (in Ard Aidhin/Artane i mBaile Átha Cliath) nó i dteach an fheighlí sa cheantar timpeall. Táimid gar don DART i mBaile Hearmáin (Harmonstown) agus do bhusanna ar bhóthar Bhinn Éadair agus ar bhóthar Mhulach Íde.
Le tuilleadh eolais a fháil cuir glaoch orm le do thoil (Fionnuala): 085 1603798.
Stiúrthóir naíonra
Eanáir 13, 2014
Stiúrthóir naíonra ag teastáil do Naíonra Oiriall, 10 The Forge, Lann Léire, Co. Lú.
Post Sealadach atá ann chun saoire mháthreachais a chlúdach, ag tosnú mí Aibreáin 2014
Riachtanais:
• Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
• Scileanna cumarsáide láidre
• Ard chaighdéan Ghaeilge
• Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra (nó bheith sásta tabhairt faoi go luath)
• Cáilíochtaí cuí CDBO ag Leibhéal 5 nó 6 nó
• Céim sna Luathbhlianta
• Traenáil gharchabhrach
• Traenáil um chosaint leanaí
Iarratais le hainmneacha bheirt mholtóra chuig an seoladh thíos faoin Aoine, 21 Feabhra 2014, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig naionraoiriall@gmail.com
Tuilleadh eolais ó Aoife Ní Mhuineacháin: 086 8262547
Foilsithe ar Gaelport.com
Feighlí linbh á lorg i mBaile Átha Cliath
Eanáir 8, 2014
Feighlí linbh á lorg le haire a thabhairt do chailín beag 6 mhí d’aois i gceantar Ard Aidhin/Beaumont/Seantrabh.
Luan-Aoine, 8:00 – 3:30/4:00 ó dheireadh mhí Aibreáin 2014 ar aghaidh.
Duine le Gaeilge atá á lorg nó duine atá ag iarradh Gaeilge a fhoghlaim
D’fhéadfaí socruithe nó uaireanta solúbhta a chur i bhfeidhm sa samhradh (Iúil/Lúnasa).
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Mharie ag 086 1023 276 nó mariney@europe.com
Feighlí leanaí
Eanáir 6, 2014
Feighlí leanaí ag teastáil chun aire a thabhairt do leanbh os cionn bliana d’aois.
Bheadh an post seo feiliúnach do dhuine cineálta le Gaeilge agus taithí i gcúraim leanaí agus atá suite i gceantar Dhún Laoghaire – an Charraig Dhubh.
Tuilleadh eolais le fáil uaim ach glaoch ar 0866015725 – Má tá spéis agat ba bhreá liom cloisteáil uait!
Foilsithe ar Gaelport.com
Feighlí le Gaeilge
Nollaig 19, 2013
Duine cneasta le Gaeilge ag teastáil chun aire a thabhairt do chailín beag a bheidh bliain go leith ó mhí Eanair ar aghaidh. Is féidir aire a thabhairt di i dtigh an fheighlí nó inár dtighne.
Duine sa mhórcheantar a theastaíonn. Táimid gar don Dart i mBaile an Bhóthair agus an-gar do bhusanna 4, 7, 46A, 140, srl.
Socrú gearrthréimhseach ar dtús, fadthréimhseach má oireann an socrú don dá thaobh.
Bí i dteagmháil le beagán eolais fút féin – Glaoigh ar 0868289533.
Foilsithe ar Gaelport.com
Bainisteoirí á lorg
Nollaig 12, 2013
An bhfuil suim agat sa spóirt? An bhfuil suim agat sa Ghaeilge?! An bhfuil scileanna bainistíochta agat?!
Má tá, tá tú ag teastáil uainn!
Tá Gael-Champa ag leathnú timpeall na tíre agus táimid ag lorg bainisteoirí chun campaí samhraidh a eagrú agus a rith dúinn .
Má cheapann tú gur tusa an duine oiriúnach don phost seo, cuir glaoch ar ár mbainisteoir réigiúnda Helena @ 086 3737047.
Tuilleadh eolais www.gaelchampa.ie
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúntóirí Taighde
Nollaig 12, 2013
Tá Foclóir na Nua-Ghaeilge, tionscnamh taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, ag lorg iarratas do phoist mar Chúntóirí Taighde (3 phost), ar thionscadal maoinithe ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus Rialtas na hÉireann, faoin scéim deontas ar thionscadal taighde 2013.
An Tionscnamh
“Focail Fholaithe ón bhFichiú Aois – Bailiúcháin Neamhfhoilsithe den Ghaeilge Labhartha”
Tiomsófar na bailiúcháin chanúna neamhfhoilsithe seo i bhfoirm dhigiteach, ionas go mbeifear in ann corpas inchuardaithe a chruthú astu.
Cuideoidh an Cúntóir Taighde:
- Taighde a dhéanamh ar chanúintí na hÉireann
- Lámhscríbhinní a dhigitiú agus a phróiseáil
- Corpas ar líne a chruthú
Sonraíocht faoin bpearsa
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge
- Eolas ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge
- Spéis sa Ghaeilge agus sna daonnachtaí digiteacha
- Súil ghéar don chruinneas
- Ardscileanna ríomhaireachta
- Cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin
Tuilleadh Eolais: Beidh conradh sé mhí i gceist le gach post. Tá tuarastal €19,665 in aghaidh na bliana leis an bpost seo, (Scála d’iontrálaithe nua). Tá sonraí faoin bpost agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil ar www.ria.ie.
Spriocdháta: Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh Dé Luain 23 Nollaig 2013 ag 11am.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann
Foilsithe ar Gaelport.com
Múinteoir á lorg
Nollaig 12, 2013
Tá folúntas mar a leanas:
Colásite Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árann (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú láithreach.
Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:
Catherine Coyle, An Roinn Pearsanra, catherine.coyle@gretb.ie 091-874525
Foilsithe ar Gaelport.com
Comhordaitheoir ar Thionscadal Oidhreachta
Nollaig 10, 2013
Tá Comhordaitheoir Tionscadail de dhíth ar Choiste Forbartha Charn Tóchair fá choinne a dtionscadail oidhreachta “Samhlaigh”.
Is post 9 mí é seo, leis na 9 mí deiridh den tionscadal 3 bliana a chur i gcríoch.
Is tionscadal oidhreachta pobail é Samhlaigh, ina bhfuil obair leis an phobal áitiúil, saorálaithe, scoileanna áitiúla, ollscoileanna ann; agus ina gcuimsítear an comhshaol, seandálaíocht, an oidhreacht thógtha agus an Ghaeilge.
Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú agus as cur i bhfeidhm uile an tionscadail ó lá go lá. Ní mór a bheith ag an té sin:
– Bliain ar a laghad de thaithí oibre in earnáil na hoidhreachta
– Céim tríú leibhéil nó a comhionann
– Taithí i mbainistiú agus i riar tionscadail den chineál seo
– Leibhéal ard inniúlachta le ríomhairí agus taithí le córais CFG
Tá na critéir riachtanacha agus inmhianaithe ar fáil ach scríobh chuig:
Coiste Forbartha Charn Tóchair,
An Carn, T
ír Chiana,
Machaire Rátha,
Co. Dhoire
BT46 5NH
nó ar ríomhphost eolas@ancarn.org.
Ní mór foirmeacha iarratais bheith istigh faoi 12.00pm Dé hAoine 13 Nollaig 2013.
Tuarastal: thart ar STG £22,000 p.a. + ranníocaíocht phinsin.
Fostóir comhdheiseanna is ea Coiste Forbartha Charn Tóchair.
Foilsithe ar Gaelport.com