Méid an Téacs

‘Cuisle an Cheoil’ – Scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach

Iúil 1, 2013

Reáchtálfaidh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, an chéad scoil cheoil nua-aimseartha Gaelach do dhaltaí meánscoile.

Is é ‘Cuisle an Cheoil’ teideal na scoile agus beidh sí ar siúl ó 1 – 5 Iúil 2013 i gColáiste Feirste, Páirc Ard na bhFeá, Béal Feirste.

Beidh ard-ranganna ceoil ar siúl sa scoil trí mheán na Gaeilge, le ceoltóirí aitheanta mar aon le ceardlanna éagsúla ag díriú ar na gnéithe éagsúla de thionscal an cheoil. Beidh na ceardlanna seo ag díriú ar na gnéithe seo a leanas: margaíocht sna meáin shóisialta, innealtóireacht fhuaime, gnó sa cheol, na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis an tslí bheatha chomh maith le léiriúchán ceoil.

Tá an scoil seo dírithe ar pháistí meánscoile idir 11 agus 18 bliana d’aois a bhfuil Gaeilge acu. Cosnaíonn sé £10 do pháiste amháin, £15 do bheirt in aon chlann amháin nó £20 do thriúr as an gclann céanna.

Dar le Micheál Mac Giolla Gunna, Príomhoide Choláiste Feirste: ‘Tá sé d’aidhm ag Coláiste Feirste ár ndaoine óga a spreagadh le bheith ina mbaill bhríomhara de phobal na Gaeilge. Tá lúcháir orainn go mbeidh an deis iontach seo acu a gcuid scileanna agus tuisceana faoin cheol a chothú ar féidir leo a thabhairt don phobal mar lucht éisteachta agus mar chleachtóirí ceoil.’

Beidh na spásanna teoranta don scoil agus moltar do na daltaí clárú go luath. Is féidir clárú trí theagmháil a dhéanamh le Cormac in POBAL: ofe@pobal.org nó glaoch a chur ar: (0044) – (0)28-90438132.

Tionól Teagaisc 2013

Iúil 1, 2013

Ábhar ríméid don tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí a fhógairt go reáchtálfar an tríú Tionól Teagaisc (Comhdháil Náisiúnta do mhúinteoirí Gaeilge ag an Dara Leibhéal) i mbliana i gCorcaigh ar an Aoine, 8ú agus an Satharn, 9ú Samhain 2013.

Beidh an Tionól Teagaisc ag tosú ar 5i.n ar an Aoine agus ag críochnú in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh ar 5i.n ar an Satharn, 9 Samhain agus is é seo an tríú tionól dá shaghas. D’fhreastail suas le 400 múinteoirí Gaeilge ar an ócáid i nGaillimh anuraidh agus bíonn an tóir ar an ocsaíd seo ó mhúinteoirí dara Leibhéal ó fud fad na tíre. Arís eile, cuirfear réimse leathan ceardlann phraiticiúil ar fáil a sholáthróidh smaointe nua agus ábhar suimiúil gur féidir a úsáid láithreach sa seomra ranga Gaeilge. Múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu i ngné éigin de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge a bheidh ag cur na gceardlann seo i láthair, ag roinnt a gcuid taithí agus eolais. Beidh saineolaithe éagsúla ag labhairt, beidh líon mhór seastán ann agus beidh deis iontach ann bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.

Tuilleadh eolais: An tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, Ionad Oideachais Átha Luain, Bóthar Mhaigh Droma, Átha Luain, Co. na hIarmhí

Fón: 0906-420401 Rphost: oifig@muinteoirgaeilge.ie

Nó téigh chuig: www.muinteoirgaeilge.ie

Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg

Iúil 1, 2013

Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath ar 20-21 Meán Fómhair 2013.

‘ Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn. Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine.  Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’? Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.

Beárbaiciú dátheangach

Iúil 1, 2013

Beidh beárbaiciú dátheangach arna eagrú ag Gael-Taca ag 7i.n sa Bowery i gcathair Chorcaí  ar an Aoine 19 Iúil 2013.   Níos déanaí sa tráthnóna bronnfar Gradam Phádraig Uí Chuanacháin. Bronnfar an gradam seo ar an gComhlacht nó ar an nGnó is mó a chuireann an Ghaeilge chun cinn.   Bhí Pádraig Ó Chuanacháin i measc bunaitheoirí Ghael-Taca i 1987 agus bhí dlúthbhaint aige ag an am gcéanna le bunú gaelscoileanna i gcathair is i gcontae Chorcaí.   Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi ndeara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus ghríosaigh sé an lucht gnó chuige sin. Tháinig borradh is fás faoin nGaeilge ag an am, agus tá Gael-Taca ag leanúint sampla Phádraig ó shin. Costas: €15 chun dul isteach.

Ticéid ar fáil ó ionad Gael Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Cathair Chorcaí

Teil: 021 4310841

E: eolas@gael-taca.com

Suíomh Idirlín Gael-Taca Corcaigh : www.gael-taca.com

Teastas & Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Luimnigh

Iúil 1, 2013

Cuirfear tús le Teastas & Dioplóma sa Ghaeilge páirtaimseartha , Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh ar 11 Meán Fómhair 2013. Tionólfar na léachtaí agus na ceardlanna teanga gach Céadaoin idir 6.30-9.30 ar an gcampas.
Eagrófar ceardlanna Gaeltachta agus aoíchainteanna mar chuid den chlár teagaisc agus foghlama chomh maith.

Dírítear sa chúrsa ar réimse leathan d’ábhar a bhaineann leis an nGaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Déantar scileanna agus cumais teanga agus feasacht teanga agus cultúrtha na mac léinn a fhorbairt de réir a chéile sa chúrsa. Déantar freastal sa chlár ar riachtanais foghlama agus tacaíochta na bhfoghlaimeoirí fásta.

Oirfidh an cúrsa don té:

• a bhfuil fonn air/uirthi cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge a bhaint amach
• atá ag díriú ar phost a fháil in earnáil na Gaeilge
• atá ag iarraidh cur lena c(h)uid scileanna Gaeilge ina p(h)ost reatha

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhic léinn lánfhásta ach go háirithe. Tionólfar agallaimh trí Ghaeilge d’iarratasóirí ag deireadh mhí Lúnasa.

Eolas: www.ul.ie/aonadnagaeilge/dioploma nó Aonad na Gaeilge UL 061 234 754

« Previous Page