Méid an Téacs

Folúntas: Scoil Phobail Mhic Dara, Co. na Gaillimhe

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11092/

Folúntas: Gaelscoil Thomáis Daibhís, Corcaigh

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag:  http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19242/

Aonad um Sholáthar do Scoileanna

Nollaig 9, 2014

Is é an tAonad um Sholáthar do Scoileanna an lár-acmhainn tacaíochta a chuireann comhairle agus treoir ar fáil do na bunscoileanna agus do na hiar-bhunscoileanna uile maidir le haon cheist a bhaineann leis an soláthar.

Tugann sé cabhair phraiticiúil do scoileanna le cén chaoi ar féidir leo a gcuid próiseas agus cleachtas a fheabhsú ó thaobh an tsoláthair de.
Déanann sé cumarsáid shoiléir le foirne scoile, a chabhraíonn leo rochtain ar chonarthaí le haghaidh earraí agus seirbhísí ar idirbheartaíodh go lárnach iad ar son na scoileanna.

Cuireann an tAonad treoracha praiticiúla ar fáil do scoileanna freisin i ndáil le dea-chleachtas an tsoláthair d’fhonn cur ar a gcumas a gcuid oibleagáidí faoi dhlí an tsoláthair phoiblí a chomhlíonadh, laistigh de thimpeallacht soláthair chasta atá ag athrú.

Tá roinnt eolais agus foirmeacha chlárúcháin do:
– Chomórtas Leictreachais do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
– Chomórtas Gais do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna
ar fáil ar shuíomh inmheánach an Fhorais faoi ‘Soláthar do Scoileanna’.

Comórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta

Nollaig 9, 2014

Bhí an-rath ar Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta anuraidh agus tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh sé ar ais arís don scoilbhliain 2014/2015!

Tá comórtas na scoilbhliana seo urraithe ag Foras na Gaeilge agus beidh duaiseanna den scoth ar fáil.

Tugtar cuireadh do dhaltaí i mbunscoileanna agus i meánscoileanna an Fhorais páirt a glacadh sa chomórtas. An téama atá ann don scoilbhliain seo ná ‘Gaeloideachais do Chách’.

Tá cúig rannóg éagsúil ann agus tá fón cliste, Nintendo Wii, táibléid agus tuilleadh i measc na nduaiseanna a bhronnfar!

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas ealaíne anuraidh. Ghlac go leor scoileanna páirt agus bhí an caighdeán fíor ard go deo.
“Anuraidh bronnadh duaiseanna iontacha ar na buaiteoirí agus tá an áthas orainn i mbliana go bhfuil duaiseanna bhreá eile ar fáil. Táimid an-sásta go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh urraíocht ar an gcomórtas agus tá aiseolas an-dearfach faighte againn ó na scoileanna cheana féin.”

Is é an 6 Feabhra 2015 an sprioc d’iarratais. Fógrófar na buaiteoirí ag Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta ar 28 Feabhra 2015 sa Red Cow Moran Hotel. Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ar www.foras.ie

Folúntas: Gaelscoil Míde

Nollaig 4, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19234/

Folúntas: Múinteoir tíreolaíochta i gColáiste Feirste

Nollaig 4, 2014

Coláiste Feirste

Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste. Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta. Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don síorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann.

Múinteoir le Tíreolaíocht

(tréimhse mháithreachais le clúdach ó mhí Feabhra 2015)

Riachtanach:
• Múinteoir cáilithe
• In ann teagasc trí mheán na Gaeilge

Inmhianaithe
• Cáilíocht sa Tíreolaíocht
Forchoimeádann an painéal an ceart an critéar seo a mhéadú.

Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil, glaoitear ar:-

Coláiste Feirste
Guthán 028 90320707

nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist:-
rmhicanlia963@c2kni.net

Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste roimh:
3.00in 18 Nollaig 2014
Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste

Coláiste Feirste
Teach Ard na bhFeá
7 Páirc Radharc na bhFeá
Béal Feirste BT12 7PY
Fón: 028 90320707
Facs: 028 90324301
www.colaistefeirste.com

Gura slán an Gramascéal – Seimineár Gramadaí do Scoláirí Iarbhunscoile

Nollaig 2, 2014

Má tá an an t-eagrán gairid agat de Wingléacht, agus tá ceisteanna agat faoi beidh seans agat iad a chur ar an eagarthóir, Pól Ó Murchú, i rith mhí na Nollag seo. Beidh sé ar fáil le seimineár gramadaí a reáchtáil do scoláirí iarbhunscoile.

Chaith sé cúig bliana (2004–2009) ag déanamh na gramadaí don chláir a chruthaigh an ríomhchláraitheoir, Patrick Mulreaney. Tá an t-eagrán úd ar an margadh le seacht mbliana anois.

In 2009, luigh sé isteach ar thionscadal eile, is é sin, gramadach de réir na mBráithre Críostaí a chur i bhfoirm shoiléir don lucht léitheoireachta. Ar feadh trí bliana go leith, chaitheadh sé deich n-uaire an chloig, sé lá sa tseachtain, á dhéanamh siúd. De thairbhe na dianoibre, tháinig A Grammar of Modern Irish, An Annotated Guide to Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí ar an saol. Tá sé amuigh ó anuraidh agus le fáil ag an suíomh gréasáin, www.teangaleanga.com, agus ag siopaí leabhar ar fud an oileáin.

Más mian leat seimineá[i]r a chur ar siúl, déan teagmháil leis ag a sheoladh ríomhphoist:

polomurchu55@hotmail.com.

Tráthanna na gCeist faoi bhláth i gceantar Bhaile Átha an Rí

Nollaig 1, 2014

Reachtáil scoláirí Idirbhliana Choláiste an Eachréidh tráth na gceist idirscoile inniu, an 1ú Nollaig, dírithe ar dhaltaí ó ghaelscoileanna an cheantair. Ghlac breis is 300 dalta páirt san ócáid thaitneamhach spraíúil seo a n-eagraítear go bliantúil. Is é an múinteoir Seán Ó Briain a stiúir an lá.

An mhí seo caite, d’eagraigh Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge tráth na gceist idirscoile do scoláirí iar-bhunscoile i gColáiste an Eachréidh féin. Bhí scór boird in iomaíocht le chéile chun dul ar aghaidh chuig Craobh Thráth na gCeist Feachtas 2015. Bhain gach duine an-taitneamh as an oíche.

TráthnaG3

TráthnaG2

TráthnaG

An Brat Buí bronnta ar Ghaelscoil Riabhach arís.

Nollaig 1, 2014

Tionscnamh comhionnanais agus ilíochta é An Brat Buí atá dírithe ar scoileanna a chuireann chun cinn agus a spreagann timpeallacht idirchultúrach.

D’éirigh le Gaelscoil Riabhach i nGaillimh athnuachan a dhéanamh ar an tionscnamh sa scoil acusan i mbliana. Comhghairdeas leo!!

gs_riabhach

Comórtas aistrúcháin do scoláirí iarbhunscoile

Nollaig 1, 2014

Beidh seans ag scoláirí iarbhunscoile €200 a bhunachan trí dhán Gaeilge a aistriú go Béarla.

Tuilleadh eolais ar fáil ag: http://translationhistory.nuigalway.ie/

« Previous PageNext Page »