Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil na Ríthe

Meitheamh 24, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Oscailt oifigiúil Naíscoil Bheann Mhadagáin

Meitheamh 24, 2014

Tháinig slua mór le chéile i dtuaisceart Bhéal Feirste le foirgneamh úr Naíscoil Bheann Mhadagáin a oscailt ar na mallaibh.

Tá an fhorbairt seo idir lámha acu le roinnt blianta anuas agus anois tá dea-thoradh bainte amach acu do phobal thuaisceart Bhéal Feirste agus don aos óg fán cheantar.

Labhair Tarlach Mac Giolla Bhríde faoin tábhacht a bhaineann lena leithéid d’ionad agus dúirt nach raibh ach an tús. Beidh siad ag tógáil bunscoil úr ar an suíomh céanna, chomh maith le seomraí feistis don club CLG áitúil.

Tá anois níos mó ná daichead naíscoil lán-Ghaelach foscailte ar fud na sé chontae agus bhí lúchair ar thuismitheoirí pháistí na naíscoile faoi na háiseanna den scoth atá ag a bpáistí.

Chuir Máire Uí Éigeartaigh, atá ina Príomhóide ar an scoil, béim mhór ar an tráidisiún láidir Gaeilge a bhí i gcónaí beo sa cheantar.

Tá sí anois sásta go mbeidh Naíscoil Bheann Mhadagáin agus an t-ionad úr seo ábalta an traidisiún seo a chothú do na glúnta le teacht.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Fourth Green Flag Awarded To Swords School

Meitheamh 24, 2014

The staff and pupils at Gaelscoil Bhrian Boroimhe in Swords were very excited to be raising their 4th Green flag last week, with local Councillor Darragh Butler (FF), representing the County Mayor at the ceremony.

Niamh Ní Ghrifín from the green schools committee told the County Leader about the hard work that went in to receiving their flag: “We were awarded this flag during a lovely celebration held by An Taisce in the Helix and are extremely proud of this achievement,” she said, happily. “We have held regular events such as ‘Bling your Bike’, daily travel surveys, ‘Design a Helmet’ events, art competitions, eco shoe competitions, ‘Golden Boot’ awards, road safety lessons, thematic walks to school, National Walk to School Week and much more.”

“Just last week, we participated in a national Cycle to School day,” she continued. “Over 100 children cycled to school with their parents and many more decided to walk. We would like to thank Sandra Pokrant, An Tasice’s Green schools travel education officer, for all her help during the last two years. A very special thanks has to go to the children’s parents and the staff of Gaelscoil Bhrian Boroimhe, who have helped run and participated in each of these events (no matter what the weather), as well as the County Council for all their support,” Niamh concluded.

www.northcountyleader.ie

Nuachtlitir an Fhorais Phátrúnachta Mí an Mheithimh

Meitheamh 23, 2014

Nuachtlitir ar líne anseo.

Folúntas: Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Meitheamh 23, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Gaeltacht scholarships for Realt na Mara pupils

Meitheamh 23, 2014

Sixteen lucky primary school pupils from Scoil Náisiúnta Réalt na Mara have chosen Pobalcholáiste Chú Chulainn and Gaelcholáiste Chúchulainn as their respective secondary schools, which they will progress to in September this year.

The pupils have been enjoying a Tús Maith preparation programme which aims to make the transition between primary and secondary school an easy and enjoyable experience.

Last week Deirdre Uí Liatháin, Príomhoide of both schools together with Mícheál Ó Coillte, stiúrthóir of Gaelcholáiste Chú Chulainn joined Mr. Mc Caul Príomhoide of Scoil Náisiúnta Réalt na Mara, Bn. Uí Chiaráin, Club na Gaeilge, sixth class teachers, Miss Mc Ateer and Mrs Callen and the sixth class graduates to Scoileanna Chú Chulainn at a coffee morning in Scoil Náisiúnta Réalt na Mara to celebrate and commend a group of eight students from fifth and sixth class in Scoil Náisiúnta Réalt na Mara who have won scholarships to the Gaeltacht.

The lucky recipients will spend one week in Coláiste Aoidh Mhic Bhricne in Teileann, Co Donegal at the beginning of July.

The school would like to thank sponsors Tomás Ó Searcaigh, Maria Doyle, Oliver Morgan, Marianne Butler and of course the school’s own Club na Gaeilge for their generosity.

This year Pobalcholáiste Chú Chulainn will open its doors to the inaugural group of first years, a momentous moment in local history.

Dundalk Democrat

In pictures: Gaelscoil Uí Néill perform Wizard of Oz

Meitheamh 23, 2014

Tyrone Times

Folúntas: Gaelscoil de hÍde

Meitheamh 23, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Scoil Gharbháin

Meitheamh 20, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Suíomh gréasáin nua Scoilnet, lena n-éascófar comhroinnt acmhainní múinteoireachta agus foghlama i measc múinteoirí, á lainseáil ag an Aire Quinn

Meitheamh 20, 2014

Táthar tar éis athchóiriú a dhéanamh ar thairseach oideachais na Roinne Oideachais agus Scileanna, Scoilnet.ie, chun ligint do mhúinteoirí a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chomhroinnt agus a uaslódáil. Go nuige seo, ní raibh i Scoilnet ach suíomh gréasáin do thomhailt amháin, a chuireadh úsáideoirí ar aghaidh chuig ábhar eile ar líne, gan áis idirghníomhach ar bith aige féin.

Anois is féidir le múinteoir cláraithe bunscoile nó iar-bhunscoile ar bith a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chur san áireamh agus iad a mhapáil do churaclam na hÉireann.

Ag lainseáil Scoilnet nuashonraithe dó, mhisnigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. múinteoirí chun comhroinnt a dhéanamh agus cur leis an suíomh tríd an uirlis “Resource Finder”.

“Deis iontach é seo do mhúinteoirí cláraithe bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann chun acmhainní múinteoireachta a chruthú agus a chomhroinnt. Tá fhios againn go bhfuil fonn ar mhúinteoirí na hÉireann acmhainní digiteacha a úsáid agus a chomhroinnt agus mar fhianaise air sin tá an líon múinteoirí as Éirinn a thugann cuairt ar acmhainní ar nós suíomh gréasáin an Times Education Supplement,” adúirt an tAire Quinn.

“Bíodh is gur sáracmhainn é seo do mhúinteoirí, tá de bhuntáiste bhreise ag Scoilnet go bhfuil inneachar ann a bhaineann go sainiúil le curaclam na hÉireann. Fáiltím chomh maith roimh na hacmhainní ann dár nGaelscoileanna agus Scoileanna sa Ghaeltacht. Mhisneoinn múinteoirí chun acmhainní a chomhroinnt i measc a bpiaraí.”

Ina theannta sin, tá ceadúnú Creative Commons curtha i bhfeidhm ag an suíomh gréasáin i dtreo is go gcuirfear ar fáil, áit gur féidir é, acmhainní uaslódáilte mar
Open Educational Resources (OER).

I measc príomhghnéithe an tsuímh gréasáin nua tá:

  • Tacaítear agus misnítear le múinteoirí chun a gcuid acmhainní múinteoireachta agus foghlama féin a chomhroinnt agus a uaslódáil ar an suíomh gréasáin.
  • Tá na hacmhainní go léir ar Scoilnet mapáilte go díreach ar churaclam na hÉireann, buntáiste shuntasach do mhúinteoirí na hÉireann a bhíonn go minic ag iarraidh curaclaim dlínsí eile ar nós an RA agus SAM a oibriú amach agus iad ag cuardach ábhar ar líne.
  • Tá áis chuardaigh eochairfhocail bhreisithe ann chun acmhainní a aimsiú agus na torthaí a bheachtú de réir leibhéil nó ábhair nó snáithe de churaclam.
  • Is féidir le múinteoirí agus le seirbhísí tacaíochta eolas úsáideach cáilíochtúil ar nós “moltaí faoi úsáid ” a chur leis na hacmhainní uaslódáilte.
  • Is féidir le múinteoirí sonraí “caighdeáin” a chur le hacmhainní ag úsáid uirlisí dóibh e.g. rátáil réalta, ceanáin, líon comhranna, etc. rud a chiallaíonn go bunúsach go mbíonn na huirlisí ag múinteoirí chun caighdeán na n-acmhainní a mheasúnú iad féin.
  • Tacaíonn Scoilnet le huaslódáil acmhainní ilteangacha agus fáiltítear ach go háirithe roimh acmhainní ó mhúinteoirí atá ag obair i nGaelscoileanna agus scoileanna sa Ghaeltacht.
  • Misnítear le húsáid ceadúnas Creative Commons ar acmhainní uaslódáilte chun a chinntiú go mbíonn na roghanna d’úsáid (agus athúsáid) acmhainní soiléir.
  • Ní ceadaithe d’aon duine ach do mhúinteoirí amháin acmhainní a chur leis an suíomh gréasáin nua Scoilnet. Is tábhachtach an sás chun an caighdeán a rialú é seo mar is ag múinteoirí na hÉireann is fearr atá fios céard a oibríonn i rangsheomraí na hÉireann.

Cuimsíonn Scoilnet.ie bunachar sonraí de bhreis is 11,000 acmhainn ar líne ar a n-áirítear suíomhanna gréasáin, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/closáin, cluichí agus ilmheáin eile.

Úsáideann múinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile na hÉireann Scoilnet.ie go gníomhach. In 2013, taifeadadh 1.66m cuairt. Ar an mórchóir, tá sé de nós ag múinteoirí bunscoile an suíomh a úsáid níos mó ná múinteoirí iar-bhunscoile, de choimheas 2:1.

Beidh Scoilnet ag bogadh in 2014 i dtreo comhthadhall a dhéanamh le ranna eile Rialtais agus le heagraíochtaí eile de chuid na hearnála poiblí a tháirgeann acmhainní oideachasúla do mhúinteoirí agus scoileanna chun a chinntiú go mbíonn a n-ábhair go léir curtha san áireamh nó tagairtí tugtha dóibh ar an suíomh. Is den tábhacht é a chinntiú go mbíonn gach ábhar oideachasúil atá arna mhaoiniú go poiblí éasca le haimsiú agus éasca le hamharc air i gcomhthéacs an churaclaim.

Cuirfidh an tSeirbhís Forbartha Gairmiúla do Mhúinteoirí, Teichneolaíocht san Oideachas, deiseanna foghlama ar fáil do mhúinteoirí maidir le gach gné de Scoilnet a úsáid. Déanfar é seo ar gach cúrsa samhraidh 2014 de chuid na Seirbhíse. Beidh croí-mhodúl Scoilnet, mar aon le ceardlanna tiomnaithe faoi úsáid Scoilnet, san áireamh chomh maith i ngach cúrsa scoilbhliana agus gach ceardlann a bheidh arna gceapadh agus arna seachadadh ag an tSeirbhís tríd an líonra Lárionad Oideachais.

www.education.ie

« Previous PageNext Page »