Méid an Téacs

Aire Nua Oideachais Ceaptha

Bealtaine 8, 2008

Focal Comhghairdeas ó GAELSCOILEANNA TEO.

Déanann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas leis an an Teachta Dála, Batt O’Keeffe ar a cheapachán mar Aire Oideachais agus Eolaíochta. Is as Corcaigh don Aire nua Oideachais, an ceantar is láidre gaelscolaíochta sa tír. Cuirimid fáilte roimhe agus é ag tabhairt faoin bpost úr dúshlánach atá roimhe.

Leis an gceapachán seo, leathnaítear an deis amach romhainn súil úr a chaitheamh ar na saincheisteanna agus na hábhair is mó imní in earnáil an oideachais agus in earnáil na gaelscolaíochta. Áirítear i measc na saincheisteanna seo géarchéim an luath-thumoideachais, méid ranganna, deontais caipitíochta, uathachas, pleanáil straitéiseach sa soláthar oideachais, agus eile.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na hEagraíochta, “Tá deis iontach againn anois idirphlé straitéiseach a dhéanamh leis an Aire O’Keeffe faoi thábhacht cosaint an chórais luath-thumoideachais, faoi riachtanais cóiríochta na scoileanna lán-Ghaeilge agus faoi fhorbairt na tacaíochtaí uile riachtanacha in earnáil na gaelscolaíochta.  Le dea-thoil, feasacht dhoimhin ar shainriachtanais na hearnála agus cur chuige comhoibritheach, táimid an-dóchasach go rachfaidh earnáil na gaelscolaíochta ó neart go neart faoi chúram an Aire nua.”

Tagann an tAire O’ Keeffe i gcomharbhacht ar an Aire Hanafin a d’oibrigh go díograiseach le linn a tréimhse sa phunann oideachais. Guímid gach rath uirthi agus í ag tabhairt faoi dhúshláin nua sa Roinn Leasa Shóisialaigh.

Déanann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas ar leith leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD as an ath-cheapachán.  D’fháiltigh Mícheál Ó Broin, Uachtarán na hEagraíochta roimh an leanúnachais seo nuair a deir sé “fáiltím go mór roimh na deiseanna atá ann níos mó comhoibrithe tras-rannach a eascróidh as don earnáil. Ábhar dóchais agus spreagtha é ceapachán an Taoisigh nua, a léiríonn an-tuiscint agus meas ar shainriachtanais earnáil na gaelscolaíochta agus na Gaeilge i gcoitinne.”

Guíonn an eagraíocht gach rath ar an Taoiseach nua agus é ag stiúradh na comh-aireachta nua. I bhfocail uí Ghréacháin, “Táimid cinnte go dtabharfaidh an Rialtas nua faoi na dúshláin le díograis, lán-chumas agus i spiorad na compháirtíochta.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.  Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil ag cur oideachais lánGhaeilge ar fáil faoi láthair.

Tuilleadh eolais:

Oifig GAELSCOILEANNA TEO.:-    01 4773155

Mícheál Ó Broin:-                                087-9467700

oifig@gaelscoileanna.ie        

CRÍOCH