Méid an Téacs

An Plean Straitéiseach ag díriú ar bhunú scoileanna nua, tacú le scoileanna fad-bhunaithe & teagmháil a dhéanamh leis na pobail áitiúla

Samhain 17, 2008

 

De hAoine, 14 Samhain, 2008 – 1100

 

AN PLEAN STRAITÉISEACH AG DÍRIÚ AR BHUNÚ SCOILEANNA NUA, TACÚ LE SCOILEANNA FAD-BHUNAITHE AGUS TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LEIS NA POBAIL ÁITIÚLA

 

D’fhoilsigh GAELSCOILEANNA TEO. ‘Plean Straitéiseach 2008-2011′ inniu.  Is ag Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais na heagraíochta i mBaile an Bhiataigh, Co na Mí a seoladh an plean le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

 

Bealach chun cinn atá sa Phlean Straitéiseach i dtreo soláthair beartaithe do bhreis agus 20 bunscoil agus 10 n-iar-bhunscoil lán-Ghaeilge faoi 2013.  Anuas air seo, molann sé réimse beart chun cur le rath an 140 scoil lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus 39 ag an iar-bhunleibhéal sna 26 contae lasmuigh de na ceantair Gaeltachta ar bhonn gearrthréimhseach agus fadtréimhseach.  Cuimsíonn an tríú ghné den phlean moltaí inar féidir leis na scoileanna dul i bhfeidhm ar an bpobal áitiúil chun an cultúr agus teanga i measc an phobail a chothú.  

"Seasann fás an oideachais lán-Ghaeilge mar thiomna don éileamh agus don tacaíocht a léiríonn daoine sa phobal", a dúirt Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO., Mícheál Ó Broin.  "Léiríonn an plean a foilsíodh inniu na haidhmeanna atá le comhlíonadh ag an scoilphobal lán-Ghaeilge chun an díograis atá mar bhunchloch na scoileanna lán-Ghaeilge a chothú agus a fhorbairt."

 

"Tá dúshláin roimh an earnáil oideachais mar atá roimh na sochaí i gcoitinne. Seasaimid do thodhchaí na bpáistí nach bhfuil guth díreach acu féin.  Agus an sprioc seo á bhaint amach, caithfimid a bheith soiléir faoin a bhfuil le déanamh chun an t-oideachas is fearr a sholáthar do ghlúin an lae inniu agus do ghlúin an lae amárach."

 

"Is é an fís atá leagtha amach againn sa Phlean Straitéiseah ná gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre maraon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú."

 

"Sonraíonn an Plean Straitéiseach seo na céimeanna atá le glacadh againn chun fócas a thabhairt d’fhíorú na físe seo."

 

Críoch

 

Le haghaidh eolais sa bhreis nó chun agallamh le Mícheál Ó Broin a shocrú

 

Rob Hartnett

Stiúrthóir, Hartnett McClure PR ar (086) 3851955