Ceithre ghaelscoil nua aitheanta ag an Roinn Oideachais do 2012 agus 2013
Márta 7, 2012
“As 16 bhunscoil nua bheartaithe ar fud fad na tíre do 2012 agus 2013, fáiltímid roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD inné go mbeidh ceithre Ghaelscoil ina measc”, a deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair. “Is cinneadh dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar son oideachais lán-Ghaeilge. Deimhníonn an dul chun cinn seo gur mian an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail agus go leanann an fás, an fhorbairt agus an t-éileamh ar bhonn leanúnach.”
Is iad na ceantair ina mbeidh Gaelscoil nua ann ná:
- Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Osclóidh Gaelscoil an Chuilinn i Meán Fómhair 2012. * Féach nóta thíos faoi conas clárú leis an scoil nua seo.
- Teach na Giúise/An tSeanbhábhún, Meán Fómhair 2013
- An Chéim, Baile Átha Cliath 18, Meán Fómhair 2013
Osclófar an trí scoil thuas faoi phátrúnacht an Fhoras Pátrúnachta
Osclófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh Meán Fómhair 2013, ach an phátrúnacht le socrú. De réir córais nua na Roinne, is í an Roinn a aithníonn na ceantair a dhéanfar soláthar nua a bhunú ann. Is córas é seo a bhaineann áfach ón bpróiseas daonlathach. Sa phróiseas aitheantais seo, níor tugadh aitheantas do na hiarratais eile ar ghaelscoileanna nua i gceantair fáis timpeall na tíre, ach go háirithe i gCill Dara, áit nach bhfuil an ghaelscoil áitiúil in ann freastal ar an éileamh ollmhór ar an ngaelscolaíocht. Thug an Roinn aitheantas áirithe don éileamh seo, agus tá dóchas ann go mbunófar gaelscoil ann i 2014.
I bhfocail Ardfheidhmeannaigh na heagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin, “cé go n-aithnímid gur toradh dearfach é fógra an lae inné ar dhianobair na gcoistí bunaithe áitiúla agus ar an gcomhoibriú idir na páirtnéir uile sa phróiseas, tá laigí sa chóras sa mhéid is nach bhfuil aitheantas ann don éileamh lasmuigh de na ceantair a aithníonn an Roinn, go háirithe ceantair nach bhfuil an daonra ag fás go mór ann. Fágann sé seo pobail gan rochtain ar a rogha oideachais dá bpáistí. Cruthaíonn sé dúshlán dúinn misneach na bpobal a spreagadh agus a chothú nuair nach bhfuil cinnteacht dá laghad ann dóibh. É sin ráite, creidimid go láidir go bhfuil fíor-thábhacht le guth agus mian an phobail, agus leanfaimid orainn mar eagraíocht ag tabhairt tacaíocht do na gaelscoileanna ar fad sa tír agus dóibh siúd atá ag iarraidh iad a bhunú.”
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
*Féadfar clárú le Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad do Mheán Fómhair 2012 trí glaoch a chur ar 086 3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com.
Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535195 Ríomhphost: blathnaid@gaelscoileanna.ie
Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 6290667 Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com