Méid an Téacs

Cill Chainnigh Ainmnithe mar Óstbhaile do Chomhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais 2009

Iúil 1, 2008

I bhfianaise go bhfuil fás as cuimse san éileamh ar an ngaeloideachas i mbaile Chill Chainnigh le blianta beaga anuas, is cúis áthais do GAELSCOILEANNA TEO. a fhógairt gur roghnaíodh baile Chill Chainnigh mar óstbhaile do Chomhdháil Bhliantúil agus Comhdháil Oideachais 2009. Socraíodh go reáchtálfar an Chomhdháil thuasluaite san óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 20ú agus an 21ú Samhain 2009.

Tá na pleananna ag dul ar aghaidh leis an dara bhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i mBaile Chill Chainnigh agus d’fháiltigh coiste bunaithe nua-cheapaithe na scoile seo go mór leis an nuacht. Dar le Rúnaí an choiste, Eimear Ní Laoí, ‘Agus muid ag obair i dtreo Mheán Fómhair 2009 mar dháta oscailte don bhunscoil lán-Ghaeilge nua, fáiltíonn an coiste bunaithe go mór roimh rogha GAELSCOILEANNA TEO. an Chomhdháil Bhliantúil a thabhairt go Cill Chainnigh i 2009. Tuigimid gur ócáid thábhachtach do bhaile Chill Chainnigh í seo a thógfaidh tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí ó ghaelscoileanna na tíre le chéile’.

Bhuail baill ón gcoiste bunaithe le baill ó Bhord Stiúrtha GAELSCOILEANNA TEO. san Óstán Ormonde, Cill Chainnigh ar an 28ú Meitheamh chun an ghné phraiticiúil de bhunú scoile a phlé.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 169 bunscoil agus 43 iar-bhunscoil lasmuigh den Ghaeltacht ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

CRÍOCH.

Tuilleadh eolais: Clare Walsh clare@gaelscoileanna.ie, +35314773158 / +353 86-373 1908.