Méid an Téacs

Cuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!

Meán Fómhair 29, 2016

o

An bhfuil paisean agat don amhránaíocht, don scéalaíocht, don damhsa, dár n-oidhreacht?? Má tá, ar mhaith leat a bheith mar chara leis an Oireachtas? Tá sé mar sprioc againn 100 chara nua a mhealladh roimh mheán oíche, 30 Meán Fómhair 2016. Cláraigh linn roimhe sin chun an leas is fearr a bhaint as na buntáistí atá ar fáil. Cabhraigh linn ár scéalta féin a chruthú agus stampa a chur ar obair na heagraíochta mar a rinne ár sinsearaí romhainn. Grá don Teanga, Grá don chultúr!

 Níl ort ach €100 a íoc do na buntáistí a leanas:

  • Crannchur speisialta do lóistín deireadh seachtaine ag Oireachtas na Samhna;
  • Oll-thicéad na Féile;
  • Clár na Féile;
  • Aitheantas i gclár na féile;
  • Nuachtlitir rialta ón Oireachtas leis na scéalta is déanaí;
  • Lacáistí ar thicéid d’ imeachtaí eile an Oireachtais.

Cláraigh linn ar: http://www.antoireachtas.ie/an-toireachtas/sintius.html.

Glac lenár gcuireadh chun cairdis! Tacaigh linn! Tar linn! Bí linn!