Deireadh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe agus Aitheantas do Riachtanais Earnáil na Gaelscolaíochta
Iúil 3, 2012
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. fáilte roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe a bhí beartaithe d’eagrais na hearnála. Cinneadh ciallmhar agus riachtanach a bhí ann gan leanúint le punann de scéimeanna iomaíocha de réir catagóirí éagsúla a bhí beartaithe in áit bunmhaoiniú d’eagrais fadbhunaithe atá ag treabhadh goirt na hearnála chun leasa na Gaeilge le blianta fada.
Tugann an cinneadh seo aitheantas do thábhacht ghuth comhaontaithe na hearnála chun seirbhísí tábhachtacha a chinntiú do phobal na Gaeilge. Aithnítear gur den riachtanas é múnla nua a fhorbairt a thógann ar láidreachtaí na hearnála, a thógann moltaí agus na tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin san áireamh agus a thógann ar na mór-fhorbairtí in earnáil na Gaeilge, eadhon an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus An Bille Gaeltachta. Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh an deis leanúint leis an gcomhoibriú riachtanach idir na heagraíochtaí Gaeilge sna míonna romhainn agus le Foras na Gaeilge lena chinntiú go mbainfear an toradh is éifeachtaí agus is éifeachtúla amach sa phróiseas anailíse agus forbartha nua.
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. buíochas mór leis na scoileanna agus le pobail uile na scoileanna a léirigh a gcuid tuairimí le linn an phróisis comhairliúcháin. Beimid ag súil go mór le bhur n-ionchur sa tréimhse romhainn ar mhaithe le láidriú earnáil an oideachais lán-Ghaeilge.