Méid an Téacs

Deis do dhuine ó Mhaigh Eo obair i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir

Iúil 12, 2013

Turas go Ceanada i mí Lúnasa … íocfar do bhealach ach seachtain teagaisc a dhéanamh … seo deis iontach don té atá in ann seachtain bhreise nó coicís fiú a chaitheamh thall (má iarrann tú sin).

Tá Gnó Mhaigh Eo agus Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ag cur deis ar fáil do dhuine ó Mhaigh Eo nó duine a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo taisteal go Ceanada chun obair mar mhúinteoir ann le linn an chúrsa samhraidh a bhíonn acu ón 11-18 Lúnasa, íocfar costaisí taistil agus lóistín.

Tá Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir suite in Tamworth Ontario agus osclaíodh í ar an 16 Meitheamh 2007 nuair a shocraigh dream daoine a raibh grá ollmhór acu don Ghaeilge talamh a cheannach chun Gaeltacht a bhunú. An phríomhaidhm a bhí acu ná go mbeadh ceantar acu ina labhrófaí an Ghaeilge mar theanga phobail agus go mbeadh na traidisiúin Ghaelacha uilig beo beathach ann. 

Freastalaíonn gach saghas duine ar an nGaeltacht seo, idir dhaoine arb as Éirinn a sinsir agus dhaoine nach bhfuil baint ar bith acu leis an tír seo ach go bhfuil suim ollmhór acu sa Ghaeilge agus i dtraidisiúin na hÉireann. Déanann Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir iarracht na daltaí uilig a thumadh i chuile ghné den traidisiún Gaelach: an teanga, cúrsaí spóirt, damhsa, ceol, bia, piseoga, agus solathraíonn siad ranganna agus ceardlanna sna hábhair seo uilig i rith na gcúrsaí samhraidh.

Tá naisc láidir idir Mhaigh Eo agus Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ag obair as láimh a chéile le blianta anuas, le múinteoirí ó Mhaigh Eo ag múineadh ann le trí bliana anuas, agus baill den Ghaeltacht ag freastal ar imeachtaí i Maigh Eo. Chaith duine amháin acu sé seachtaine ag foghlaim na Gaeilge i gCeathrú Thaidhg cúpla bliain ó shin, agus i mbliana chaith duine eile acu trí seachtaine i dTuar Mhic Éadaigh.

Má tá tú os cionn 21, Gaeilge líofa agat , taithí múinteoireachta agus taithí d’eagrú imeachtaí spraoiúla agus más maith leat páirt a ghlacadh i nGaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir 2013, seol do CV chugainn le litir ag cur in iúl cén fáth gur chóir tusa a chur chuig Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir i mbliana chuig gno@gnomhaigheo.ie roimh 5.00i.n. Dé hAoine 19ú Iúil.

Gaeilge Locha Riach

091 870718 | oifig@lochariach.com | www.lochariach.com